Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Deargruathar Chonaill Chearnaigh.

Title
Deargruathar Chonaill Chearnaigh.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 33


DEARG-RUATHAR CHONAILL CHEARNAIGH.



Téid Conall iar sin
roimhe go Teamhraigh
agus do bhí óglách d'Ultaibh i
dTeamhraigh an tan sin
i gcoimhdeacht Fheidhlme
anchroidhighe, inghean Chonchubhair, dar bh'ainm
Ceann Biorraidhe; agus is amhlaidh do bhí Earc
mac Cairbre an tan sin, i ndabhaigh ag á
fhothragadh féin.



"Maith liom," ar Earc, "mar atáid
Ultaigh anois gan fear díoghalta fala ná
cosanta críche aca anocht tar éis Chon
Culainn."



Éirgheas a labaidhe i gCeann Biorraidhe ar
n-a chlos sin do agus adubhairt, "An gcéin mhair-
feas conchubar go n-a chloinn agus Fearghus
go n-a chloinn agus Conall Cearnach go n-a
chloinn agus ríoghradh Uladh uile ar cheana, is
éagcóir nach beith fear díoghalta fala agus
gréise beó d'Ultachaibh."



Ar chlos an chomhráidh sin d' Earc do ghabh
cloch budh lán a dhuirn agus tug urchar d'ionn-
saighe Chinn Bhiorraidhe di gur chuir tre
thaobhaibh na bruighne amach í. Ro éirigh
Ceann Biorraidhe iar sin agus do ghabh a airm
agus táinig roimhe amach ar an bhfaithche agus do
chonnairc Conall go tinneasnach ag teacht
d'á ionnsaighe, agus fáiltigheas a chroidhe romhe
agus d'aithin gurab é Conall do bhí ann agus aith-
nigheas Conall eisean agus do thuig gur bh'Ultach
é agus do thoirbhreadar do phógaibh a chéile go
díochra.



"Sgéala leat, a Chinn Bhiorraidhe," ar
Conall, "nó cia atá i dTeamhraigh."



"Earc mac Cairbre," ar Ceann Biorraidhe,
"agus d'fhágbhas-sa i ndabhaigh fhothraicthe anois
é, agus tug sé bréithir nach fuil fear fala ná
gréise do dhíoghail beó d'Ultaibh tar éis
Chon Culainn."



"Nocha fóir sin," ar Conall, "atáim-se
beó fós, agus is fear díoghalta fala agus gréise
mé," agus d'innis Ceann Biorraidhe a imreasán
féin re hEarc do Chonall.



Do ghluaiseadar rómpa iar sin go Teamh-
raigh agus do chonncadar iomáin ag á déanamh
ar an bhfaithche agus tángadar d'á hionnsaighe,
agus is iad do bhí ann, .i. dá thaoiseach teaghlaigh
Eirc .i. Mál agus Míodhna agus is í do budh liath-
róid dóibh .i. ceann Chon Culainn ag á bhualadh
eatorra.



"Créad so agaibh?" ar Conall.



"Ort do cholduabhais," ar siad, "nach
chuala tú Cú Chulainn do mharbhadh le fearaibh
Éireann ar Muigh Muirtheimhne?"



"Do chuala go deimhin," ar Conall.



"Má do chualais," ar siad, "is é seo a
cheann againne mar liathróid."


L. 34


"Uc! is olc liom-sa an ceann soin do
bheith agaibh-se ar an gcor sin," ar Conall,
"agus tuitfidh bhar gcinn díbh-se tre bhar
n-iomáin ar an gceann sain," agus d'ionnsaigh
Conall iad go hainmhín olcach ainiarmharthach
agus tug sáthadh sotal-bhorb do'n chúlghlais
chinn-ghéir chann-reamhair i gcorp gacha
caithmhílidh díobh gur bhudh créachtmhar taobh-
ghonta gach tréan-mhíleadh ó na tréan-ghonaibh
sin, agus do chícheannaigh Conall go deithbhireach
an dian sain agus do chuir i ndíoghail a n-iomána
ar cheann Chon Culainn a gcinn ar an ngad
do bhí aige.



Adubhairt Conall re Ceann Biorraidhe,
"Imthigh," ar sé, "agus beir ceann Chon Culainn
leat d'ionnsaighe Éimhre."



"Nocha mbéar," ar Ceann Biorraidhe,
"óir gion go ndearnainn acht aonar d'fhear-
aibh Éireann do mharbhadh gac laoi id' fhochair-
se."



"Dá marbhthá céad gach laoi agus céad gach
n-oidhche díobh," ar Conall, "dob' fhearr
liom-sa tu do bhreith an chinn-se leat chum a
cholna féin 'ná sain uile."



D'éirigh Ceann Biorraidhe air sin agus rug an
ceann leis go Dún Dealgan agus tug i láimh
Éimhre é, agus do rinne sí an ceann do niamh-
ghlanadh agus do chuir ar a cholainn féin é agus do
dhruid re n-a hucht agus re n-a hurbhruinne é agus
do ghabh ag tuirse agus ag trommhéala os a
chionn agus do ghabh ag sughadh a choda fola agus ag
á hól agus do chuir tlacht taitneamhach sróill
um an gceann.



"Uch!" ar sí, "do budh maith maise an
chinn-se cídh atá sé mar so indiu, agus is mór
do ríoghaibh agus do thaoiseachaibh an domhain do
bhiadh ag á chaoineadh dá bhfeasdaois a bheith
mar so, agus gidh iad lucht iarrat aóir agus ionn-
mhusa agus athchuinge fear n-Éireann agus Alban
do budh tú a n-aon-ghrádh agus a n-aon-rogha
d'fhearaibh na talmhan agus is truagh mo bheatha-sa
annso anocht tar h'éis, oir ní raibh ag fear
ná gan fear do mhnáibh Éireann ná san
domhan mhór bean nach raibh ag formad
liom-sa gur indiu, óir budh hiomdha seod
agus maoin cíos agus cánach a críochaibh an
domhain thugais dom' ionnsaighe le calmacht
agus le neart do láimhe." Agus do ghabh a
lámh i n-a láimh agus do ghabh ag tabhairt a
theasta agus a thuarasgbhála agus is é adubhairt,
"Truaighe sin," ar sí, "is mór do ríoghaibh
agus do thaoiseachaibh agus do thréan-fhearaibh an
domhain do cuireadh i ndáil bháis agus i n-airr-
gheanaibh éaga le luath-bhuillidhe na láimhe seo
agus is mór d'éantaibh agus d'ainmhinntibh an
domhain do thuit léi agus is mór do mhaoinibh agus
d'ionnmhusaibh an domhain do sgaoileadh leis
an láimh-se d'fhileadhaibh agus d'fheallsamhnaibh," agus
adubhairt an laoidh: -



Uch! a chinn, ón, uch! a chinn,
Cidh rodmeasgadh ar an linn;
Mór sochaidhe d'á dtugais éag,
Mór gcuradh 's mór gcéad, a chinn.



Uch! a shúl, ón, uch! a shúil,
Do radais doimheanmna dhúinn;
Ionann ionad i mbiaidh ar bhfeart
Ionann leacht cloidhfighthear dhúinn.



Uch! a airm, ón, uch! a airm,
Mór sochaidhe ar a dtugais maidhm;
Nocha rabhais seachtmhain riamh
Nach tiubharthá biadh do bhaidhbh.



Uch! a lámh, ón, uch! a lámh,
Do bhádhais-se seal go sámh;
Minic do cuirthí fám' chionn -
Oc! dob' ionmhain liom an lámh.



Uch! a Liath, ón, uch! a Liath,
Do budh calma do thriath;
Fada go lámhthaoi a chrádh,
cidh do fágbhadh ar sgáth sgiath.


L. 35


Uch! a dhuibh, ón, uch! a dhuibh,
Ní thréigfinn thú do chionn cruidh;
Uch! do bhris mo chroidhe im' chliabh
Tré-san laoch budh dian 'san muigh.



Is maith leam, ón, is maith leam,
A Chú Chulainn Muighe Meann
Nachar imdheargas do ghnúis
'S nach dearnas drúis thar do cheann.



Ionmhain rí, ón, ionmhain rí,
Nár éarasdar neach um ní;
Deich lá fichead gus anocht
Ód' choimhriocht mo chorp red' chlí.



Ionmhain béal, ón, ionmhain béal,
Fá blasta ag innsin na sgéal,
Ó do fhás gean ar do ghruadh
Nochar éarais truagh ná tréan.



Ionmhain fear, ón, ionmhain fear,
Do mhuirbhfeadh mór sluagh re seal,
Ionmhain folt forórdha fuar;
Fá hionmhain fós a ghruadh gheal



A dhá shleigh, ón, a dhá shleigh,
A sgiath 's a chloidheamh go nimh
Tabharthar do Chonall na gcath;
Níor tugadh riamh rath mar sin.



Ionmhain cách, ón, ionmhain cách,
Nach cluinfidh an chuach go bráth;
Agus ní thiocfaid re a ngairm
Go dtigid na mairbh go cách.



Uchón uch! ón, uchón uch!
'Sam luaithe 'ná crann re sruth;
Indiu ní fhoilcfead mo cheann
'S ní eibéar ní is fearr 'ná uch.



Adubhairt Éimhear ann sin, "Is fada atá
ag á thaisbéanadh dhomh i dtaidhbhsibh oidhche go
dtuitfeadh Cú Chulainn le fearaibh Éireann
agus tárfas domh Dún Dealgan do thuitim go
talamh, agus do chonnarc fós mar do sgoilteadh
a sgiath ó a bhile go a bhórd agus mar do briseadh
a chlaidheamh agus a chraoiseach i n-a gceirt-
mheadhón, agus fós do taidhbhreadh dhomh Conall
do bheith ag á mharbhadh im' fhiadhnaise agus mé
féin agus tusa do bheith dícheannta, agus gion go
mbeidís na taisbéanta sin d'á ndéanamh
dhomh, do bhádar draoithe d'á thairngire go
dtuitfeadh Cú Chulainn le harmaibh Chloinne
Chailitin agus le Lughaidh mac Connraoi; agus a
Laoigh," ar Éimhear, "do bhámair-ne araon i
bhfarradh agus i bhfochair a chéile agud dob' aoibhinn
dúinn, oir dá síorthaoi an domhan ó thur-
gabháil gréine go a fuineadh ní faghthaoi ar
n-ionamhail ann i n-aon ionad, eadhón, tusa agus
giolla na hIubhraighe agus an Liath Macha agus
an Dubhfhaoileann, mise agus cú Chulainn; agus fós
is truagh liom Lughaidh Riabhndearg mac na
Trí bhFionn Eamhna gan fear tabhartha catha
ná coisgthe cogaidh aige tar éis a oide; agus
atá sé ag briseadh mo chroidhe im' chliabh bheith
ag éisteacht re faoidhe fíor-thruagh ban agus
fear agus re golaibh árda ainmhíne annradh
agus ógbhadh Uladh ag caoineadh Chon Culainn, agus
Ulaidh uile do bheith san gceasnaighin agus gan
neart aca a dhíoghail ar fhearaibh Éireann."



Agus a haithle an chomhráidh chráidhte
chomhthuirsigh sin do dhéanamh d' Éimhear agus do
Laogh re chéile dorónsad caoi trom tuirseach
agus nuallghubha neimhneach agus adubhairt Éimhear
iar sin, "Is dursan ar sgaradh re chéile
anois agus do budh suaimhneach ar seal re chéile
gur indiu i n-aon ionad."



"Is fíor sin," ár sic Laogh, "agus ní dhéan-sa
giollaigheacht d' aon duine oile go bráth tar
éis mo thighearna."



"Is truagh liom-sa sin," ar Éimhear," agus a
Laoigh," ar sí, "ar aithin Cú Chulainn mise
dhíot, nó an dtug sé teagasg chum a
theaghlaigh?"



"Ní thug," ar Laogh, "acht amháin gur aithin
díot gan dul le fear go bráth muna ndeachtá
le fear d'fhearaibh Uladh."


L. 36


"Doghéan-sa sin," ar Éimhear, "óir ní
bhiad ag fear d'fhearaibh an domhain tar éis
Chon Culainn, agus adubhairt fós nach rachadh sí
seacha so nó go mbeireadh Conall uirri.



"Ní córa do neach oile anmhain le sgéala
a thighearna 'ná domh-sa," ar Laogh, agus do
ghabhsad ag osnadh agus ag éagcaoineadh os
cionn Con Culainn agus níor léig eagla Chonaill
dóibh a adhnacadh nó go dtigeadh sé féin.



(Ní críoch.)



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services