Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Deargruathar Chonaill Chearnaigh.
Title
Deargruathar Chonaill Chearnaigh.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
DEARG-RUATHAR CHONAILL CHEARNAIGH. Is ann sin do dhruid Conall ris an Liath Macha d'á gabháil agus d'imthigh sí uaidh agus ní thug taoibh ris agus do chuaidh i measg an ármhaigh, agus innisid stair- eólaigh nár fhág sí ceann cloidhe ná cluant i nUltaibh uile gan iarraidh an lá sin agus táinig tar a hais d'ionnsaighe chuirp Chon Culainn agus air sin ráinig go Linn Léith agus do luigh innti gur báthadh ann í. Táinig Conall roimhe d'ionn- saighe Chon Culainn agus do ghabh an corp i n-a ucht agus do chuir re n-a bhruinne é; do thoirbhir do phógaibh go dil agus go díochra é agus do ghabh ag tuirse os a chionn go ndubhairt; - Cú Chulainn ba hághmhar i réim Calma a fhréimh ó aois mhic bhuig nó gur thuit le Lughaidh na n-iath Laoch b'fhearr ná an triath níor thuit. Do bhéar-sa Lughaidh gan cheann - Atá dream re a bhfuil a dhíoth -; Go dtuitid liom uaisle Fáil Ní dhiongnar-sa go bráth síoth. Doiligh liom a dhul san gcath Gan Conall i ngar dá shlios Baoth do'n deagh-mhac dul san treas Gan mo chneas do bheith taobh ris. Och! is é budh daltán dam, Cidh ibhid brain cuid dá chrú: Ní dhiongar gáire ná gean Ó do chuaidh tar ceal an Chú. "Adhnacthar Cú Chulainn feasta," ar Éimhear. "Ní dhiongantar," ar Conall, "nó go ndíolar-sa ar fhearaibh Éireann é agus go dtig a cheann d'ionnsaighe a cholna féin, óir ní fhuil cóige i n-Éirinn a ndeachaidh nach fá héigean a fagháil damh-sa, agus is mór na gártha so chluinim timcheall Muighe Muirtheimhne agus Machaire Chonaill agus is lán an chóige do ghol agus d'éighmhe d'éis Con Culainn agus do badh mhaith an fear coiméada críche agus forfhaire fearainn atá annso i n-a chorpán chiorrbhuighthe chrois- leadartha agus i n-a chaobhaibh chró im' fhiadhnaise annso agus rugadar na gártha so mo chiall agus mo chuimhne uaim agus is maith do dhligh Lughaidh mac Connraoi beith ag ciorrbhadh Chon Culainn, óir is é do mharbh maithe cloinne Deaghaidh im Fhiamhain mac Foraoi agus im Chonnraoi mac Dáire féin; agus is dursan liom-sa gan Cú Chulainn do bheith ag freagra na n-éighmhe-se ó táim féin anois, óir ní raibh i n-Éirinn curaidh ná caithmhíleadh ris nár bh'eagal a lann agus a lámh no gur bhain draoidheacht agus diabhlai- dheacht a bhuaidh cosgair agus comhlann de, agus is briste mo chroidhe im' chliabh do na dlui- theachta soin lér thuit mo chomh-dhalta agus mo
bhráthair bunaidh buain-díleas agus leath mo chroidhe ar n-a roinn, agus ba smol corcra cuirp sáimh dá dhíoghail agus do bhéar ruathar fó Éirinn anois agus ní fhuigfead cineadh gan cíorrbhad ná fíor-fhuil gan faon-dortadh, agus biaidh mo ruathar anois fó Éirinn dá aithris go fiadhnach go deireadhan domhain ionnus go gcaoinfidhthear le fearaibh Mumhan, Connacht agus Laighean an chóimh-éirghe so do rinneadar anois i n-aghaidh mo dhaltáin-se agus muna mbeadh draoidheacht do-ionghabhála cloinne cuiripe Cailitin ní thiocfadh díobh uile a bhásughadh." A h-aithle an iomchaointe sin do rinne Conall os cionn chuirp an chaithmhílidh táinig roimhe go longphort bhfear n-Éireann agus tar Áth Muilt agus do'n ghleann mhór ris a ráidhtear Gleann Bholchain agus tug súil seacha go bhfaca an caoil-deathach do leathtaoibh na conaire. "Is fíor sin," ar Conall, "is drong éigin d'fhearaibh Éireann atá annsúd agus cuid do bhuar Uladh aca ann." Agus is é do bhí ann, .i. Connla mac Críomhthainn, agus mar do chonnairc Connla Conall d'éirigh ar thaobh na tulcha agus do badh comhdhalta do Lughaidh mac Connraoi an fear soin agus táinig d'ionnsaighe Lughdhach agus d'innis dó aon mharcach do bheith ag teacht san muigh dá ionnsaighe, agus is amhlaidh do bhí Lughaidh an tan soin ar n-anmhain tar éis an tsluaigh do bhorchoimeád go nach beireadh Conall orra agus creacha móra agus airgne aidhbhle aca dá mbreith leó as an gcóige amach. "Do-chím-se aon-mharcach do bhar n-ionn- saighe," ar Connla, "agus each mór dearg faoi agus ní fhaca riamh laoch ná each budh mhó ná budh ríoghdha, budháille ná budh oirdhearca ná budh déine ag teacht timcheall na muighe ná é." "Do-bheirim-se aithne ar an marcach sin," ar Lughaidh, ".i. rígh-laoch Éireann atá ann sin .i. Conall calma curata coilg-neimhneach Cearnach mac Aimhirgin iarghonaigh agus ní cean gus a dtig an túrchurthadh soin, óir ní dheachaidh a namhaid slán uaidh riamh ar muir ná ar tír agus cidh cara dúinn is neamh-chara;" agus tig Conall chuca iar soin agus adubhradar araon an laoi so síos eatorra: - "Aon mharcach soin ar an mhuigh, A Lughaidh laochda lonnmhair; Ná ceil ar curadh ná ar clainn Adeirim is é Conall." "Má's é Conall atá ann Calma curata cóimhtheann, Do-chím mo chara ar an muigh; Gidh cara, ní cáirdeamhail." "Mo chean duit, a Chonaill chain," Is é adubhairt Lughaidh; "Tú an treas athair, toladh clann, Fhágbhas mo dheagh-mháthair agam." Ar dteacht do Chonall iar soin Gus an áit i raibh Lughaidh, Fearg ag á athair re a mhac Níor bho Conaill a gcomhrac. "Sloinn do cháirdeas, toladh clann, 'S ní badh heagal duit," ar Conall, "Muna rabhais ar an muigh Ag marbhadh mhic Subhaltaigh." "Briathar baoise duit-se sin, A Chonaill mac Aimhirgin, Is mé do bhain a cheann de do Choin Chulainn Mhuirtheimhne." "Má's tú do bhain a cheann do'n choin Do aon-mhac sámh Subhaltaigh, Fuigfir do cheann féin dhá chionn Le mórán d'uaislibh Éirionn." "Níor thastail Muirtheimhne mbuaidh Ag marbhadh Chon Culainn chruaidh Nach íocfaid ina chrú soin Do cúlghlais Chonaill Chearnaigh."
"Cáirde chomhlainn uaibh, a fhir, A Chonaill an airm neimhnigh, Go dtigidh mo chatha rem' chois Is an muigh an Airgead-rois. "Do bhéarad-sa sin, a fhir, A Lughaidh laochda loinnmhir, is tabair bréithir, toladh chlann, Nach seachónair mo chomhlann." Do bheirim fám' bhréitir niadh Thugainn fám' chloidheamh is fám' sgiath, Acht go dtigidh mo shluaigh amach Nach imghéabhad aon mharcach. Is ann sin do nasg Conall ar Lughaidh an tan roichfeadh i measg a mhuintear nach teithfeadh sé roimhe agus go mbiadh i n-Airgead- ros ag feitheamh ris. Táinig Conall iar soin i n-a chomhruathar confadhach go Glaise Breagh agus níor chian bhí ann an tan do chonnairc trí caogaid curaidh armtha éidighthe ar ur an átha i n-oirchill ar a chionn. D'fhiafruigh Conall cia do bhí ann. "Máine mac Eipirt, .i. mac mórdhálach Meidhbhe agus Oiliolla agus ríogh-dhamhna Connacht." "Maith liom d'fhagháil ann sin," ar Conall, "má do bís ag marbhadh Con Culainn." "Is deimhin gur ghoin mise é," ar Máine. "Goinfead-sa tusa i n-a éiric sin," ar Conall, agus d'ionnsaigh Conall é go hainmhín anmhuinteardha, agus tugadar anlaochradh tulghona dá sleaghaibhi n-aonfheacht ar Conall, agus congbhas an t-ársaigh a sgiath ris na craoiseachaibh gur bhris agus gur mhionaigh a n-arma uile agus do chuaidh sé fútha go fear- gach foirniata agus do thomhais go tréan-láidir a dtreas-bhuillí thar taobhaibh tréin-mhílidh agus thar corpaibh curadh gur badh cíorrtha cóimh- roinnte agus gur badh mhillte marbhtha mío- chóirighthe muintir Mháine do'n mór-chosgair sin, agus táinig sé féin roimhe mar a raibh Máine san iorghail agus tub buille cnéam- ghearrtha corp-láidir dó gur ghearr idir arm agus éideadh é agus gur sgoilt ar a dhó é, agus do bhain a cheann de agus do chuaidh fá'n gcoill budh neasa dó, agus do bhean slat badh méadh lán a dhuirn agus do shníomh agus do chuir an ceann sin Mháine air. "Is maith liom an ceann so do bheith ar an ngad so agam," ar Conall, "agus do-bheirim dom' bhréithir nach rachaidh mé dom' thigh nó go mbeiridh mé lán an ghaid-se do cheannaibh ríogh agus taoiseach agus tréin-fhear bhfear nEireann liom, agus is tosach díthe agus díoghbhála d'fhearaibh Éireann mo theacht tar muir do'n turus so, óir ní fhuil dún ná deágh-árus i n-Éirinn nach biaidh gol agus mairge mora ann uaim-se i ndíoghail mo dhaltáin ar fhearaibh Éireann, agus is maith liom mar do chuaidh a fhorfhaire do Mháine tar éis an tsluaigh agus fós is ró-mhaith liom gurab ar Connachtaibh do rinneas mo chéad-deargadhn láimhe ar dtúis agus badh sruth Mháine ainm an tsrotha ó so amach mar ar thuit Máine mac Oiliolla." (Ní críoch.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services