Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Filidheacht. Donnchadh Ó Baoighill.
Title
Filidheacht. Donnchadh Ó Baoighill.
Author(s)
Mac Niallghuis, Eóin Óg,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
DONNCHADH O BAOIGHILL. Eóin óg Mac Niallghuis cct. A Dhonnchaidh Uí Bhaoighill, 'Sé mo léan thú 'do luighe, 'S go bhfuil an baile seo gan chaoi ó d'éag tú, 'S gur i n-aice le do chroidhe Budh mhaith liom a bheith 'mo luighe, Nó go n-aithriseachainn 'gois íseal mo sgéal duit; Acht seanfhocal, 's is fíor, Chluinim ag gach aon, Gur'b é an fear is fheárr gnaoi bheireas saoghal leis. Nach feárr a bheith mar 'tchím I bhflaitheas ag na naoimh 'Ná faoi chosaibh Gall ag díol cíos leo gach aon lá? Cia sheasfas i n-ár gcás I n-am troda 'ná i n-am spáirn, S a rí, god a dheánfas muid do do dhíogh- bháil? Codladh, ó, go sáimh Ar leabaidh chlúimh ní fhághaim, Acht ag osnuighil ag-os árd agus ag síor ghul! Cluinim fhéin gáir Ag fir agus ag mnáibh 'S iad ag fiafraidhe cá an áit innseo i mbíonn tú; 'S a' ghealach a bhí bán, Tá sí anois comh dubh le smál, 'S mo mhallacht-sa ar a' bhás a bhain díom thú. Chonncas damh fhéin Gur dhanardha an gníomh, Nuair nár labhair tú ag-ois íseal indé liom, 'S go deacha mise síos Ar fad go hInis Caoil Fá Nodlaic mar beas aoibh ar ghach éinneach; Labhair mé go caoidheamhail Leis an leic a rabh tú faoi Go rabh an arraingthe do mo chlaoidh 's do mo ghéaradh; Acht creidim-sa, 's is fíor, Gur bhlais tusa braon De'n deoch dhearmaid bhíodh ag Fiannaibh Éireann. 'S ar philleadh damh-sa aníos, Is lag athtuirseach a bhím, - Ní fheicfidh mé thú choidh'e go Lá an tSléibhe; Tá ghach duine ag ar mian leis 'Baint seachadh as mo thaoibh, - is mise tá 'tabhairt a íoc in-san fhéarach; Acht dá maireadh se ar a' tsaoghal, Donnchadh O Baoighill, Ní bheidheadh Neilí agus a nighean choidh'e ag géar-ghol; 'S gur faoi'n leic atá 'na luighe, Tá miansearc mo chroidhe, 'S gur'b é Donnchadh O Baoighill fear a' déagh-chroidhe. Is ó Éamonn óg Mhac an Ghoill i nGlinn Gheis a fríth an t-amhrán binn so.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services