Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Pé'n Éirinn í.
Title
Pé'n Éirinn í.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Pé 'néirinn í. Seo amhrán do cheap Seaghán (no Seón) Lloyd ag moladh Éireann fá ainm béithe ar a dtug sé "Pé i nÉirinn í." Níor bh'fhéidir leis glaodhach ar Éirinn amach díreach, mar bhí na reachta píonúsacha go dian ar Chaitli- ceachaibh i nÉirinn an uair sin, agus is é rinne ná glaodhach uirre i bhfuirm bhéithe. Chuir sé an t-amhrán ag triall ar Dháith O Cléirigh, file, i gCondae an Cláir. Is fada mé i dtámh-chruth tráighte tréith-lag tinn, Ar meara gach lá dom' chrádh 's dom' chéasadh i gclíbh, Le searc is le páirt do mhnámhail mhaordha mhín Do cheangail gan spás mé i ngrádh pé i nÉirinn í. A chara gan cháim tá láimh liom féin do shíor, Aithris mar táim do Dháith O Cléirigh an ghrinn; An ainnir seo ghrádhuigh ar áilneacht-sgéimh is gnaoi Gur chreathnuigh mo chnámha dá grádh pé i nÉirinn í. Is camarsach cáblach fáinneach faon ag fighe Ó bhathas go sáil a sámh-fholt slaodach síos; A mala ar phár mar ghearrfadh caol-pheann stríoc; Gan gharadh ghan gnás 'sí ghrádhas pé i nÉirinn í. A reamhar-rosg ráil ag sár-chur saeghead im' chroidhe; Is deas a déad bán mar thráighligh Théibe bhíos (?); 'Na leacain ghil tá go hárd an caor 's an lít Ag an mbarr-chas bhláith do ghrádhas pé i nÉirinn í. Is leabhair a brághaid gan fán gan féith gan fuigheall; 'S a mama chruinn ghearr nach nár le néamh an aoil; A seang-chorp sámh mar sgáil na géise ar tuinn; 'S gach maise eile i mbláth san mbáib pé i nÉirinn í. Na staracha atá le cáil na gCaesar fíor, 'S le maicne dáilteach áigh na nGréagach ngroidhe;
Gach seanchas sár ar árd-threibh Éireann aoibh Is feasach do'n bháin-chneis mhná'il pé i nÉirinn í. Is geanamhail grádhmhar gáireach gléigeal grinn, Is taithneamhach táin a trácht gan taom gan teimheal; Galar ná gnás i gcnámh a n-éistfeadh í, Tan chanas nach slán ó'n mbáibh pé i nÉirinn í. A hainm ní rádhaim ó'n áit go léim do bhíonn An ainnir seo ghrádhas 's do bhán mé faon gan bhrígh; Gach file agus fáidh, gach sáir-fhear saor san gcrích, Canadh ar cháil na mná pé i nÉirinn í.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services