CNACHAR RÍ ULADH.
[.i. Conchubhar rí Uladh, sean-sgéal a
d'aithris Brian Mac Conbhuidhe i gCurrach
an tSearraigh (nó Corr an tSearraigh) i
nGleann Fhoichle i Muinntir Luinigh i dTír
Eoghain. Eóin Mac Néill do sgríobh an
sgéal ó bhéal-aithris Bhriain réam-ráidhte,
Dia Domhnaigh, an t-ochtmhadh lá de Mheitheamh
Fhoghmhair, 1900].
Insa' tsean-aimsir, bhí ceithre rígh i nÉirinn,
rí Laighean, rí Mumhan, agus rí Connachta, agus bhí
rí eile i gCúig' Uladh a dtug siad Cnachar
rí Uladh air.
Cha raibh Cnachar rí Uladh ábalta ar throid
a choinneáilt leis na trí rígh eile, agus chuir
siad a dtriúr nighneacha un sgoil (chuige)
foghlaim agus béasa thabhairt dóbhtha, agus chuir sé
suas grianán a' cois na fairrge dóbhtha.
Chuaidh sé amach a'n mhaidin amháin agus
thainic sé isteach a gol agus a caoineadh.
Goidé seo tá ort anois? arsa 'n bhean.
Tá na trí óinseacha seo, ar seisean, agus ní
bhfuil mé ábalta foghlaim agus béasa thabhairt
dóbhtha.
Téirigh, ar sise, agus fogha triúr cléireach
domh-sa a chuirfheas síos a n-ainm agus béidh
oiread Fiann Éireann agam-sa agus fhuig-
fheas insa mbaile acu iad gan buille sgin'
ná cloidhimh.
Cuireadh fios ar chléireach agus labhair an rí
leis.
Cuir síos annsin iad, arsa seisean.
Each Buailceam rí Mumhan, Féidhlimid rí
Connachta, Osgain Fionn mac Ramhair,
Mungluisne gan sál, Corpach, Laoiseach,
Laoiseach Ceann-airidh, Gruagánach Sainn-
airidh, sin agus a thriúr mac, Goll Sgigeadh,
Goll Sgóigeadh, Goll de Sgóige Craige
Luain, Cú Chulainn mac Sualtaigh mhic
Bualtaigh mhic Óigeárlaigh mhic Soineárlaigh
mhic Mór-óglaigh mhic Fionn-óglaigh, Éileanna
mac 'ic Céithleanna mac an ríogh-ghaisgidhigh,
Bricín beag 'ac Eilipigh, Ceannaire, Éigsean,
agus amadán de Chlanna Ruaidhrí.
Cuireadh suas péipeár annsin gach uile
áit fríd Éirinn go bhfuil féasta mór
thrí lá agus thrí oidhche aige Cnachar rí Uladh, agus
cuireadh ige gach uile dhuine theacht
chuige.
An lá ar n-a bhárach, bhí na bóithre breac
leis na Fianna Éireann a teacht chuig an
fhéasta. Bhí féasta mór ionn, trí lá agus trí
hoidhche, agus an tríomhadh lá rinne Cnachar
dearmad de na mná bhí insa ghrianán, agus
chuaidh sé ag amharc leóbhtha, ach bhí na dorsa
fosgailte agus iad ar shiubhal.
(Bheir an sgéal céim siar annso ag innsin
fá mar d'imthigh an triúr ban óg).
Bhí triúr mac Ríogh na Luamhach i ndéidh a
lóin Dé agus a bhfortuin, agus chuaid siad chuig
an ghrianán, agus nuair a thanaic na cailíní
iad, dhruid siad na dorsa.
Arsa duine de na buachaillí: Seo an
ghnathaigh bhí againn libh, 'un arsughadh duibh
go bhfuil féasta mór aige Cnachar rí Uladh,
agus go dtug sé glas duibh chuige.
Goidé gheanamuid leis siud? arsa
nighean ríogh Mumhan le nighin ríogh Laighean.
Tá 'fhios, arsa nighen ríogh Connachta.
Leanfhamuid iad siud, agus rachamuid leóbhtha
go dtí go dtabharmuid a sháith siolláin do
Chnachar rí Uladh.
Nuair a fuair an rí iad ar shiubhal, chroth-
nuigh a bhean é, agus chuaidh sí amach ag amharc
orthu, agus fuair sí an rí a gol agus a caoineadh.
Goidé seo tá ort anois? ar sise.
Tá, ar seisean, tá na trí hóinseacha seo
ar shiubhal.
Well, arsa sise, cha rabh tú riamh i n-am
na b'fhearr. Tá Cú Chulainn annsiud a
leanfhadh lorg a' tsiongáin ar a' chloich
faoi agus os cionn uisge. Téidh isteach anois,
arsa sise, agus fiafruigh. Cuir suas bual-
taire, an bhfacha siad a'n fhéasta riamh
comh maith leis. Déara siad uilig nach
bhfachaidh. Cuir suas cionn eile annsin, ca
hé an sealgaire is fhearr istoigh.
[Rinneadh amhlaidh.]
Mo dhonas agus mo dhoghraing orm, arsa
Bricín, go bhfuil Cú Chulainn.
Ora, a chorpáin bhocht, ar seisean (ar Cú
Chulainn), goidé an chaint a bhéadh ort-sa?
Fuair greim ar Bhricín le ha'n láimh amháin
agus tuagh an bhéil mhóir insa láimh eile, 'a
thabhairt leis chuig 'a bhloc agus 'a leigint síos ar a
bhloc, fá chionn a' chinn a ghearradh de.
D'amhairc Bricín suas air.
Ná buin mo chionn díom-sa, a Chú Chulainn,
ar seisean, agus béidh mé comh maith lé fear is
céad duid in gach uile cath go dtillidh tú.
Rinneadh suas luing mhór, luing lán, a
dtabhrat siad an Úrbhrach uirri. A' chéad
lá chuaidh siad ar an fhairrge,
Thóg siad a gcuid seólta
bocóideacha bán-dearga
i mbarr na gcroinn chaogadmhadh
ag éisteacht le míolta móra
le goithe róna
le lúbarnán na n-iosgan
le sgairteacha na bhfaoileann
le beithidhigh allta na fairrge
a coinneáilt ól-cheóil agus airfirt leó péin
go raibh neóin agus deireadh an lae a teacht
gur éirigh Bricín suas i mbarr a' chroinn
seóil, agus go bhfaca se oileán i bhfad uadh agus
go dtug iarraidh air go géar agus go gion
agus go deifreach.
Goidé gheanamuid anois? arsa Cú Chulainn
le Bricín. Glac thusa fear is céad an
Úrbhrach chur thar tuinn.
Tá, téidh thusa faoi n-a lár (le Cú Chulainn),
agus racha mise faoi n-a cóirneál.
Chuaidh Cú Chulainn faoi n-a lár agus Bricín
faoi n-a cóirneál, agus chuir siad amach ar
thalamh tirm í.
Nuair a d'éirigh sé darcha annsiud, bhí
Cú Chulainn a gul a luighe.
Goidé tá tu gul a dheanamh anois? arsa
Bricín leis.
Caithfidh mé néal a bhuint as a chionn
anois, ar Cú Chualainn.
Arsa Bricín: Bhfuil 'fhios agad ca bhfuil
do charaid ach oir' le do námhaid?
Thug Bricín leabhar leis agus chuaidh sé 'á
léigheadh, agus thainic a chodladh air fosta.
Nuair a bhí briseadh an lae ionn, mhúsgail se
suas agus d'amhairc se amach, agus thanaic se fear
mór a teacht anuas a cois na trágha a
bhfeicfheá an saoghal mór idir a dhá chois agus
nach bhfeicfheá rud ar bith as cionn mullach
a chinn. Léim se (.i. Bricín) le n-a dhá ghlúin
le n-a dhá uillinn i mbéal ochta Chú Chulainn.
Bí ar do chois, ar seisean, a ghaisgidhigh
b'fhearr a thanaic me riamh! A bhfeicheann
tu feall an fhir mhóir orainn thainic anuas a
cois na fairrge, cliabhán iarainn agus crúcaí
iarainn ar a dhruimn, agus é péin ag iasgaireacht?
Nuair a tháinic sé comhfhad leis an Úrbhraigh,
chuir sé crúca sa nÚrbhraigh, agus támuid fhéin
agus an Úrbhrach leis ar a ghualainn!
Tharraing Cú Chulainn air a chulaidh chruaidh
chomhraic agus thug sé léim amach, agus thug sé féin
agus a' fear mór dhá rann ar a chéile, go
ndeanat siad bogán den chreagán, creagán
den bhogán, agus tobar fíor-uisge i lár na
cloiche glaise nach bhfacha a'n deór uisge
riamh.
Chár leag Cú Chulainn a'n fhear riamh go
dtí go rachat sé ar a leith-ghlúin. Leig se
e fhéin síos ar a leith-ghlúin, agus nuair a
thanaic Bricín e a gul síos ar a leith-ghlúin,
shíl se go rabh an far mór ar dhóigh é leagadh,
agus thug sé léim amach, agus cé an áit i nÉirinn
ar léim se ach i gcliabhán iarainn an fhir
mhóir, gach a'n spiocóid ionn a bhí trí slata
ar fad!
D'amhairc se thart agus thainic se Cú Chulainn
ar mhullacha an fhir mhóir, agus a Chú Chulainn!
arsa seisean, a Chú Chulainn! buin a'cionn
de!
Ná buin mo chionn díom-sa, arsa an
fear mór, agus racha me leat gach uile bealach
go dtí go dtillidh tú aríst.
Well, arsa Cú Chulainn, b'fhéidir gur cóir
duid sin a dhéanamh, agus chuaidh siad leis an
fhear mhór na dhiaidh sin.
Nuair a thanaic bean an fhir mhóir a teacht
iad, dhruid sí an doras orthu. Sgairt siad
annsin an doras osgailt, agus chan fhosglachat
sí é. Bhí trí troighthe de iarann insa
doras. Thug Cú Chulainn dhá choiscéim ar
ais agus a' choiscéim amháin ar aghaidh, agus bhuail
sé an doras le n-a chois agus rinn se sgealbóga
de. Chuaidh siad leób annsin agus d'fhan siad
an oidhche sin aig an fhear mhór, agus chuaidh Cú
Chulainn a gul a luighe.
Goidé tá tu a gul a dheanamh anois?
arsa Bricín leis.
Caithfidh me néal a bhuint as a chionn, ar
seisean.
Well, arsa seisean, buinfhidh an fear mór na
cinn dinn faoi mhaidin má ghní tu sin.
Is cuma liom, arsa seisean. Caithfidh me
néal a bhuint as a chionn.
Thainic a chodladh ar Bhricín fósta, agus
b'éigean do féin gul a luighe, agus chuaidh a'
fear mór agus bhuin sé na cinn de bheirt a bhí a
siubhal ar a' tráigh, agus chroch se suas na cinn
insa rúma a rabh Cú Chulainn agus Bricín na
gcodladh ionn.
Nuair a mhúsgail Bricín ar maidin, Ó a Chú
Chulainn, ar seisean, a bhfeicheann tu feall
an fhir mhóir orainn? A bhfeicheann tu do
chionn mór gruagach dubh-sa agus mo chionn beag
brioc liath-sa crochta i n-áirde annsiud?
Cuir suas do lámh, arsa Cú Chulainn, agus
amhairc a bhfuil se ort!
Mhuise, mo dhonas agus mo dhoghraing orm, ar
Bricín, agus sílim go bhfuil se annseo go se!
Rinn siad réidh agus ghlac siad a luing an
oidhche sin, agus char stad siad go deachaidh siad
isteach go Rígh Artur, rí na Luamhach. Nuair
a chuaidh siad annsin, bhí cuireadh aige an
rígh chuig an tír go hiomlán, chuige féasta
trí lá agus trí n-oidhche ar son a' triúr buachaillí
agus a' triúr cailíní.
Chuaidh Cú Chulainn agus a' fear mór agus Bricín
i n-umhail leis a' gcuid eile ar shiubhal
chuig an chruinniughadh mhór. Nuair a thainic
an oidhche, cuireadh gach uile duine 'n-áit
rabh ceól agus cuideachta acu isteach i n-i
n-áit dóbhtha fhéin, agus bhí an uaisle thuas ar
lofta ag éisteacht leóbhtha. Cha raibh duine
ionn a thiocfadh ceól agus cuideachta choinneál
le Cú Chulainn.
Arsa nighean ríogh Mumhan le nighin ríogh
Laighean: A mbéadh conntabhairt duine ar
bith sinn a leanamhaint?
Dubhairt siad uilig nach mbéadh.
Chuir síos duine uam, agus amhairc cé an
duine annsiud tá as cionn a' toighe uilig
le ceól agus le cuideachta.
Chuaidh duine síos agus thill se suas aríst.
Arsa seisean: Fear mór cuirlíneach dubh
'bhfuil naoi n-amharc ina shúil chlí agus aon
amharc amháin ina shúil deis.
Teanaigí, arsa sise, ar son Chú Chulainn!
Téidh síos duine uam, arsa sise, agus amhairc a
bhfuil mórán cuideachta leis.
Chuaidh duine síos agus cha dtiocfaidhe a'n
duine fhagháil ionn ach Bricín agus an fear mór
agus Cú Chulainn, agus cuireadh fios orthu annsin
suas i n-umhail leis an uaisle agus thug siad
gach uile seórt 'úsáid mhaith dóbhtha. Cuireadh
ar shiubhal a luighe i n-i ngrianán bhí i bhfad
ar shiubhal ón chúirt; agus nuair a chuaidh siad
isteach sa ghrianán, bhí naoi ndorsa air, agus
chuaidh Cú Chulainn agus a' fear mór a luighe, agus
cá luighfheadh Bricín ar chor sa bhith. Chuaidh
sé a léigheadh leabhar, agus thuit sé na chodladh,
agus nuair a mhúsgail se suas, léim se na
sheasamh agus rith se ag amharc ón doras, agus bhí
naoi ndorsa a gul isteach dóbhtha, agus chá rabh
doras acu nach rabh druidte le haol agus le
cloich ach a'n chionn amháin agus bhí troigh a'nduine
i ndoimhne de iarann ionn.
Léim Bricín le n-a dhá ghlúin le n-a dhá
uillinn i mbéal ochta Chú Chulainn. Bí ar do
chois, a ghaisgidhigh b'fhearr a thanaic me riamh!
A' grianán a rabh naoi ndorsa air a teacht
isteach ionn, chán fhuil air ach a'n doras
amháin agus tá troigh a'nduine i ndoimhne de
iarann ionn.
Tharraing Cú Chulainn air a chulaidh chruaidh
chomhraic, agus thug se dhá choiscéim ar ais agus a
choiscéim amháin ar aghaidh agus bhuail sé cic ar
a' doras agus chár fhág se fear ná bean ná
páisde fá naoi n-iomaire agus naoi n-eitire
den doras nár mharbh se le sgealbóga an
dorais.
Chuaidh se fhín agus an fear mór agus Bricín
amach, agus chán fhaca a'n duine acu an duine
eile ar fud naoi lá agus naoi n-oidhche a marbhadh
roimhe romhtha; agus nuair a bhí siad uilig marbh
acu ach na trí ríogha óga sa agus a dtriúr ban,
thainic siad ar a ndá ghlúin chucu ag iarraidh
ceathramha anma.
Goidé gheanamuid leóbhtha seo anois?
arsa Cú Chulainn le Bricín.
Tá, gheanamuid a' rud céadna leóbhtha
a rabh siadsan ar tí dheanamh linne.
Chá deanamuid sin, arsa Cú Chulainn.
Char bh'iad so a chiontar, ach na trí hóin-
seacha lean iad. Ná muir'eat sinn iad,
thiocfhadh daoine chaoimhtheach isteach ina
n-áit.
Thug siad na trí hóinseacha leóbhtha na
mbaile, agus d'fhan siad oidhche aige an fhear
mhór a teacht dóbhtha, agus bhí siad sa mbaile an
darna oidhche, agus chuir siad na trí hóinseacha
na mbaile chuig a gcuid dearatháir, gan
iad a'n lá siolláin thabhairt do Chnachar rí
Uladh a choidhche aríst.