Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Purgadóir Naomh Phadruig.

Title
Purgadóir Naomh Phadruig.
Author(s)
Mhac Gabhráin, Tomás,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Purgadóir Naomh Pádruig.



Deisgiobal: Mar ghrása ort innis damh
créad is ciall do Phurgadóir Naomh Phadruig.



Maighistir: Sgríobhthar ag Vicensius Belu-
asinsis agus ag St. Anthoin. pa 2. sum. hist.
titulo cap. et paragra. 2. tar éis Padruig
naomhtha do thimpódh lucht na hÉirionn uile
do chum an Chreidimh lena theagusg agus lena
sheanmóir, do bhí an náisiún sin comh bar-
bardha docheansaidh agus sin, gurab ar éigin do
chreideadar go raibh cruadh-bhreitheamhnus
Dé le theacht orra, no fós pianta Iffrinn no
Purgadóra; gidheadh, do ghuidh an naomh Dia
go dúthrachtach ionnus go ttaisbeanadh dhóibh
tré ghníomh an ní do sheanmóir dhóibh ó bheul,
agus do rinne iomad urnuidhthe agus troisgthe leis
an intinn chéadna, agus dá bhrígh sin d'fhoillsigh
Dia é féin dhó fa deóigh, agus thug leabhar an
tsoisgeál agus an bachall dó ina láimh, agus na
dhiaigh sin rug leis é go fásach, agus do thais-
beáin uaimh dhó ris an mbachall, ag rádh leis,
"Ge bé ar bith rachus asteach san uaimh-si
le creideamh fíre agus le haithreachus diongmhála
ina pheacaidh ar feadh ceithre n-uaire bhfiochiod,
glanfaidhear é ón uile phéin dlighthear ar
son a pheacaidh," agus iar ndol asteach dóibh
araon agus amach as an uaimh chéadna, ní hé
amháin go bhfacadar na pianta dlighthear
dona droch-dhaoine acht fós an ghlóir a
dlighthear dona fíreanaibh, agus ansin do sgar
Dia le Pad[r]uig agus d'fhaig lán do shólás é,
agus do chuir teampall suas san áit chéadna,
agus manaigh d'Ord St. Angus: do chomhdach agus
do choimhéad na háite céadna, agus thug eochar
na huamha don phridheóir, ionnus nach rachad
aonduine asteach san uamh acht lena chead, agus
do chuaidh mórán asteach san uaimh chéadna do
dhearbhus le fírinne go bhfacadar féin mórán
do neithibh uathbhásach, mar do bhiadh anmanna
dá bpianadh le hiomad agus le héxamhlacht
gach dócamhal, agus do chuir Padruig naomhtha
d'fhiachaibh na neithe céadna do sgríobhadh
san teampall, agus mar do chonarc an poball
na neithe sin, do chreideadar na neithe do
sheanmóir an naomh Pádruig diobh ar Iffrionn
agus ar Purgadóir, agus do bhrígh do nglantar
anmanna na muinntire théid san uaimh óna
bpeacaighibh agus ón phéin a dlighthear ar a son,
goirthear Purgadóir Naomh Padruig (dá
ngoirthear a nÉirinn Loch Dearg) don áit


L. 12


chéadna, agus as sin is iontuigthe gur orduigh
Dia 'n-iomad Purgadórach ar an talamh do
chum na n-anmann do ghlanadh. *



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services