Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Purgadóir Naomh Phadruig.
Title
Purgadóir Naomh Phadruig.
Author(s)
Mhac Gabhráin, Tomás,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Purgadóir Naomh Pádruig. Deisgiobal: Mar ghrása ort innis damh créad is ciall do Phurgadóir Naomh Phadruig. Maighistir: Sgríobhthar ag Vicensius Belu- asinsis agus ag St. Anthoin. pa 2. sum. hist. titulo cap. et paragra. 2. tar éis Padruig naomhtha do thimpódh lucht na hÉirionn uile do chum an Chreidimh lena theagusg agus lena sheanmóir, do bhí an náisiún sin comh bar- bardha docheansaidh agus sin, gurab ar éigin do chreideadar go raibh cruadh-bhreitheamhnus Dé le theacht orra, no fós pianta Iffrinn no Purgadóra; gidheadh, do ghuidh an naomh Dia go dúthrachtach ionnus go ttaisbeanadh dhóibh tré ghníomh an ní do sheanmóir dhóibh ó bheul, agus do rinne iomad urnuidhthe agus troisgthe leis an intinn chéadna, agus dá bhrígh sin d'fhoillsigh Dia é féin dhó fa deóigh, agus thug leabhar an tsoisgeál agus an bachall dó ina láimh, agus na dhiaigh sin rug leis é go fásach, agus do thais- beáin uaimh dhó ris an mbachall, ag rádh leis, "Ge bé ar bith rachus asteach san uaimh-si le creideamh fíre agus le haithreachus diongmhála ina pheacaidh ar feadh ceithre n-uaire bhfiochiod, glanfaidhear é ón uile phéin dlighthear ar son a pheacaidh," agus iar ndol asteach dóibh araon agus amach as an uaimh chéadna, ní hé amháin go bhfacadar na pianta dlighthear dona droch-dhaoine acht fós an ghlóir a dlighthear dona fíreanaibh, agus ansin do sgar Dia le Pad[r]uig agus d'fhaig lán do shólás é, agus do chuir teampall suas san áit chéadna, agus manaigh d'Ord St. Angus: do chomhdach agus do choimhéad na háite céadna, agus thug eochar na huamha don phridheóir, ionnus nach rachad aonduine asteach san uamh acht lena chead, agus do chuaidh mórán asteach san uaimh chéadna do dhearbhus le fírinne go bhfacadar féin mórán do neithibh uathbhásach, mar do bhiadh anmanna dá bpianadh le hiomad agus le héxamhlacht gach dócamhal, agus do chuir Padruig naomhtha d'fhiachaibh na neithe céadna do sgríobhadh san teampall, agus mar do chonarc an poball na neithe sin, do chreideadar na neithe do sheanmóir an naomh Pádruig diobh ar Iffrionn agus ar Purgadóir, agus do bhrígh do nglantar anmanna na muinntire théid san uaimh óna bpeacaighibh agus ón phéin a dlighthear ar a son, goirthear Purgadóir Naomh Padruig (dá ngoirthear a nÉirinn Loch Dearg) don áit
chéadna, agus as sin is iontuigthe gur orduigh Dia 'n-iomad Purgadórach ar an talamh do chum na n-anmann do ghlanadh. *
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services