Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Deargruathar Chonaill Chearnaigh.

Title
Deargruathar Chonaill Chearnaigh.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 17


DEARG-RUATHAR CHONAILL CHEARNAIGH.



Is ann sin do dhruid Conall ris an
Liath Macha d'á gabháil agus d'imthigh sí
uaidh agus ní thug taoibh ris agus do chuaidh
i measg an ármhaigh, agus innisid stair-
eólaigh nár fhág sí ceann cloidhe ná
cluant i nUltaibh uile gan iarraidh
an lá sin agus táinig tar a hais
d'ionnsaighe chuirp Chon Culainn agus
air sin ráinig go Linn Léith agus do
luigh innti gur báthadh ann í.



Táinig Conall roimhe d'ionn-
saighe Chon Culainn agus do ghabh an
corp i n-a ucht agus do chuir re n-a bhruinne é;
do thoirbhir do phógaibh go dil agus go díochra é agus
do ghabh ag tuirse os a chionn go ndubhairt; -



Cú Chulainn ba hághmhar i réim
Calma a fhréimh ó aois mhic bhuig
nó gur thuit le Lughaidh na n-iath
Laoch b'fhearr ná an triath níor thuit.



Do bhéar-sa Lughaidh gan cheann -
Atá dream re a bhfuil a dhíoth -;
Go dtuitid liom uaisle Fáil
Ní dhiongnar-sa go bráth síoth.



Doiligh liom a dhul san gcath
Gan Conall i ngar dá shlios
Baoth do'n deagh-mhac dul san treas
Gan mo chneas do bheith taobh ris.



Och! is é budh daltán dam,
Cidh ibhid brain cuid dá chrú:
Ní dhiongar gáire ná gean
Ó do chuaidh tar ceal an Chú.



"Adhnacthar Cú Chulainn feasta," ar
Éimhear.



"Ní dhiongantar," ar Conall, "nó go
ndíolar-sa ar fhearaibh Éireann é agus go dtig
a cheann d'ionnsaighe a cholna féin, óir ní
fhuil cóige i n-Éirinn a ndeachaidh nach fá
héigean a fagháil damh-sa, agus is mór na gártha
so chluinim timcheall Muighe Muirtheimhne agus
Machaire Chonaill agus is lán an chóige do ghol
agus d'éighmhe d'éis Con Culainn agus do badh mhaith
an fear coiméada críche agus forfhaire fearainn
atá annso i n-a chorpán chiorrbhuighthe chrois-
leadartha agus i n-a chaobhaibh chró im' fhiadhnaise
annso agus rugadar na gártha so mo chiall agus mo
chuimhne uaim agus is maith do dhligh Lughaidh mac
Connraoi beith ag ciorrbhadh Chon Culainn,
óir is é do mharbh maithe cloinne Deaghaidh
im Fhiamhain mac Foraoi agus im Chonnraoi mac
Dáire féin; agus is dursan liom-sa gan Cú
Chulainn do bheith ag freagra na n-éighmhe-se
ó táim féin anois, óir ní raibh i n-Éirinn
curaidh ná caithmhíleadh ris nár bh'eagal a lann
agus a lámh no gur bhain draoidheacht agus diabhlai-
dheacht a bhuaidh cosgair agus comhlann de, agus is
briste mo chroidhe im' chliabh do na dlui-
theachta soin lér thuit mo chomh-dhalta agus mo


L. 18


bhráthair bunaidh buain-díleas agus leath mo
chroidhe ar n-a roinn, agus ba smol corcra
cuirp sáimh dá dhíoghail agus do bhéar ruathar fó
Éirinn anois agus ní fhuigfead cineadh gan
cíorrbhad ná fíor-fhuil gan faon-dortadh, agus
biaidh mo ruathar anois fó Éirinn dá aithris
go fiadhnach go deireadhan domhain ionnus
go gcaoinfidhthear le fearaibh Mumhan,
Connacht agus Laighean an chóimh-éirghe so do
rinneadar anois i n-aghaidh mo dhaltáin-se agus
muna mbeadh draoidheacht do-ionghabhála
cloinne cuiripe Cailitin ní thiocfadh díobh
uile a bhásughadh."



A h-aithle an iomchaointe sin do rinne
Conall os cionn chuirp an chaithmhílidh táinig
roimhe go longphort bhfear n-Éireann agus tar
Áth Muilt agus do'n ghleann mhór ris a ráidhtear
Gleann Bholchain agus tug súil seacha go bhfaca
an caoil-deathach do leathtaoibh na conaire.



"Is fíor sin," ar Conall, "is drong éigin
d'fhearaibh Éireann atá annsúd agus cuid do
bhuar Uladh aca ann."



Agus is é do bhí ann, .i. Connla mac
Críomhthainn, agus mar do chonnairc Connla
Conall d'éirigh ar thaobh na tulcha agus do badh
comhdhalta do Lughaidh mac Connraoi an fear
soin agus táinig d'ionnsaighe Lughdhach agus d'innis
dó aon mharcach do bheith ag teacht san muigh
dá ionnsaighe, agus is amhlaidh do bhí Lughaidh an
tan soin ar n-anmhain tar éis an tsluaigh do
bhorchoimeád go nach beireadh Conall orra agus
creacha móra agus airgne aidhbhle aca dá
mbreith leó as an gcóige amach.



"Do-chím-se aon-mharcach do bhar n-ionn-
saighe," ar Connla, "agus each mór dearg faoi
agus ní fhaca riamh laoch ná each budh mhó ná budh
ríoghdha, budháille ná budh oirdhearca ná budh
déine ag teacht timcheall na muighe ná é."



"Do-bheirim-se aithne ar an marcach sin,"
ar Lughaidh, ".i. rígh-laoch Éireann atá ann
sin .i. Conall calma curata coilg-neimhneach
Cearnach mac Aimhirgin iarghonaigh agus ní cean
gus a dtig an túrchurthadh soin, óir ní dheachaidh
a namhaid slán uaidh riamh ar muir ná ar tír
agus cidh cara dúinn is neamh-chara;" agus tig
Conall chuca iar soin agus adubhradar araon an
laoi so síos eatorra: -



"Aon mharcach soin ar an mhuigh,
A Lughaidh laochda lonnmhair;
Ná ceil ar curadh ná ar clainn
Adeirim is é Conall."



"Má's é Conall atá ann
Calma curata cóimhtheann,
Do-chím mo chara ar an muigh;
Gidh cara, ní cáirdeamhail."



"Mo chean duit, a Chonaill chain,"
Is é adubhairt Lughaidh;
"Tú an treas athair, toladh clann,
Fhágbhas mo dheagh-mháthair agam."



Ar dteacht do Chonall iar soin
Gus an áit i raibh Lughaidh,
Fearg ag á athair re a mhac
Níor bho Conaill a gcomhrac.



"Sloinn do cháirdeas, toladh clann,
'S ní badh heagal duit," ar Conall,
"Muna rabhais ar an muigh
Ag marbhadh mhic Subhaltaigh."



"Briathar baoise duit-se sin,
A Chonaill mac Aimhirgin,
Is mé do bhain a cheann de
do Choin Chulainn Mhuirtheimhne."



"Má's tú do bhain a cheann do'n choin
Do aon-mhac sámh Subhaltaigh,
Fuigfir do cheann féin dhá chionn
Le mórán d'uaislibh Éirionn."



"Níor thastail Muirtheimhne mbuaidh
Ag marbhadh Chon Culainn chruaidh
Nach íocfaid ina chrú soin
Do cúlghlais Chonaill Chearnaigh."


L. 19


"Cáirde chomhlainn uaibh, a fhir,
A Chonaill an airm neimhnigh,
Go dtigidh mo chatha rem' chois
Is an muigh an Airgead-rois.



"Do bhéarad-sa sin, a fhir,
A Lughaidh laochda loinnmhir,
is tabair bréithir, toladh chlann,
Nach seachónair mo chomhlann."



Do bheirim fám' bhréitir niadh
Thugainn fám' chloidheamh is fám' sgiath,
Acht go dtigidh mo shluaigh amach
Nach imghéabhad aon mharcach.



Is ann sin do nasg Conall ar Lughaidh an
tan roichfeadh i measg a mhuintear nach
teithfeadh sé roimhe agus go mbiadh i n-Airgead-
ros ag feitheamh ris. Táinig Conall iar soin
i n-a chomhruathar confadhach go Glaise Breagh
agus níor chian bhí ann an tan do chonnairc trí
caogaid curaidh armtha éidighthe ar ur an
átha i n-oirchill ar a chionn. D'fhiafruigh
Conall cia do bhí ann.



"Máine mac Eipirt, .i. mac mórdhálach
Meidhbhe agus Oiliolla agus ríogh-dhamhna Connacht."



"Maith liom d'fhagháil ann sin," ar Conall,
"má do bís ag marbhadh Con Culainn."



"Is deimhin gur ghoin mise é," ar Máine.



"Goinfead-sa tusa i n-a éiric sin," ar
Conall, agus d'ionnsaigh Conall é go hainmhín
anmhuinteardha, agus tugadar anlaochradh
tulghona dá sleaghaibhi n-aonfheacht ar
Conall, agus congbhas an t-ársaigh a sgiath ris
na craoiseachaibh gur bhris agus gur mhionaigh a
n-arma uile agus do chuaidh sé fútha go fear-
gach foirniata agus do thomhais go tréan-láidir
a dtreas-bhuillí thar taobhaibh tréin-mhílidh agus
thar corpaibh curadh gur badh cíorrtha cóimh-
roinnte agus gur badh mhillte marbhtha mío-
chóirighthe muintir Mháine do'n mór-chosgair
sin, agus táinig sé féin roimhe mar a raibh
Máine san iorghail agus tub buille cnéam-
ghearrtha corp-láidir dó gur ghearr idir arm
agus éideadh é agus gur sgoilt ar a dhó é, agus do
bhain a cheann de agus do chuaidh fá'n gcoill budh
neasa dó, agus do bhean slat badh méadh lán a
dhuirn agus do shníomh agus do chuir an ceann sin
Mháine air.



"Is maith liom an ceann so do bheith ar
an ngad so agam," ar Conall, "agus do-bheirim
dom' bhréithir nach rachaidh mé dom' thigh nó
go mbeiridh mé lán an ghaid-se do cheannaibh
ríogh agus taoiseach agus tréin-fhear bhfear nEireann
liom, agus is tosach díthe agus díoghbhála d'fhearaibh
Éireann mo theacht tar muir do'n turus so,
óir ní fhuil dún ná deágh-árus i n-Éirinn nach
biaidh gol agus mairge mora ann uaim-se i
ndíoghail mo dhaltáin ar fhearaibh Éireann, agus
is maith liom mar do chuaidh a fhorfhaire do
Mháine tar éis an tsluaigh agus fós is ró-mhaith
liom gurab ar Connachtaibh do rinneas mo
chéad-deargadhn láimhe ar dtúis agus badh sruth
Mháine ainm an tsrotha ó so amach mar ar
thuit Máine mac Oiliolla."



(Ní críoch.)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services