Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clodhanna Nua.
Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CLODHANNA NUA. Leabhar Urnuighthe do'n Aos Óg tarraingthe go Gaedhilic ó Sacs-Bheurla leabharain Chonnartha na Fírinne Chatoilicighe. Faoi Chúram agus órdughadh Phádraic Uí Dhomhnaill, Easboc Ratha-Bhoth. Baile-Átha-cliath: M. H. Gill agus a Mhac, 50 Sráid Uí Chonaill Uachdair. Pádraic O Briain, Clódhadóir, 46 Sráid Chuf. 1900. Cuirimid céad fáilte roimh an leabhrán so. Bhí a leithéid go mór uainn. Tá cuid mhaith de'n aos óg gan cuimhniughadh ar na paidreachaibh Gaedhealacha anois. Ó tá sin amhlaidh, is ceart leabhrán paidreach do chur ós a gcomhair. Má ghní siad feidhm de'n leabhrán so, beidh siad ag dul i dtaithighe na bpaidreach arís. Saoilimid go bhfuil an Béarla bunadhasach curtha i nGaedhilg go maith. Dob' fhearr linn go mbeadh “A Dhé” thíos i n-áit “Mo Dhia” agus ní ceart “ar” do leigean ar lár i ndiaidh “i gcomhnuidhe” 'san abairt “Cuidigh liom ionnus go ndeanfad mo dhícheall i gcomhnuidhe thusa a shásamh.” Is fearr linn fós “im' chuimhne” 'ná “ann mo chuimhne;” agus rudaidh eile nach é, badh mhaith linn go mbeadh siad thíos ar a mhalairt de shlighe. Acht cosg ar ár labhairt, mar is maith an leabhar é ann féin. Is maith agus is foghanta agus is ionmholta leabhar urnaidhe Gallda do chur i nGaedhilg acht is aistidheach é 'san am chéadna, agus a bhfuil de phaidreachaibh foghainteacha fíor- Ghaedhealacha ar fághail i mbéal bunaidh ár ngleann, ár n-ailteach, ár dnromann, ár gcnoc, ár sléibhte, ár mínte, ár gcuan, ár gcladach, agus ár n-oileán. Nach bhfuil sé i gcosamhlacht le móin do thabhairt chum an phortaigh? Acht an bhfuil Gaedheal ar bith ar an tsaoghal do chuirfeadh lé chéile leabhar urnaidhthe de phaidrea- chaibh na nGaedheal féin?
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services