TIGH NA GANN-CHODA.
Buachaill a bhí ann aon uair
amháin agus is cuma gá hacú bhí
nó nach rabh. Bhí sé ag
suirghe le cailín
a rachadh se go
tigh a gáid ar a
chéilidh go minic. Bhí rás
an mhuilinn ar a bhealach,
's gach aon tráthnóna dha
mbéidheadh se ag dul ann léimeadh se rás an
mhuilinn. Ar maidin nuair a bheidheadh sé 'g
dul a bhaile, rachadh se thart go dtí an droi-
chead. Chas an muilteoir air tráthnóna
amháin.
"Maiseadh," ars' an muilteoir, "an
n-ársacha tú goidé an t-ádhbhar, nuair a
bhíonn tú ag dul 'un a' tighe sin, a léimeann
tú rás an mhuilinn, 's nuair a bheidh tú ag
dul a bhaile ar maidin, a racha tú thart go
dtí an droichead."
"Ársacha me sin dhuid", ars' an buachaill;
"Nuair a théidhim-sa 'un a' tighe sin, leagfar
nar sáith aráin agus ime fúinn. Chan itheann
fear a' tighe dhá ghreim go n-éireacha se.
Caithfidh mise éirghe annsin, 's cha bhím ábalta
dhul a bhaile leis an ocras."
"An chead uair eile bheidh tú 'g dul," ars'
an muilteoir, "tabhair mise leat."
"Bhéarad," ars' an buachaill.
An chead uair eile bhí se ag dul thug se
an muilteoir leis agus chuaidh siad isteach 'sa'
tigh. Leagadh arán agus im acú. Nuair a bhí
siad 'na suidhe, d'éirigh fear an tighe sul ar
ith siad dhá ghreim.
"'Nois," ars' an muilteoir leis an mbua-
chaill, "ná corruigh."
Char chorruigh an muilteoir ná an buachaill
gur ith siad a rabh ar an mbórd. Bhí sin go
maith go dtainic an oidhche. Cuireadh an
buachaill 'na chodladh ionn i rúm.
"Fanacha mise innseo insa' chóirneál ar
shop cochain," ars' an muilteoir.
Chuaidh fear an tighe agus bean an tighe a
luighe.
"'Nois," adeir fear an tighe, "caillfhear
leis an ocras mé, ó d'ith an bheirt seo a rabh
ar an mbórd."
"D'fhéad tú do sháith 'ithe," ars' an bhean,
"nuair a bhí se agat."
"Éirigh," ars' an fear, "agus teana tuirtin.
Tarraing anall a' teinidh, agus leag ar chloich
a' teinnteáin e."
D'éirigh an bhean is rinn sí an tuirtin.
Thainic sí aníos agus tharraing sí anall an teinidh,
is leag sí ar an teinnteán é. Chuir sí an
teinidh 'sa' mhullach air.
Thóg an muilteoir a cheann agus tharraing se
píopa air.
"Tá me áthasach gur éirigh tú," ars' an
muilteoir; "Goidé an seort tighearna atá
agaibh insa' tír seo?" adeir se leis an mnaoi.
"Ó, tighearna maith," adeir sí.
"Tá tighearna againne," adeir se, "agus
chuaidh sé a dheanamh teórainnteach díreach agus
thug se stróc aniar mar seo agus aniar mar
siud" - thug se an bata thríd an tuirtin gur
mhill se thríd an luaithridh an tuirtin -;
"b'éigin damh an áit 'fhágáil ar fad."
D'éirigh bean an tighe agus chuaidh sí síos a
luighe.
"Bhfuil sin leat?" adeir an fear.
"Chan fhuil," adeir sí; "D'éirigh an fear
udaidh 'g ársaighe ar a chuid teorainnteach
gur mhill se an tuirtin thríd an luaithridh."
"Ó, cha bhím beó ar maidin leis an ocras,"
ars' an fear. "Goidé gheana mé? Gabh
'mach," adeir sé, "agus bligh noigin bainne
do'n mairt."
D'eirigh an bhean is chuaidh sí amach. Nuair
a bhí sí ag teacht ar ais, chas an muilteoir
'sa' dorus uirthí.
"Bhfuil sin leat?" adeir an muilteoir.
"Tá," ar sise.
Bheir se ar an noigin, 's char fhág deór nár
ól se.
Chuaidh sí síos chuige fear an tighe.
"Bhfuil sin leat?" adeir se.
"Chan fhuil," adeir sí; "chas an fear ud
orm ag an dorus is d'ól sé e."
"Goidé gheana me anois?" adeir an fear;
"Gabh 'mac 'un a' ghárrdha is tarraing gas
ghabáisde."
"Cha dtéidhim anocht," adeir an bhean;
"éirigh thú fhéin is téidh amach."
D'éirigh an fear is chuaidh amach 'un a'
ghárrdha a bhaint gais ghabáisde.
D'éirigh an muilteoir is lean sé e. Bhí
bata maith leis an muilteoir.
"Ara, a shean-rógaire," ars' an muilteoir,
"Goidé bheir ag goid gabáisde an fhir mha-
cánta thú?"
"Nach mé fhéin atá ann?" adeir fear an
tighe.
"Is tú fhéin atá ann," adeir an muil-
teoir, "acht goidé 'fhios agam-sa gá thú
fhéin?"
Tharraing se buille a bhata air, agus leag se
leis an mbuille e agus bhuail a sháith air.
D'imigh an muilteoir ag sgairteach ar an
mbuachaill. D'imthigh an bheirt a bhaile 's cha
dtainic ar ais ní 'mhó.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11