Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cnachar Rí Uladh.
Title
Cnachar Rí Uladh.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CNACHAR RÍ ULADH. [.i. Conchubhar rí Uladh, sean-sgéal a d'aithris Brian Mac Conbhuidhe i gCurrach an tSearraigh (nó Corr an tSearraigh) i nGleann Fhoichle i Muinntir Luinigh i dTír Eoghain. Eóin Mac Néill do sgríobh an sgéal ó bhéal-aithris Bhriain réam-ráidhte, Dia Domhnaigh, an t-ochtmhadh lá de Mheitheamh Fhoghmhair, 1900]. Insa' tsean-aimsir, bhí ceithre rígh i nÉirinn, rí Laighean, rí Mumhan, agus rí Connachta, agus bhí rí eile i gCúig' Uladh a dtug siad Cnachar rí Uladh air. Cha raibh Cnachar rí Uladh ábalta ar throid a choinneáilt leis na trí rígh eile, agus chuir siad a dtriúr nighneacha un sgoil (chuige) foghlaim agus béasa thabhairt dóbhtha, agus chuir sé suas grianán a' cois na fairrge dóbhtha. Chuaidh sé amach a'n mhaidin amháin agus thainic sé isteach a gol agus a caoineadh. Goidé seo tá ort anois? arsa 'n bhean. Tá na trí óinseacha seo, ar seisean, agus ní bhfuil mé ábalta foghlaim agus béasa thabhairt dóbhtha. Téirigh, ar sise, agus fogha triúr cléireach domh-sa a chuirfheas síos a n-ainm agus béidh oiread Fiann Éireann agam-sa agus fhuig- fheas insa mbaile acu iad gan buille sgin' ná cloidhimh. Cuireadh fios ar chléireach agus labhair an rí leis.
Cuir síos annsin iad, arsa seisean. Each Buailceam rí Mumhan, Féidhlimid rí Connachta, Osgain Fionn mac Ramhair, Mungluisne gan sál, Corpach, Laoiseach, Laoiseach Ceann-airidh, Gruagánach Sainn- airidh, sin agus a thriúr mac, Goll Sgigeadh, Goll Sgóigeadh, Goll de Sgóige Craige Luain, Cú Chulainn mac Sualtaigh mhic Bualtaigh mhic Óigeárlaigh mhic Soineárlaigh mhic Mór-óglaigh mhic Fionn-óglaigh, Éileanna mac 'ic Céithleanna mac an ríogh-ghaisgidhigh, Bricín beag 'ac Eilipigh, Ceannaire, Éigsean, agus amadán de Chlanna Ruaidhrí. Cuireadh suas péipeár annsin gach uile áit fríd Éirinn go bhfuil féasta mór thrí lá agus thrí oidhche aige Cnachar rí Uladh, agus cuireadh ige gach uile dhuine theacht chuige. An lá ar n-a bhárach, bhí na bóithre breac leis na Fianna Éireann a teacht chuig an fhéasta. Bhí féasta mór ionn, trí lá agus trí hoidhche, agus an tríomhadh lá rinne Cnachar dearmad de na mná bhí insa ghrianán, agus chuaidh sé ag amharc leóbhtha, ach bhí na dorsa fosgailte agus iad ar shiubhal. (Bheir an sgéal céim siar annso ag innsin fá mar d'imthigh an triúr ban óg). Bhí triúr mac Ríogh na Luamhach i ndéidh a lóin Dé agus a bhfortuin, agus chuaid siad chuig an ghrianán, agus nuair a thanaic na cailíní iad, dhruid siad na dorsa. Arsa duine de na buachaillí: Seo an ghnathaigh bhí againn libh, 'un arsughadh duibh go bhfuil féasta mór aige Cnachar rí Uladh, agus go dtug sé glas duibh chuige. Goidé gheanamuid leis siud? arsa nighean ríogh Mumhan le nighin ríogh Laighean. Tá 'fhios, arsa nighen ríogh Connachta. Leanfhamuid iad siud, agus rachamuid leóbhtha go dtí go dtabharmuid a sháith siolláin do Chnachar rí Uladh. Nuair a fuair an rí iad ar shiubhal, chroth- nuigh a bhean é, agus chuaidh sí amach ag amharc orthu, agus fuair sí an rí a gol agus a caoineadh. Goidé seo tá ort anois? ar sise. Tá, ar seisean, tá na trí hóinseacha seo ar shiubhal. Well, arsa sise, cha rabh tú riamh i n-am na b'fhearr. Tá Cú Chulainn annsiud a leanfhadh lorg a' tsiongáin ar a' chloich faoi agus os cionn uisge. Téidh isteach anois, arsa sise, agus fiafruigh. Cuir suas bual- taire, an bhfacha siad a'n fhéasta riamh comh maith leis. Déara siad uilig nach bhfachaidh. Cuir suas cionn eile annsin, ca hé an sealgaire is fhearr istoigh. [Rinneadh amhlaidh.] Mo dhonas agus mo dhoghraing orm, arsa Bricín, go bhfuil Cú Chulainn. Ora, a chorpáin bhocht, ar seisean (ar Cú Chulainn), goidé an chaint a bhéadh ort-sa? Fuair greim ar Bhricín le ha'n láimh amháin agus tuagh an bhéil mhóir insa láimh eile, 'a thabhairt leis chuig 'a bhloc agus 'a leigint síos ar a bhloc, fá chionn a' chinn a ghearradh de. D'amhairc Bricín suas air. Ná buin mo chionn díom-sa, a Chú Chulainn, ar seisean, agus béidh mé comh maith lé fear is céad duid in gach uile cath go dtillidh tú. Rinneadh suas luing mhór, luing lán, a dtabhrat siad an Úrbhrach uirri. A' chéad lá chuaidh siad ar an fhairrge, Thóg siad a gcuid seólta bocóideacha bán-dearga i mbarr na gcroinn chaogadmhadh ag éisteacht le míolta móra le goithe róna le lúbarnán na n-iosgan le sgairteacha na bhfaoileann le beithidhigh allta na fairrge a coinneáilt ól-cheóil agus airfirt leó péin go raibh neóin agus deireadh an lae a teacht
gur éirigh Bricín suas i mbarr a' chroinn seóil, agus go bhfaca se oileán i bhfad uadh agus go dtug iarraidh air go géar agus go gion agus go deifreach. Goidé gheanamuid anois? arsa Cú Chulainn le Bricín. Glac thusa fear is céad an Úrbhrach chur thar tuinn. Tá, téidh thusa faoi n-a lár (le Cú Chulainn), agus racha mise faoi n-a cóirneál. Chuaidh Cú Chulainn faoi n-a lár agus Bricín faoi n-a cóirneál, agus chuir siad amach ar thalamh tirm í. Nuair a d'éirigh sé darcha annsiud, bhí Cú Chulainn a gul a luighe. Goidé tá tu gul a dheanamh anois? arsa Bricín leis. Caithfidh mé néal a bhuint as a chionn anois, ar Cú Chualainn. Arsa Bricín: Bhfuil 'fhios agad ca bhfuil do charaid ach oir' le do námhaid? Thug Bricín leabhar leis agus chuaidh sé 'á léigheadh, agus thainic a chodladh air fosta. Nuair a bhí briseadh an lae ionn, mhúsgail se suas agus d'amhairc se amach, agus thanaic se fear mór a teacht anuas a cois na trágha a bhfeicfheá an saoghal mór idir a dhá chois agus nach bhfeicfheá rud ar bith as cionn mullach a chinn. Léim se (.i. Bricín) le n-a dhá ghlúin le n-a dhá uillinn i mbéal ochta Chú Chulainn. Bí ar do chois, ar seisean, a ghaisgidhigh b'fhearr a thanaic me riamh! A bhfeicheann tu feall an fhir mhóir orainn thainic anuas a cois na fairrge, cliabhán iarainn agus crúcaí iarainn ar a dhruimn, agus é péin ag iasgaireacht? Nuair a tháinic sé comhfhad leis an Úrbhraigh, chuir sé crúca sa nÚrbhraigh, agus támuid fhéin agus an Úrbhrach leis ar a ghualainn! Tharraing Cú Chulainn air a chulaidh chruaidh chomhraic agus thug sé léim amach, agus thug sé féin agus a' fear mór dhá rann ar a chéile, go ndeanat siad bogán den chreagán, creagán den bhogán, agus tobar fíor-uisge i lár na cloiche glaise nach bhfacha a'n deór uisge riamh. Chár leag Cú Chulainn a'n fhear riamh go dtí go rachat sé ar a leith-ghlúin. Leig se e fhéin síos ar a leith-ghlúin, agus nuair a thanaic Bricín e a gul síos ar a leith-ghlúin, shíl se go rabh an far mór ar dhóigh é leagadh, agus thug sé léim amach, agus cé an áit i nÉirinn ar léim se ach i gcliabhán iarainn an fhir mhóir, gach a'n spiocóid ionn a bhí trí slata ar fad! D'amhairc se thart agus thainic se Cú Chulainn ar mhullacha an fhir mhóir, agus a Chú Chulainn! arsa seisean, a Chú Chulainn! buin a'cionn de! Ná buin mo chionn díom-sa, arsa an fear mór, agus racha me leat gach uile bealach go dtí go dtillidh tú aríst. Well, arsa Cú Chulainn, b'fhéidir gur cóir duid sin a dhéanamh, agus chuaidh siad leis an fhear mhór na dhiaidh sin. Nuair a thanaic bean an fhir mhóir a teacht iad, dhruid sí an doras orthu. Sgairt siad annsin an doras osgailt, agus chan fhosglachat sí é. Bhí trí troighthe de iarann insa doras. Thug Cú Chulainn dhá choiscéim ar ais agus a' choiscéim amháin ar aghaidh, agus bhuail sé an doras le n-a chois agus rinn se sgealbóga de. Chuaidh siad leób annsin agus d'fhan siad an oidhche sin aig an fhear mhór, agus chuaidh Cú Chulainn a gul a luighe. Goidé tá tu a gul a dheanamh anois? arsa Bricín leis. Caithfidh me néal a bhuint as a chionn, ar seisean. Well, arsa seisean, buinfhidh an fear mór na cinn dinn faoi mhaidin má ghní tu sin. Is cuma liom, arsa seisean. Caithfidh me néal a bhuint as a chionn. Thainic a chodladh ar Bhricín fósta, agus
b'éigean do féin gul a luighe, agus chuaidh a' fear mór agus bhuin sé na cinn de bheirt a bhí a siubhal ar a' tráigh, agus chroch se suas na cinn insa rúma a rabh Cú Chulainn agus Bricín na gcodladh ionn. Nuair a mhúsgail Bricín ar maidin, Ó a Chú Chulainn, ar seisean, a bhfeicheann tu feall an fhir mhóir orainn? A bhfeicheann tu do chionn mór gruagach dubh-sa agus mo chionn beag brioc liath-sa crochta i n-áirde annsiud? Cuir suas do lámh, arsa Cú Chulainn, agus amhairc a bhfuil se ort! Mhuise, mo dhonas agus mo dhoghraing orm, ar Bricín, agus sílim go bhfuil se annseo go se! Rinn siad réidh agus ghlac siad a luing an oidhche sin, agus char stad siad go deachaidh siad isteach go Rígh Artur, rí na Luamhach. Nuair a chuaidh siad annsin, bhí cuireadh aige an rígh chuig an tír go hiomlán, chuige féasta trí lá agus trí n-oidhche ar son a' triúr buachaillí agus a' triúr cailíní. Chuaidh Cú Chulainn agus a' fear mór agus Bricín i n-umhail leis a' gcuid eile ar shiubhal chuig an chruinniughadh mhór. Nuair a thainic an oidhche, cuireadh gach uile duine 'n-áit rabh ceól agus cuideachta acu isteach i n-i n-áit dóbhtha fhéin, agus bhí an uaisle thuas ar lofta ag éisteacht leóbhtha. Cha raibh duine ionn a thiocfadh ceól agus cuideachta choinneál le Cú Chulainn. Arsa nighean ríogh Mumhan le nighin ríogh Laighean: A mbéadh conntabhairt duine ar bith sinn a leanamhaint? Dubhairt siad uilig nach mbéadh. Chuir síos duine uam, agus amhairc cé an duine annsiud tá as cionn a' toighe uilig le ceól agus le cuideachta. Chuaidh duine síos agus thill se suas aríst. Arsa seisean: Fear mór cuirlíneach dubh 'bhfuil naoi n-amharc ina shúil chlí agus aon amharc amháin ina shúil deis. Teanaigí, arsa sise, ar son Chú Chulainn! Téidh síos duine uam, arsa sise, agus amhairc a bhfuil mórán cuideachta leis. Chuaidh duine síos agus cha dtiocfaidhe a'n duine fhagháil ionn ach Bricín agus an fear mór agus Cú Chulainn, agus cuireadh fios orthu annsin suas i n-umhail leis an uaisle agus thug siad gach uile seórt 'úsáid mhaith dóbhtha. Cuireadh ar shiubhal a luighe i n-i ngrianán bhí i bhfad ar shiubhal ón chúirt; agus nuair a chuaidh siad isteach sa ghrianán, bhí naoi ndorsa air, agus chuaidh Cú Chulainn agus a' fear mór a luighe, agus cá luighfheadh Bricín ar chor sa bhith. Chuaidh sé a léigheadh leabhar, agus thuit sé na chodladh, agus nuair a mhúsgail se suas, léim se na sheasamh agus rith se ag amharc ón doras, agus bhí naoi ndorsa a gul isteach dóbhtha, agus chá rabh doras acu nach rabh druidte le haol agus le cloich ach a'n chionn amháin agus bhí troigh a'nduine i ndoimhne de iarann ionn. Léim Bricín le n-a dhá ghlúin le n-a dhá uillinn i mbéal ochta Chú Chulainn. Bí ar do chois, a ghaisgidhigh b'fhearr a thanaic me riamh! A' grianán a rabh naoi ndorsa air a teacht isteach ionn, chán fhuil air ach a'n doras amháin agus tá troigh a'nduine i ndoimhne de iarann ionn. Tharraing Cú Chulainn air a chulaidh chruaidh chomhraic, agus thug se dhá choiscéim ar ais agus a choiscéim amháin ar aghaidh agus bhuail sé cic ar a' doras agus chár fhág se fear ná bean ná páisde fá naoi n-iomaire agus naoi n-eitire den doras nár mharbh se le sgealbóga an dorais. Chuaidh se fhín agus an fear mór agus Bricín amach, agus chán fhaca a'n duine acu an duine eile ar fud naoi lá agus naoi n-oidhche a marbhadh roimhe romhtha; agus nuair a bhí siad uilig marbh acu ach na trí ríogha óga sa agus a dtriúr ban, thainic siad ar a ndá ghlúin chucu ag iarraidh ceathramha anma.
Goidé gheanamuid leóbhtha seo anois? arsa Cú Chulainn le Bricín. Tá, gheanamuid a' rud céadna leóbhtha a rabh siadsan ar tí dheanamh linne. Chá deanamuid sin, arsa Cú Chulainn. Char bh'iad so a chiontar, ach na trí hóin- seacha lean iad. Ná muir'eat sinn iad, thiocfhadh daoine chaoimhtheach isteach ina n-áit. Thug siad na trí hóinseacha leóbhtha na mbaile, agus d'fhan siad oidhche aige an fhear mhór a teacht dóbhtha, agus bhí siad sa mbaile an darna oidhche, agus chuir siad na trí hóinseacha na mbaile chuig a gcuid dearatháir, gan iad a'n lá siolláin thabhairt do Chnachar rí Uladh a choidhche aríst.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services