Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Filidheacht. Donnchadh Ó Baoighill.

Title
Filidheacht. Donnchadh Ó Baoighill.
Author(s)
Mac Niallghuis, Eóin Óg,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 56


DONNCHADH O BAOIGHILL.



Eóin óg Mac Niallghuis cct.



A Dhonnchaidh Uí Bhaoighill,
'Sé mo léan thú 'do luighe,
'S go bhfuil an baile seo gan chaoi ó d'éag
tú,
'S gur i n-aice le do chroidhe
Budh mhaith liom a bheith 'mo luighe,
Nó go n-aithriseachainn 'gois íseal mo sgéal
duit;
Acht seanfhocal, 's is fíor,
Chluinim ag gach aon,
Gur'b é an fear is fheárr gnaoi bheireas
saoghal leis.
Nach feárr a bheith mar 'tchím
I bhflaitheas ag na naoimh
'Ná faoi chosaibh Gall ag díol cíos leo gach
aon lá?



Cia sheasfas i n-ár gcás
I n-am troda 'ná i n-am spáirn,
S a rí, god a dheánfas muid do do dhíogh-
bháil?
Codladh, ó, go sáimh
Ar leabaidh chlúimh ní fhághaim,
Acht ag osnuighil ag-os árd agus ag síor ghul!



Cluinim fhéin gáir
Ag fir agus ag mnáibh
'S iad ag fiafraidhe cá an áit innseo i
mbíonn tú;
'S a' ghealach a bhí bán,
Tá sí anois comh dubh le smál,
'S mo mhallacht-sa ar a' bhás a bhain díom thú.



Chonncas damh fhéin
Gur dhanardha an gníomh,
Nuair nár labhair tú ag-ois íseal indé liom,
'S go deacha mise síos
Ar fad go hInis Caoil
Fá Nodlaic mar beas aoibh ar ghach éinneach;
Labhair mé go caoidheamhail
Leis an leic a rabh tú faoi
Go rabh an arraingthe do mo chlaoidh 's do
mo ghéaradh;
Acht creidim-sa, 's is fíor,
Gur bhlais tusa braon
De'n deoch dhearmaid bhíodh ag Fiannaibh
Éireann.



'S ar philleadh damh-sa aníos,
Is lag athtuirseach a bhím, -
Ní fheicfidh mé thú choidh'e go Lá an tSléibhe;
Tá ghach duine ag ar mian leis
'Baint seachadh as mo thaoibh, -
is mise tá 'tabhairt a íoc in-san fhéarach;
Acht dá maireadh se ar a' tsaoghal,
Donnchadh O Baoighill,
Ní bheidheadh Neilí agus a nighean choidh'e ag
géar-ghol;
'S gur faoi'n leic atá 'na luighe,
Tá miansearc mo chroidhe,
'S gur'b é Donnchadh O Baoighill fear a'
déagh-chroidhe.



Is ó Éamonn óg Mhac an Ghoill i nGlinn Gheis a fríth
an t-amhrán binn so.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services