CLODHANNA NUA.
Leabhar Urnuighthe do'n Aos Óg tarraingthe go Gaedhilic
ó Sacs-Bheurla leabharain Chonnartha na Fírinne
Chatoilicighe. Faoi Chúram agus órdughadh Phádraic Uí
Dhomhnaill, Easboc Ratha-Bhoth. Baile-Átha-cliath:
M. H. Gill agus a Mhac, 50 Sráid Uí Chonaill Uachdair.
Pádraic O Briain, Clódhadóir, 46 Sráid Chuf. 1900.
Cuirimid céad fáilte roimh an leabhrán so. Bhí a
leithéid go mór uainn. Tá cuid mhaith de'n aos óg gan
cuimhniughadh ar na paidreachaibh Gaedhealacha anois. Ó
tá sin amhlaidh, is ceart leabhrán paidreach do chur ós
a gcomhair. Má ghní siad feidhm de'n leabhrán so, beidh
siad ag dul i dtaithighe na bpaidreach arís. Saoilimid
go bhfuil an Béarla bunadhasach curtha i nGaedhilg go
maith. Dob' fhearr linn go mbeadh “A Dhé” thíos i
n-áit “Mo Dhia” agus ní ceart “ar” do leigean ar lár
i ndiaidh “i gcomhnuidhe” 'san abairt “Cuidigh liom
ionnus go ndeanfad mo dhícheall i gcomhnuidhe thusa a
shásamh.” Is fearr linn fós “im' chuimhne” 'ná “ann
mo chuimhne;” agus rudaidh eile nach é, badh mhaith linn go
mbeadh siad thíos ar a mhalairt de shlighe. Acht cosg
ar ár labhairt, mar is maith an leabhar é ann féin. Is
maith agus is foghanta agus is ionmholta leabhar urnaidhe
Gallda do chur i nGaedhilg acht is aistidheach é 'san am
chéadna, agus a bhfuil de phaidreachaibh foghainteacha fíor-
Ghaedhealacha ar fághail i mbéal bunaidh ár ngleann,
ár n-ailteach, ár dnromann, ár gcnoc, ár sléibhte, ár
mínte, ár gcuan, ár gcladach, agus ár n-oileán. Nach
bhfuil sé i gcosamhlacht le móin do thabhairt chum an
phortaigh? Acht an bhfuil Gaedheal ar bith ar an tsaoghal
do chuirfeadh lé chéile leabhar urnaidhthe de phaidrea-
chaibh na nGaedheal féin?