Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Filidheacht. Amhrán Binn ó Mhaghchromdha.
Title
Filidheacht. Amhrán Binn ó Mhaghchromdha.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Collector
Laoide, Seosamh
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AMHRÁN BINN Ó MHAGHCHROMDHA. Bhí bainis i n-áit éigin i dtaobh theas de'n Mhumhain. I n-aimsir na buadhartha b'eadh é. Bhí an cuideachta cruinnighthe agus an biadh ar bórd. Nuair a tháinig an t-am ceart, do pósadh an lánamhain. An túisge go raibh an focal déidheanach ráidhte os a gcionn ag an sagart, do hairigheadh an fothram móir-thimcheall an tighe. Do briseadh an dorus isteach agus do líon an tigh de shaigh- diuiríbh. Do rugadh ar an bhfear óg nuaphósta agus ar thuilleadh de na fearaibh óga a bhí ann agus do gabhadh iad agus do rugadh síos go Corcaigh iad agus do cuireadh isteach iad. 'San aimsir sin ba ró-gheárr a mhoill ar mhuintir dlighe príosúnaigh do thriail agus iad do chrochadh nó do chur an loch amach. Do trialadh na hóigfhir úd agus do cuireadh anonn iad. Mórán aimsire 'na dhiaidh sain do leigeadh amach an t-óigfhear úd agus tháinigh sé a bhaile. Nuair a bhí sé ag teacht i n-aice do'n bhaile, cia bhuailfeadh uime acht an bhean féin. Níor aithin sí é acht d'aithin seisean í agus seo mar innseann sé féin an sgéal. COIS TUINNE. Cois tuinne 's mé 'siubhal go lúthmhar pras, Do dhearcas-sa chugham an chúilfhionn tais. Do dhruideas go dlúith lem' rún isteach. 'Sé labhair sí iúm nár bh'fhiú dham stad. Eisean. “Am basa, a rúin, dob' fhiú liom stad, 'S gur chuireas mo dhúil id' ghnúis bheag dheas. Muna dtigir-se liúm 's a thabhairt dam searc, Cuirfear 'san úir mé ded' chumha gan stad.” Ise. “Ní mheasaim ded' shórd acht dóithín mhaith, 'S ní hobair duit fós bheith 'stró liom seal, 'S go raibh agam óigfhear córach ceart, 'S ná feadar nach beó dom' stór ag teacht.” Eisean. “Cár imthigh sé uait, a shuairc-bhean dheas, Go ndruideann a' chumha chomh dlúith sin leat, Nó an misde leat cúntas do thabhairt 'na bheart Nó ar imthigh sé anúnn uait, a chúilfhionn deas?” Ise. “Ní misde liom cúntas a thabhairt 'na bheart, Gur imthigh sé anúnn 's gur chúis fá ndear. Bhí a chroidhe siúd bog úr is a chlú ró-mhaith, 'S go bhfágfainn ag trúip a thabhairt amach.” Eisean. “Sguir feasda ded' chumha, a chúilfhionn óg; Ná fliuch-sa do shúil le cumha níos mó. do ceangladh liúm tu 'gus tú go hóg, 'S tar mhnáibh na Mumhan is tú mo stór.”
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services