Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Deargruathar Chonaill Chearnaigh.
Title
Deargruathar Chonaill Chearnaigh.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
DEARGRUATHAR CHONAILL CHEARNAIGH ANNSO THÍOS. Dála fear n-Éireann, iomorro, do bhádar trí lá agus teóra n-oidhche re haghaidh Chonculainn agus níor léig an eagla dóibh dul i gcomhgar dó ris an ré sin, agus Cúchulainn i n-a sheasamh ris an gcarraig agus an Liath Macha ar fiarlaoid na muighe i n-a thimcheall go hanbhfann anbhfosaigh agus í ag ithe agus ag síor- leadradh na sluagh go nachar léig an eagla do neach aca teacht dá hionnsaighe ris an ré-sin, agus adubhradar fir Éireann gurab cealg do bhí Cúchulainn do dhéanamh, "agus is chum Conculainn do bhreith ar éin-tslíghe orainn do-ghní sé súd," ar siad. "Cáit i bhfuil an Badhbh, inghean Chailithin," ar Meadhbh. "Atáim annso," ar sí. "Éirigh mar a bhfuil Cúchulainn agus tabhair sgéala leat an beó nó marbh é." "Rachad féin ann," ar sí, "gibé olc bhias de," agus do chuaidh i riocht éin ar eitill san aer os a chionn agus do dhruid i ndiaidh a chéile anuas go ráinig i gcomhgar dó agus do léig trí sgréacha móra os a chionn agus do thúirn ar sgéith os a chomhair. Do chonncadar fir Éireann sin. D'ionnsuigheadar é agus is amhlaidh do bhí sé agus a chlaidheamh nocht i n-a láimh dheis aige, agus níor fhéadadar fir Éireann a dhorn d'osgladh nó gur ghearradar luthach na láimhe agus gur thuit an colg as a láimh, agus is dlúith do bhreathnuigheadar fir Éireann ann sin é, ó nachar léig eagla na deagh-láimhe sin dóibh teacht d'amharc a gheal-ghnúise riamh roimhe. "Dícheanntar Cúchulainn libh," ar Meadhbh, agus do fhiafruigh d'fhearaibh Éireann cia aca dár chóir Cúchulainn do dhícheannadh, agus adubhradar uile gurabh do Lughaidh mac Conraoi ba chóir a dhícheannadh. "A Lughaidh," ar Meadhbh, "is leat Cúchulainn do dhíchean- nadh," agus do bhain Lughaidh a cheann dhe, agus tugadar fir Éireann trí trom-ghártha ós árd do chomhmhaoidheamh an chosgair sin. Is ann sin d'éirgheadar datha áille éag- samhla ar cheann Chonculainn, óir d'éirigh ruithneadh ruamhanta is an dara gruaidh ámh gur chomhshoillseach re gréin ar fáin-ghleann- taibh é gur chomhgheal re sneachta aon oidhche an dara gruadh dhó. Do chuadar fir Éireann i gcomhairle cá cóige i nÉirinn i rachadh ceann Chonchulainn, agus dubhradar uile, ó's í Meadhbh do thionól an sluagh, gurab di ba chóir an cheann do bhreith léi go Cruachain. "Nocha mbéar-sa liom é," ar Meadhbh, "acht beireadh Earc mac Cairbre leis é, ó's
é atá i n-imliocann oireachtais Éireann i dTeamhraigh. "Béar-sa sin liom," ar Earc, agus ro sgaoil- eadar fir Éireann dá gcríochaibh féin, agus ro orduigheadar a gcuradha agus a gcaith-mhíleadha d'fhágbháil dá n-éis dá n-iomchoimhéad d'eagla Chonaill Chearnaigh do bhreith orra. Dála Éimhre, inghean Fearghail Monaidh do bhíodh sí gach laoi ar taidhbhlibh agus ar mhúraibh an ghrianáin ag feitheamh na muighe uaithi, agus níor chian do bhí ann go bhfaca aon mharcach dá hionnsaighe, agus é ag meirbh-shiubhal go hanbhfann ain-éasgaidh, agus do ghabh crioth agus uamhan an ríoghan ag a fhaicsin, agus ro aithin gurab é Laogh do bhí ann. "Is fíor sin," ar Éimhear, "is é súd Laogh agus an Dubhfhaoileann dár n-ionnsaighe, ar bhfágbháil Chonchulainn agus an Léith Mhacha marbh ar mhuigh Muirtheimhne i bhfuar-linntibh fola, agus is olc liomsa nach é Cúchulainn agus an Liath Macha táinig san tslighe úd d'ionnsaighe na hEamhna," agus ar bhfaicsin Laoigh do lucht an dúna uile tángadar banntracht agus bandála, éigse agus ollamhain na hEamhna amach i n-a choinne agus ro fhiafraigheadar sgéala dhe, agus ro innis a sgéala dhóibh ó thús go deireadh. Ar gclos na sgéal sin do chách, do thógbhadar aon gháir guil agus groidh-éighmhe, agus rinn- eadar gártha troma taidhbhseacha agus éighmhe loma loisgneacha agus guil árda éagcaoineacha agus faoidhe fada fíor-thruagha seachnóin na hEamhna go raibh an cóige uile i n-a haon- gháir ghola go coitcheann. Táinig Éimhear agus Laogh rómpa go Dún Dealgan agus fuaradar an dún ar n-a losgadh, agus do ghluais Éimhear agus an bhanntracht go hairm i raibh corp Chonculainn agus do sháitheadar puball os a chionn agus do shuidheadar an bhanntracht i n-a thimcheall agus go ghabhadar ag dubhadh agus ag dubrón. Is ann sin tugadh Leabharcham d'ionnsaighe Éimhre agus adubhairt léi dul ar cheann Chonaill Chearnaigh fá'n ndomhan mór amach, "agus innis dó," ar sí, "Cúchulainn do bheith marbh." Gluaiseas Leabharcham roimpi i n-a ruathar réimdhíreach nó go ráinig go hInbhear mór i gcrích Chuailnhge agus do chonnairc an long ag gabháil chuain agus tug sí aithne uirri gurab í an Eangach .i. Long Chonaill Chearnaigh do bhí ann agus téid Leabharcham dá hionnsaighe agus tig an ríogh-laoch as an luing agus do chuaidh mar a raibh Leabharcham agus d'fhiafraigh sgéala dhi, agus d'fhear fáilte mhiochair roimh an mbain- eachlaigh. "Is tairise linne an fháilte sin, a rígh- mhilidh," ar sí, "agus mo mhóir-chean ar fáilte rómhat féin," agus téid ar choimirce Chonaill. "Sgéala leat, a Leabharcham," ar Conall. "Atáid sgéala móra olca agam duit," ar sí .i. Cúchulainn do mharbhadh d'fhearaibh Éireann." "Och! is goirt liom-sa an sgéal sin," ar Conall, "agus do goineadh mo chroidhe i meadhón mo chléibh dhe," agus adubhairt an rosg so síos:- Goirt romgaod; Gér romgonad; Árd-olc ádhbhal Cúchulainn, díon ógbhadh Uladh; Sgéal go ngairbhe; Gníomh go ngoirte. "Gabhthar m'eich agus innealltar mo charbad," ar Conall, "go ndeachainn dá fhios cá líon d'fhearaibh Éireann do bhí ag marbhadh mo chomhdhalta ar mhuigh Mhuirtheimhne." Do gabhadh na heich .i. an Dearg-drúchtach agus an Coincheann Cronnfhada. Lingeas Conall san gcarbad agus do ghabh laige agus anbhfainne é agus do chuaidh bainghníomh tar bhainghníomh aige, agus do ghabh mire agus dásacht i n-a dhiaidh sin é, agus tug buille do'n tslait eachraidhe do bhí i n-a láimh do'n dara heach do bhí san gcarbad gur bhíodhgastar an t-each do'n bhéim sin gur
bhriseadar a hinnidhe innti gur thuit marbh ar an láthair. D'éirigh Conall go haithmhéa- lach a haithle an easgair sin agus do chóirigh sé go deithearfach cuing an charbaid uile ar an Dearg-dhrúchtaigh agus do ling féin uirri gonadh é an treas fhear do rinne marcuigh- eacht éin-eich ar tús i nÉirinn riamh é, .i. Lughaidh Lámhfhada i gcath Muighe Tuireadh i n-ar marbhadh Fine Fómórach, agus Cúchulainn mac Sualtaigh ar an Liath Macha i mbrisligh mhóir Mhuighe Muirtheimhne agus Conall Cearnach ar an Dearg-drúchtaigh san dearg-ruathar. Táinig Conall roimhe do mhachaire na hEamhna agus d'Áth na forfhaire agus do mhachaire Chonaill ris a ráidhtear Mágh Muirtheimhne agus roch- tain na Muighe dó, do chonnairc an mhágh líonta do cholnaibh agus do chorpaibh croi-dhearga do ríoghaibh, do ro-dhaoinibh agus do ghiollanraidh fhear nÉireann agus do ghabh ag cuartughadh ar an muigh agus is eadh adubhairt, "is maith do fríoth mo dhaltán ar Éirinn," agus d'áirimh Conall céad iomaire agus céad marbh ar gach iomaire agus nachar fhéad a n-áireamh ó shoin amach agus táinig timcheall na muighe agus tárla an Liath Macha dó an tsleagh nimhe tarsna tríthi agus tonn gail fola tar a thaobhaibh agus earr cuinge an charbaid dá leith chlí. "Rob' annamh sin, a Liath Macha," ar Conall, ".i. cuing do charbaid dot' leith chlí, agus déan oireasamh liom-sa, a Liath Macha," ar Conall, "óir is mise do thighearna diongmhála tar éis Chonculainn, agus gaibh-se mo charbad-sa anois go ndeachainn dá dhíoghail ar fhearaibh Éireann, agus adubhairt an laoidh:- Gabh mo charbad ort, a Liath, Fa bórd mo sgiath sgaoileas rann, Do dhíoghal Con Eamhna, an triath Ba chalma gliadh ar gach bann. Ba hionmhain liom-sa Cú na gceard Do dheargadh reann gartha gorm; Fá honmhain lem' chroidhe an triath Do chuireadh gach gliadh go holl. Gabh mo charbad gan lonn, a eich, Árd gail do tógadh a dtreas A bhuinn mhir, a chroidhe chruaidh, A chéim luath go n-iomad gcleas. (Ní críoch).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services