Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Lochlannach agus Éireannach
Title
Lochlannach agus Éireannach
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Aibreán 8, 1899 Lochlannach agus Éireannach Feuch ar an litir a sgríobh an t-Ollamh Holger Pedersen chun an Athar Risteard de h-Enebre 'san Oileán Úr. Ní fheadar ciaca áthas nó náire is mó is ceart do bheith orainn aiste. Is sgeul áthais é go deimhin go bhfuil spéis mhór i dteanga na Gaedhilge ag a leithéid sin de ríogh-sgoláire. I ndiaidh an áthais, ámh, tigeann an náire, náire ár gcroidhe, agus a rádh gurab Lochlannach an Gaedhilgeoir críochnuighthe seo agus gurab mó go mór an t-eolas atá aige-sean ar ár dteanga nduthchais ná 'tá ag an gcuid is mó dínn féin. Nach deas an náisiúntacht atá againn! Ó! adeurfar, ní fhuil aon iongnadh an t-Ollamh Holger Pedersen bheith ag deunadh stuidéir ar an nGaedhilg, ó's aoibhinn leis na teangaidh d'fhoghluim. Tá eolas aige ar gach teanga na h-Eorpa, agus níor mhór dó an Ghaedhilg do bheith aige chomh maith ceudna. Is fear é nach bhfeicthear a shamhail go minic, agus ní ceart é chur i gcomórtas le daoinibh nach bfhuil an t-eolas ná an intleacht ceudna aca. Is éagcóir í sin. Ní h-eadh, acht an intleacht agus an t-eolas atá ag an ollamh uasal sin, is iad go díreach a chuireann an náire orainn. Má's rud é gur fiú dó-san a chuid oibre agus a chuid leabhar d'fhághail i gCopenhagen agus teacht anall ann so go h-Éirinn chum Gaedhilge d'fhoghluim ó bheulaibh na ndaoine i n-Arain na Naomh nach seacht mó is fiú dúinne ár dteanga féin d'fhóghluim agus í labhairt go coitcheann ar nós gach cinidh nár chaill spiorad a dhúthchais glan? Cad is maith dúinn caint ar thír-ghrádh agus ar náisiúntacht agus gach uile fhocal asainn i dteanga ár namhaid. Dá mbéadh Gaedhilg againn níorab gádh dúinn aon tormán do dheunadh. Do bhéadh an sgeul go breagh soiléir. Ní bhéadh uair 'sa ló nach mbéadh "oráid náisiúntach" le cloistint ó bheul gach Éireannaigh agus "cruinniughadh náisiúntacht" ins gach áit 'na mbéadh beirt nó triúr i gcómhluadar a chéile. Ann sin iseadh a bhéidh buaidh ag an áthas ar an náire. Cuirfimíd fáilte roimh na mór-sgoláiribh iasachta gan na cluaise bheith ar lasadh againn, mar bhíonn siad anois, toisg ár dteanga féin bheith d'á labhairt aca-san agus sinne, 'nár seasamh os a gcómhair chomh bodhar le cloich!
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services