Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Filidheacht. Comhairle an Ghaedhil dh'á Pháisdín.

Title
Filidheacht. Comhairle an Ghaedhil dh'á Pháisdín.
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

COMHAIRLE AN GHAEDHIL DÁ PHÁISDÍN.



Fonn - "Beannacht an Bhranaigh," no, "Farewell, my
Love, and Remember Me."



A Phádraig óig, a ghrian-stóir mo chléibh,
Ó's tusa thógas go nósmhar béas
Do réir na huaisle ba dhual do Ghaedhil,
O, mo chroidhe dod' chúram is siúd ná tréig.



Curfá:
Mo chuid de'n tsaoghal thu, mo sgéimh, mo
chlódh,
Gach áit go 'mbír ann ist oidhche is ló;
Ná dearmad choidhche do shinsir romhat,
A dteanga Ghaedhilge 's gach béas ba leo.



Taoi ag dul i mbarach, a ghrádh na n-ae,
'S tu ag iomchur leabhair chum foghluim
léighinn;
Agus chím go breágh ann an t-Á Bé Cé
'Sa chlódh ba ghnáth riamh ag fáidhíbh Gaedheal.



Curfá.



Ní hé do dhálta mo dhálta féin;
Bhí an sgoil 's an máighistir an tráth sain clé;
Níor thuig mé a caint siúd dá thaidhbhsighe a
réim,
Agus d'fág me i dteannta é 'na Ghalldacht
léin.



Ó glac mo chomhairle a mhic ó dhuit féin,
Is cuir chum meabhrach do leabhar go séimh;
Mar ní thiocfaidh árdach do Chlár Luirc ghlé,
Go mbeidh a muintir ar líomhthacht léighinn.



Curfá.



'S eadh, imthigh uaim, 's go ra' buan tu, a laogh;
Go dtéidh tu an bóthar is cóir do Ghaedheal,
Ag leanamhaint choidhche deagh-ghníomhartha ar
laoch,
Is mo bheannacht bíodh leat, a naoidhin mo
chléibh.



Curfá.



TADHG O DONNCHADHA.
16/9/1900.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services