Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Filidheacht. Comhairle an Ghaedhil dh'á Pháisdín.
Title
Filidheacht. Comhairle an Ghaedhil dh'á Pháisdín.
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
COMHAIRLE AN GHAEDHIL DÁ PHÁISDÍN. Fonn - "Beannacht an Bhranaigh," no, "Farewell, my Love, and Remember Me." A Phádraig óig, a ghrian-stóir mo chléibh, Ó's tusa thógas go nósmhar béas Do réir na huaisle ba dhual do Ghaedhil, O, mo chroidhe dod' chúram is siúd ná tréig. Curfá: Mo chuid de'n tsaoghal thu, mo sgéimh, mo chlódh, Gach áit go 'mbír ann ist oidhche is ló; Ná dearmad choidhche do shinsir romhat, A dteanga Ghaedhilge 's gach béas ba leo. Taoi ag dul i mbarach, a ghrádh na n-ae, 'S tu ag iomchur leabhair chum foghluim léighinn; Agus chím go breágh ann an t-Á Bé Cé 'Sa chlódh ba ghnáth riamh ag fáidhíbh Gaedheal. Curfá. Ní hé do dhálta mo dhálta féin; Bhí an sgoil 's an máighistir an tráth sain clé; Níor thuig mé a caint siúd dá thaidhbhsighe a réim, Agus d'fág me i dteannta é 'na Ghalldacht léin. Ó glac mo chomhairle a mhic ó dhuit féin, Is cuir chum meabhrach do leabhar go séimh; Mar ní thiocfaidh árdach do Chlár Luirc ghlé, Go mbeidh a muintir ar líomhthacht léighinn. Curfá. 'S eadh, imthigh uaim, 's go ra' buan tu, a laogh; Go dtéidh tu an bóthar is cóir do Ghaedheal, Ag leanamhaint choidhche deagh-ghníomhartha ar laoch, Is mo bheannacht bíodh leat, a naoidhin mo chléibh. Curfá. TADHG O DONNCHADHA. 16/9/1900.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services