Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Lochlannach agus Éireannach

Title
Lochlannach agus Éireannach
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Aibreán 8, 1899



Lochlannach agus Éireannach



Feuch ar an litir a sgríobh an t-Ollamh Holger
Pedersen chun an Athar Risteard de h-Enebre 'san
Oileán Úr. Ní fheadar ciaca áthas nó náire is mó is
ceart do bheith orainn aiste.



Is sgeul áthais é go deimhin go bhfuil spéis mhór i
dteanga na Gaedhilge ag a leithéid sin de ríogh-sgoláire.
I ndiaidh an áthais, ámh, tigeann an náire, náire ár
gcroidhe, agus a rádh gurab Lochlannach an Gaedhilgeoir
críochnuighthe seo agus gurab mó go mór an t-eolas atá
aige-sean ar ár dteanga nduthchais ná 'tá ag an gcuid
is mó dínn féin. Nach deas an náisiúntacht atá againn!



Ó! adeurfar, ní fhuil aon iongnadh an t-Ollamh
Holger Pedersen bheith ag deunadh stuidéir ar an
nGaedhilg, ó's aoibhinn leis na teangaidh d'fhoghluim.
Tá eolas aige ar gach teanga na h-Eorpa, agus níor
mhór dó an Ghaedhilg do bheith aige chomh maith ceudna.
Is fear é nach bhfeicthear a shamhail go minic, agus ní ceart
é chur i gcomórtas le daoinibh nach bfhuil an t-eolas ná
an intleacht ceudna aca. Is éagcóir í sin.



Ní h-eadh, acht an intleacht agus an t-eolas atá ag an
ollamh uasal sin, is iad go díreach a chuireann an náire
orainn. Má's rud é gur fiú dó-san a chuid oibre agus a
chuid leabhar d'fhághail i gCopenhagen agus teacht anall
ann so go h-Éirinn chum Gaedhilge d'fhoghluim ó bheulaibh
na ndaoine i n-Arain na Naomh nach seacht mó is fiú
dúinne ár dteanga féin d'fhóghluim agus í labhairt go
coitcheann ar nós gach cinidh nár chaill spiorad a
dhúthchais glan?



Cad is maith dúinn caint ar thír-ghrádh agus ar náisiúntacht
agus gach uile fhocal asainn i dteanga ár namhaid. Dá
mbéadh Gaedhilg againn níorab gádh dúinn aon tormán
do dheunadh. Do bhéadh an sgeul go breagh soiléir.
Ní bhéadh uair 'sa ló nach mbéadh "oráid náisiúntach"
le cloistint ó bheul gach Éireannaigh agus "cruinniughadh
náisiúntacht" ins gach áit 'na mbéadh beirt nó triúr i
gcómhluadar a chéile.



Ann sin iseadh a bhéidh buaidh ag an áthas ar an náire.
Cuirfimíd fáilte roimh na mór-sgoláiribh iasachta gan
na cluaise bheith ar lasadh againn, mar bhíonn siad
anois, toisg ár dteanga féin bheith d'á labhairt aca-san
agus sinne, 'nár seasamh os a gcómhair chomh bodhar le cloich!

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services