Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Deargruathar Chonaill Chearnaigh.
Title
Deargruathar Chonaill Chearnaigh.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
DEARG-RUATHAR CHONAILL CHEARNAIGH. Téid Conall iar sin roimhe go Teamhraigh agus do bhí óglách d'Ultaibh i dTeamhraigh an tan sin i gcoimhdeacht Fheidhlme anchroidhighe, inghean Chonchubhair, dar bh'ainm Ceann Biorraidhe; agus is amhlaidh do bhí Earc mac Cairbre an tan sin, i ndabhaigh ag á fhothragadh féin. "Maith liom," ar Earc, "mar atáid Ultaigh anois gan fear díoghalta fala ná cosanta críche aca anocht tar éis Chon Culainn." Éirgheas a labaidhe i gCeann Biorraidhe ar n-a chlos sin do agus adubhairt, "An gcéin mhair- feas conchubar go n-a chloinn agus Fearghus go n-a chloinn agus Conall Cearnach go n-a chloinn agus ríoghradh Uladh uile ar cheana, is éagcóir nach beith fear díoghalta fala agus gréise beó d'Ultachaibh." Ar chlos an chomhráidh sin d' Earc do ghabh cloch budh lán a dhuirn agus tug urchar d'ionn- saighe Chinn Bhiorraidhe di gur chuir tre thaobhaibh na bruighne amach í. Ro éirigh Ceann Biorraidhe iar sin agus do ghabh a airm agus táinig roimhe amach ar an bhfaithche agus do chonnairc Conall go tinneasnach ag teacht d'á ionnsaighe, agus fáiltigheas a chroidhe romhe agus d'aithin gurab é Conall do bhí ann agus aith- nigheas Conall eisean agus do thuig gur bh'Ultach é agus do thoirbhreadar do phógaibh a chéile go díochra. "Sgéala leat, a Chinn Bhiorraidhe," ar Conall, "nó cia atá i dTeamhraigh." "Earc mac Cairbre," ar Ceann Biorraidhe, "agus d'fhágbhas-sa i ndabhaigh fhothraicthe anois é, agus tug sé bréithir nach fuil fear fala ná gréise do dhíoghail beó d'Ultaibh tar éis Chon Culainn." "Nocha fóir sin," ar Conall, "atáim-se beó fós, agus is fear díoghalta fala agus gréise mé," agus d'innis Ceann Biorraidhe a imreasán féin re hEarc do Chonall. Do ghluaiseadar rómpa iar sin go Teamh- raigh agus do chonncadar iomáin ag á déanamh ar an bhfaithche agus tángadar d'á hionnsaighe, agus is iad do bhí ann, .i. dá thaoiseach teaghlaigh Eirc .i. Mál agus Míodhna agus is í do budh liath- róid dóibh .i. ceann Chon Culainn ag á bhualadh eatorra. "Créad so agaibh?" ar Conall. "Ort do cholduabhais," ar siad, "nach chuala tú Cú Chulainn do mharbhadh le fearaibh Éireann ar Muigh Muirtheimhne?" "Do chuala go deimhin," ar Conall. "Má do chualais," ar siad, "is é seo a cheann againne mar liathróid."
"Uc! is olc liom-sa an ceann soin do bheith agaibh-se ar an gcor sin," ar Conall, "agus tuitfidh bhar gcinn díbh-se tre bhar n-iomáin ar an gceann sain," agus d'ionnsaigh Conall iad go hainmhín olcach ainiarmharthach agus tug sáthadh sotal-bhorb do'n chúlghlais chinn-ghéir chann-reamhair i gcorp gacha caithmhílidh díobh gur bhudh créachtmhar taobh- ghonta gach tréan-mhíleadh ó na tréan-ghonaibh sin, agus do chícheannaigh Conall go deithbhireach an dian sain agus do chuir i ndíoghail a n-iomána ar cheann Chon Culainn a gcinn ar an ngad do bhí aige. Adubhairt Conall re Ceann Biorraidhe, "Imthigh," ar sé, "agus beir ceann Chon Culainn leat d'ionnsaighe Éimhre." "Nocha mbéar," ar Ceann Biorraidhe, "óir gion go ndearnainn acht aonar d'fhear- aibh Éireann do mharbhadh gac laoi id' fhochair- se." "Dá marbhthá céad gach laoi agus céad gach n-oidhche díobh," ar Conall, "dob' fhearr liom-sa tu do bhreith an chinn-se leat chum a cholna féin 'ná sain uile." D'éirigh Ceann Biorraidhe air sin agus rug an ceann leis go Dún Dealgan agus tug i láimh Éimhre é, agus do rinne sí an ceann do niamh- ghlanadh agus do chuir ar a cholainn féin é agus do dhruid re n-a hucht agus re n-a hurbhruinne é agus do ghabh ag tuirse agus ag trommhéala os a chionn agus do ghabh ag sughadh a choda fola agus ag á hól agus do chuir tlacht taitneamhach sróill um an gceann. "Uch!" ar sí, "do budh maith maise an chinn-se cídh atá sé mar so indiu, agus is mór do ríoghaibh agus do thaoiseachaibh an domhain do bhiadh ag á chaoineadh dá bhfeasdaois a bheith mar so, agus gidh iad lucht iarrat aóir agus ionn- mhusa agus athchuinge fear n-Éireann agus Alban do budh tú a n-aon-ghrádh agus a n-aon-rogha d'fhearaibh na talmhan agus is truagh mo bheatha-sa annso anocht tar h'éis, oir ní raibh ag fear ná gan fear do mhnáibh Éireann ná san domhan mhór bean nach raibh ag formad liom-sa gur indiu, óir budh hiomdha seod agus maoin cíos agus cánach a críochaibh an domhain thugais dom' ionnsaighe le calmacht agus le neart do láimhe." Agus do ghabh a lámh i n-a láimh agus do ghabh ag tabhairt a theasta agus a thuarasgbhála agus is é adubhairt, "Truaighe sin," ar sí, "is mór do ríoghaibh agus do thaoiseachaibh agus do thréan-fhearaibh an domhain do cuireadh i ndáil bháis agus i n-airr- gheanaibh éaga le luath-bhuillidhe na láimhe seo agus is mór d'éantaibh agus d'ainmhinntibh an domhain do thuit léi agus is mór do mhaoinibh agus d'ionnmhusaibh an domhain do sgaoileadh leis an láimh-se d'fhileadhaibh agus d'fheallsamhnaibh," agus adubhairt an laoidh: - Uch! a chinn, ón, uch! a chinn, Cidh rodmeasgadh ar an linn; Mór sochaidhe d'á dtugais éag, Mór gcuradh 's mór gcéad, a chinn. Uch! a shúl, ón, uch! a shúil, Do radais doimheanmna dhúinn; Ionann ionad i mbiaidh ar bhfeart Ionann leacht cloidhfighthear dhúinn. Uch! a airm, ón, uch! a airm, Mór sochaidhe ar a dtugais maidhm; Nocha rabhais seachtmhain riamh Nach tiubharthá biadh do bhaidhbh. Uch! a lámh, ón, uch! a lámh, Do bhádhais-se seal go sámh; Minic do cuirthí fám' chionn - Oc! dob' ionmhain liom an lámh. Uch! a Liath, ón, uch! a Liath, Do budh calma do thriath; Fada go lámhthaoi a chrádh, cidh do fágbhadh ar sgáth sgiath.
Uch! a dhuibh, ón, uch! a dhuibh, Ní thréigfinn thú do chionn cruidh; Uch! do bhris mo chroidhe im' chliabh Tré-san laoch budh dian 'san muigh. Is maith leam, ón, is maith leam, A Chú Chulainn Muighe Meann Nachar imdheargas do ghnúis 'S nach dearnas drúis thar do cheann. Ionmhain rí, ón, ionmhain rí, Nár éarasdar neach um ní; Deich lá fichead gus anocht Ód' choimhriocht mo chorp red' chlí. Ionmhain béal, ón, ionmhain béal, Fá blasta ag innsin na sgéal, Ó do fhás gean ar do ghruadh Nochar éarais truagh ná tréan. Ionmhain fear, ón, ionmhain fear, Do mhuirbhfeadh mór sluagh re seal, Ionmhain folt forórdha fuar; Fá hionmhain fós a ghruadh gheal A dhá shleigh, ón, a dhá shleigh, A sgiath 's a chloidheamh go nimh Tabharthar do Chonall na gcath; Níor tugadh riamh rath mar sin. Ionmhain cách, ón, ionmhain cách, Nach cluinfidh an chuach go bráth; Agus ní thiocfaid re a ngairm Go dtigid na mairbh go cách. Uchón uch! ón, uchón uch! 'Sam luaithe 'ná crann re sruth; Indiu ní fhoilcfead mo cheann 'S ní eibéar ní is fearr 'ná uch. Adubhairt Éimhear ann sin, "Is fada atá ag á thaisbéanadh dhomh i dtaidhbhsibh oidhche go dtuitfeadh Cú Chulainn le fearaibh Éireann agus tárfas domh Dún Dealgan do thuitim go talamh, agus do chonnarc fós mar do sgoilteadh a sgiath ó a bhile go a bhórd agus mar do briseadh a chlaidheamh agus a chraoiseach i n-a gceirt- mheadhón, agus fós do taidhbhreadh dhomh Conall do bheith ag á mharbhadh im' fhiadhnaise agus mé féin agus tusa do bheith dícheannta, agus gion go mbeidís na taisbéanta sin d'á ndéanamh dhomh, do bhádar draoithe d'á thairngire go dtuitfeadh Cú Chulainn le harmaibh Chloinne Chailitin agus le Lughaidh mac Connraoi; agus a Laoigh," ar Éimhear, "do bhámair-ne araon i bhfarradh agus i bhfochair a chéile agud dob' aoibhinn dúinn, oir dá síorthaoi an domhan ó thur- gabháil gréine go a fuineadh ní faghthaoi ar n-ionamhail ann i n-aon ionad, eadhón, tusa agus giolla na hIubhraighe agus an Liath Macha agus an Dubhfhaoileann, mise agus cú Chulainn; agus fós is truagh liom Lughaidh Riabhndearg mac na Trí bhFionn Eamhna gan fear tabhartha catha ná coisgthe cogaidh aige tar éis a oide; agus atá sé ag briseadh mo chroidhe im' chliabh bheith ag éisteacht re faoidhe fíor-thruagh ban agus fear agus re golaibh árda ainmhíne annradh agus ógbhadh Uladh ag caoineadh Chon Culainn, agus Ulaidh uile do bheith san gceasnaighin agus gan neart aca a dhíoghail ar fhearaibh Éireann." Agus a haithle an chomhráidh chráidhte chomhthuirsigh sin do dhéanamh d' Éimhear agus do Laogh re chéile dorónsad caoi trom tuirseach agus nuallghubha neimhneach agus adubhairt Éimhear iar sin, "Is dursan ar sgaradh re chéile anois agus do budh suaimhneach ar seal re chéile gur indiu i n-aon ionad." "Is fíor sin," ár sic Laogh, "agus ní dhéan-sa giollaigheacht d' aon duine oile go bráth tar éis mo thighearna." "Is truagh liom-sa sin," ar Éimhear," agus a Laoigh," ar sí, "ar aithin Cú Chulainn mise dhíot, nó an dtug sé teagasg chum a theaghlaigh?" "Ní thug," ar Laogh, "acht amháin gur aithin díot gan dul le fear go bráth muna ndeachtá le fear d'fhearaibh Uladh."
"Doghéan-sa sin," ar Éimhear, "óir ní bhiad ag fear d'fhearaibh an domhain tar éis Chon Culainn, agus adubhairt fós nach rachadh sí seacha so nó go mbeireadh Conall uirri. "Ní córa do neach oile anmhain le sgéala a thighearna 'ná domh-sa," ar Laogh, agus do ghabhsad ag osnadh agus ag éagcaoineadh os cionn Con Culainn agus níor léig eagla Chonaill dóibh a adhnacadh nó go dtigeadh sé féin. (Ní críoch.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services