Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Deargruathar Chonaill Chearnaigh.

Title
Deargruathar Chonaill Chearnaigh.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

DEARGRUATHAR CHONAILL CHEARNAIGH
ANNSO THÍOS.



Dála fear n-Éireann, iomorro,
do bhádar trí lá agus teóra
n-oidhche re haghaidh Chonculainn
agus níor léig an eagla dóibh
dul i gcomhgar dó ris an ré sin, agus Cúchulainn
i n-a sheasamh ris an gcarraig agus an Liath Macha
ar fiarlaoid na muighe i n-a thimcheall go
hanbhfann anbhfosaigh agus í ag ithe agus ag síor-
leadradh na sluagh go nachar léig an eagla
do neach aca teacht dá hionnsaighe ris an
ré-sin, agus adubhradar fir Éireann gurab
cealg do bhí Cúchulainn do dhéanamh, "agus is
chum Conculainn do bhreith ar éin-tslíghe
orainn do-ghní sé súd," ar siad.



"Cáit i bhfuil an Badhbh, inghean Chailithin,"
ar Meadhbh.



"Atáim annso," ar sí.



"Éirigh mar a bhfuil Cúchulainn agus tabhair
sgéala leat an beó nó marbh é."



"Rachad féin ann," ar sí, "gibé olc bhias
de," agus do chuaidh i riocht éin ar eitill san
aer os a chionn agus do dhruid i ndiaidh a chéile
anuas go ráinig i gcomhgar dó agus do léig trí
sgréacha móra os a chionn agus do thúirn ar sgéith
os a chomhair. Do chonncadar fir Éireann
sin. D'ionnsuigheadar é agus is amhlaidh do bhí
sé agus a chlaidheamh nocht i n-a láimh dheis aige,
agus níor fhéadadar fir Éireann a dhorn
d'osgladh nó gur ghearradar luthach na láimhe
agus gur thuit an colg as a láimh, agus is dlúith do
bhreathnuigheadar fir Éireann ann sin é, ó
nachar léig eagla na deagh-láimhe sin dóibh
teacht d'amharc a gheal-ghnúise riamh roimhe.



"Dícheanntar Cúchulainn libh," ar Meadhbh,
agus do fhiafruigh d'fhearaibh Éireann cia aca
dár chóir Cúchulainn do dhícheannadh, agus
adubhradar uile gurabh do Lughaidh mac
Conraoi ba chóir a dhícheannadh. "A Lughaidh,"
ar Meadhbh, "is leat Cúchulainn do dhíchean-
nadh," agus do bhain Lughaidh a cheann dhe, agus
tugadar fir Éireann trí trom-ghártha ós
árd do chomhmhaoidheamh an chosgair sin.



Is ann sin d'éirgheadar datha áille éag-
samhla ar cheann Chonculainn, óir d'éirigh
ruithneadh ruamhanta is an dara gruaidh ámh
gur chomhshoillseach re gréin ar fáin-ghleann-
taibh é gur chomhgheal re sneachta aon
oidhche an dara gruadh dhó. Do chuadar fir
Éireann i gcomhairle cá cóige i nÉirinn i
rachadh ceann Chonchulainn, agus dubhradar uile,
ó's í Meadhbh do thionól an sluagh, gurab di
ba chóir an cheann do bhreith léi go Cruachain.



"Nocha mbéar-sa liom é," ar Meadhbh,
"acht beireadh Earc mac Cairbre leis é, ó's


L. 2


é atá i n-imliocann oireachtais Éireann i
dTeamhraigh.



"Béar-sa sin liom," ar Earc, agus ro sgaoil-
eadar fir Éireann dá gcríochaibh féin, agus ro
orduigheadar a gcuradha agus a gcaith-mhíleadha
d'fhágbháil dá n-éis dá n-iomchoimhéad d'eagla
Chonaill Chearnaigh do bhreith orra.



Dála Éimhre, inghean Fearghail Monaidh
do bhíodh sí gach laoi ar taidhbhlibh agus ar
mhúraibh an ghrianáin ag feitheamh na muighe
uaithi, agus níor chian do bhí ann go bhfaca aon
mharcach dá hionnsaighe, agus é ag meirbh-shiubhal
go hanbhfann ain-éasgaidh, agus do ghabh crioth
agus uamhan an ríoghan ag a fhaicsin, agus ro aithin
gurab é Laogh do bhí ann.



"Is fíor sin," ar Éimhear, "is é súd Laogh
agus an Dubhfhaoileann dár n-ionnsaighe, ar
bhfágbháil Chonchulainn agus an Léith Mhacha marbh
ar mhuigh Muirtheimhne i bhfuar-linntibh fola, agus
is olc liomsa nach é Cúchulainn agus an Liath
Macha táinig san tslighe úd d'ionnsaighe na
hEamhna," agus ar bhfaicsin Laoigh do lucht an
dúna uile tángadar banntracht agus bandála,
éigse agus ollamhain na hEamhna amach i n-a
choinne agus ro fhiafraigheadar sgéala dhe, agus ro
innis a sgéala dhóibh ó thús go deireadh.
Ar gclos na sgéal sin do chách, do thógbhadar
aon gháir guil agus groidh-éighmhe, agus rinn-
eadar gártha troma taidhbhseacha agus éighmhe
loma loisgneacha agus guil árda éagcaoineacha
agus faoidhe fada fíor-thruagha seachnóin na
hEamhna go raibh an cóige uile i n-a haon-
gháir ghola go coitcheann. Táinig Éimhear agus
Laogh rómpa go Dún Dealgan agus fuaradar
an dún ar n-a losgadh, agus do ghluais Éimhear
agus an bhanntracht go hairm i raibh corp
Chonculainn agus do sháitheadar puball os a chionn
agus do shuidheadar an bhanntracht i n-a thimcheall
agus go ghabhadar ag dubhadh agus ag dubrón. Is
ann sin tugadh Leabharcham d'ionnsaighe
Éimhre agus adubhairt léi dul ar cheann Chonaill
Chearnaigh fá'n ndomhan mór amach, "agus innis
dó," ar sí, "Cúchulainn do bheith marbh."
Gluaiseas Leabharcham roimpi i n-a ruathar
réimdhíreach nó go ráinig go hInbhear mór
i gcrích Chuailnhge agus do chonnairc an long
ag gabháil chuain agus tug sí aithne uirri gurab
í an Eangach .i. Long Chonaill Chearnaigh do
bhí ann agus téid Leabharcham dá hionnsaighe agus
tig an ríogh-laoch as an luing agus do chuaidh
mar a raibh Leabharcham agus d'fhiafraigh sgéala
dhi, agus d'fhear fáilte mhiochair roimh an mbain-
eachlaigh.



"Is tairise linne an fháilte sin, a rígh-
mhilidh," ar sí, "agus mo mhóir-chean ar fáilte
rómhat féin," agus téid ar choimirce Chonaill.



"Sgéala leat, a Leabharcham," ar Conall.



"Atáid sgéala móra olca agam duit,"
ar sí .i. Cúchulainn do mharbhadh d'fhearaibh
Éireann."



"Och! is goirt liom-sa an sgéal sin," ar
Conall, "agus do goineadh mo chroidhe i
meadhón mo chléibh dhe," agus adubhairt an rosg
so síos:-



Goirt romgaod;
Gér romgonad;
Árd-olc ádhbhal
Cúchulainn, díon ógbhadh Uladh;
Sgéal go ngairbhe;
Gníomh go ngoirte.



"Gabhthar m'eich agus innealltar mo charbad,"
ar Conall, "go ndeachainn dá fhios cá líon
d'fhearaibh Éireann do bhí ag marbhadh mo
chomhdhalta ar mhuigh Mhuirtheimhne." Do gabhadh
na heich .i. an Dearg-drúchtach agus an Coincheann
Cronnfhada. Lingeas Conall san gcarbad
agus do ghabh laige agus anbhfainne é agus do chuaidh
bainghníomh tar bhainghníomh aige, agus do ghabh
mire agus dásacht i n-a dhiaidh sin é, agus tug
buille do'n tslait eachraidhe do bhí i n-a
láimh do'n dara heach do bhí san gcarbad
gur bhíodhgastar an t-each do'n bhéim sin gur


L. 3


bhriseadar a hinnidhe innti gur thuit marbh
ar an láthair. D'éirigh Conall go haithmhéa-
lach a haithle an easgair sin agus do chóirigh
sé go deithearfach cuing an charbaid uile ar
an Dearg-dhrúchtaigh agus do ling féin uirri
gonadh é an treas fhear do rinne marcuigh-
eacht éin-eich ar tús i nÉirinn riamh é, .i.
Lughaidh Lámhfhada i gcath Muighe Tuireadh
i n-ar marbhadh Fine Fómórach, agus Cúchulainn
mac Sualtaigh ar an Liath Macha i mbrisligh
mhóir Mhuighe Muirtheimhne agus Conall Cearnach
ar an Dearg-drúchtaigh san dearg-ruathar.
Táinig Conall roimhe do mhachaire na hEamhna
agus d'Áth na forfhaire agus do mhachaire Chonaill
ris a ráidhtear Mágh Muirtheimhne agus roch-
tain na Muighe dó, do chonnairc an mhágh
líonta do cholnaibh agus do chorpaibh croi-dhearga
do ríoghaibh, do ro-dhaoinibh agus do ghiollanraidh
fhear nÉireann agus do ghabh ag cuartughadh ar
an muigh agus is eadh adubhairt, "is maith do
fríoth mo dhaltán ar Éirinn," agus d'áirimh
Conall céad iomaire agus céad marbh ar gach
iomaire agus nachar fhéad a n-áireamh ó shoin
amach agus táinig timcheall na muighe agus tárla
an Liath Macha dó an tsleagh nimhe tarsna
tríthi agus tonn gail fola tar a thaobhaibh agus earr
cuinge an charbaid dá leith chlí. "Rob'
annamh sin, a Liath Macha," ar Conall, ".i.
cuing do charbaid dot' leith chlí, agus déan
oireasamh liom-sa, a Liath Macha," ar Conall,
"óir is mise do thighearna diongmhála tar
éis Chonculainn, agus gaibh-se mo charbad-sa
anois go ndeachainn dá dhíoghail ar fhearaibh
Éireann, agus adubhairt an laoidh:-



Gabh mo charbad ort, a Liath,
Fa bórd mo sgiath sgaoileas rann,
Do dhíoghal Con Eamhna, an triath
Ba chalma gliadh ar gach bann.



Ba hionmhain liom-sa Cú na gceard
Do dheargadh reann gartha gorm;
Fá honmhain lem' chroidhe an triath
Do chuireadh gach gliadh go holl.



Gabh mo charbad gan lonn, a eich,
Árd gail do tógadh a dtreas
A bhuinn mhir, a chroidhe chruaidh,
A chéim luath go n-iomad gcleas.



(Ní críoch).



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services