Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tigh na Gann-choda.
Title
Tigh na Gann-choda.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
TIGH NA GANN-CHODA. Buachaill a bhí ann aon uair amháin agus is cuma gá hacú bhí nó nach rabh. Bhí sé ag suirghe le cailín a rachadh se go tigh a gáid ar a chéilidh go minic. Bhí rás an mhuilinn ar a bhealach, 's gach aon tráthnóna dha mbéidheadh se ag dul ann léimeadh se rás an mhuilinn. Ar maidin nuair a bheidheadh sé 'g dul a bhaile, rachadh se thart go dtí an droi- chead. Chas an muilteoir air tráthnóna amháin. "Maiseadh," ars' an muilteoir, "an n-ársacha tú goidé an t-ádhbhar, nuair a bhíonn tú ag dul 'un a' tighe sin, a léimeann tú rás an mhuilinn, 's nuair a bheidh tú ag dul a bhaile ar maidin, a racha tú thart go dtí an droichead." "Ársacha me sin dhuid", ars' an buachaill; "Nuair a théidhim-sa 'un a' tighe sin, leagfar nar sáith aráin agus ime fúinn. Chan itheann fear a' tighe dhá ghreim go n-éireacha se. Caithfidh mise éirghe annsin, 's cha bhím ábalta dhul a bhaile leis an ocras." "An chead uair eile bheidh tú 'g dul," ars' an muilteoir, "tabhair mise leat." "Bhéarad," ars' an buachaill. An chead uair eile bhí se ag dul thug se an muilteoir leis agus chuaidh siad isteach 'sa' tigh. Leagadh arán agus im acú. Nuair a bhí siad 'na suidhe, d'éirigh fear an tighe sul ar ith siad dhá ghreim. "'Nois," ars' an muilteoir leis an mbua- chaill, "ná corruigh." Char chorruigh an muilteoir ná an buachaill gur ith siad a rabh ar an mbórd. Bhí sin go maith go dtainic an oidhche. Cuireadh an buachaill 'na chodladh ionn i rúm. "Fanacha mise innseo insa' chóirneál ar shop cochain," ars' an muilteoir. Chuaidh fear an tighe agus bean an tighe a luighe. "'Nois," adeir fear an tighe, "caillfhear leis an ocras mé, ó d'ith an bheirt seo a rabh ar an mbórd." "D'fhéad tú do sháith 'ithe," ars' an bhean, "nuair a bhí se agat." "Éirigh," ars' an fear, "agus teana tuirtin. Tarraing anall a' teinidh, agus leag ar chloich a' teinnteáin e." D'éirigh an bhean is rinn sí an tuirtin. Thainic sí aníos agus tharraing sí anall an teinidh, is leag sí ar an teinnteán é. Chuir sí an teinidh 'sa' mhullach air. Thóg an muilteoir a cheann agus tharraing se píopa air. "Tá me áthasach gur éirigh tú," ars' an muilteoir; "Goidé an seort tighearna atá agaibh insa' tír seo?" adeir se leis an mnaoi. "Ó, tighearna maith," adeir sí. "Tá tighearna againne," adeir se, "agus chuaidh sé a dheanamh teórainnteach díreach agus thug se stróc aniar mar seo agus aniar mar siud" - thug se an bata thríd an tuirtin gur mhill se thríd an luaithridh an tuirtin -; "b'éigin damh an áit 'fhágáil ar fad." D'éirigh bean an tighe agus chuaidh sí síos a luighe.
"Bhfuil sin leat?" adeir an fear. "Chan fhuil," adeir sí; "D'éirigh an fear udaidh 'g ársaighe ar a chuid teorainnteach gur mhill se an tuirtin thríd an luaithridh." "Ó, cha bhím beó ar maidin leis an ocras," ars' an fear. "Goidé gheana mé? Gabh 'mach," adeir sé, "agus bligh noigin bainne do'n mairt." D'eirigh an bhean is chuaidh sí amach. Nuair a bhí sí ag teacht ar ais, chas an muilteoir 'sa' dorus uirthí. "Bhfuil sin leat?" adeir an muilteoir. "Tá," ar sise. Bheir se ar an noigin, 's char fhág deór nár ól se. Chuaidh sí síos chuige fear an tighe. "Bhfuil sin leat?" adeir se. "Chan fhuil," adeir sí; "chas an fear ud orm ag an dorus is d'ól sé e." "Goidé gheana me anois?" adeir an fear; "Gabh 'mac 'un a' ghárrdha is tarraing gas ghabáisde." "Cha dtéidhim anocht," adeir an bhean; "éirigh thú fhéin is téidh amach." D'éirigh an fear is chuaidh amach 'un a' ghárrdha a bhaint gais ghabáisde. D'éirigh an muilteoir is lean sé e. Bhí bata maith leis an muilteoir. "Ara, a shean-rógaire," ars' an muilteoir, "Goidé bheir ag goid gabáisde an fhir mha- cánta thú?" "Nach mé fhéin atá ann?" adeir fear an tighe. "Is tú fhéin atá ann," adeir an muil- teoir, "acht goidé 'fhios agam-sa gá thú fhéin?" Tharraing se buille a bhata air, agus leag se leis an mbuille e agus bhuail a sháith air. D'imigh an muilteoir ag sgairteach ar an mbuachaill. D'imthigh an bheirt a bhaile 's cha dtainic ar ais ní 'mhó.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services