Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Pé'n Éirinn í.

Title
Pé'n Éirinn í.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 28


Pé 'néirinn í.



Seo amhrán do cheap Seaghán (no Seón)
Lloyd ag moladh Éireann fá ainm béithe ar
a dtug sé "Pé i nÉirinn í." Níor bh'fhéidir
leis glaodhach ar Éirinn amach díreach, mar
bhí na reachta píonúsacha go dian ar Chaitli-
ceachaibh i nÉirinn an uair sin, agus is é rinne
ná glaodhach uirre i bhfuirm bhéithe. Chuir sé
an t-amhrán ag triall ar Dháith O Cléirigh,
file, i gCondae an Cláir.



Is fada mé i dtámh-chruth tráighte tréith-lag
tinn,
Ar meara gach lá dom' chrádh 's dom' chéasadh
i gclíbh,
Le searc is le páirt do mhnámhail mhaordha
mhín
Do cheangail gan spás mé i ngrádh pé i
nÉirinn í.



A chara gan cháim tá láimh liom féin do shíor,
Aithris mar táim do Dháith O Cléirigh an ghrinn;
An ainnir seo ghrádhuigh ar áilneacht-sgéimh
is gnaoi
Gur chreathnuigh mo chnámha dá grádh pé i
nÉirinn í.



Is camarsach cáblach fáinneach faon ag fighe
Ó bhathas go sáil a sámh-fholt slaodach síos;
A mala ar phár mar ghearrfadh caol-pheann
stríoc;
Gan gharadh ghan gnás 'sí ghrádhas pé i
nÉirinn í.



A reamhar-rosg ráil ag sár-chur saeghead im'
chroidhe;
Is deas a déad bán mar thráighligh Théibe
bhíos (?);
'Na leacain ghil tá go hárd an caor 's an lít
Ag an mbarr-chas bhláith do ghrádhas pé i
nÉirinn í.



Is leabhair a brághaid gan fán gan féith gan
fuigheall;
'S a mama chruinn ghearr nach nár le néamh
an aoil;
A seang-chorp sámh mar sgáil na géise ar
tuinn;
'S gach maise eile i mbláth san mbáib pé i
nÉirinn í.



Na staracha atá le cáil na gCaesar fíor,
'S le maicne dáilteach áigh na nGréagach
ngroidhe;


L. 29


Gach seanchas sár ar árd-threibh Éireann aoibh
Is feasach do'n bháin-chneis mhná'il pé i
nÉirinn í.



Is geanamhail grádhmhar gáireach gléigeal
grinn,
Is taithneamhach táin a trácht gan taom gan
teimheal;
Galar ná gnás i gcnámh a n-éistfeadh í,
Tan chanas nach slán ó'n mbáibh pé i nÉirinn í.



A hainm ní rádhaim ó'n áit go léim do bhíonn
An ainnir seo ghrádhas 's do bhán mé faon
gan bhrígh;
Gach file agus fáidh, gach sáir-fhear saor san
gcrích,
Canadh ar cháil na mná pé i nÉirinn í.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services