AMHRÁN BINN Ó MHAGHCHROMDHA.
Bhí bainis i n-áit éigin i dtaobh theas de'n 
Mhumhain.  I n-aimsir na buadhartha
b'eadh é.  Bhí an cuideachta cruinnighthe agus an 
biadh ar bórd.  Nuair a tháinig an t-am 
ceart, do pósadh an lánamhain.  An túisge
go raibh an focal déidheanach ráidhte os a 
gcionn ag an sagart, do hairigheadh an 
fothram móir-thimcheall an tighe.  Do briseadh
an dorus isteach agus do líon an tigh de shaigh-
diuiríbh.  Do rugadh ar an bhfear óg nuaphósta 
agus ar thuilleadh de na fearaibh óga a bhí ann agus 
do gabhadh iad agus do rugadh síos go Corcaigh
iad agus do cuireadh isteach iad.  'San aimsir 
sin ba ró-gheárr a mhoill ar mhuintir dlighe 
príosúnaigh do thriail agus iad do chrochadh nó
do chur an loch amach.  Do trialadh na 
hóigfhir úd agus do cuireadh anonn iad.
Mórán aimsire 'na dhiaidh sain do leigeadh
amach an t-óigfhear úd agus tháinigh sé a bhaile.
Nuair a bhí sé ag teacht i n-aice do'n bhaile,
cia bhuailfeadh uime acht an bhean féin.
Níor aithin sí é acht d'aithin seisean í agus seo 
mar innseann sé féin an sgéal. 
COIS TUINNE.
Cois tuinne 's mé 'siubhal go lúthmhar pras,
Do dhearcas-sa chugham an chúilfhionn tais.
Do dhruideas go dlúith lem' rún isteach.
'Sé labhair sí iúm nár bh'fhiú dham stad.
Eisean.
“Am basa, a rúin, dob' fhiú liom stad,
'S gur chuireas mo dhúil id' ghnúis bheag dheas.
Muna dtigir-se liúm 's a thabhairt dam searc, 
Cuirfear 'san úir mé ded' chumha gan stad.”
Ise.
“Ní mheasaim ded' shórd acht dóithín mhaith,
'S ní hobair duit fós bheith 'stró liom seal,
'S go raibh agam óigfhear córach ceart,
'S ná feadar nach beó dom' stór ag teacht.”
Eisean.
“Cár imthigh sé uait, a shuairc-bhean dheas,
Go ndruideann a' chumha chomh dlúith sin leat,
Nó an misde leat cúntas do thabhairt 'na 
bheart
Nó ar imthigh sé anúnn uait, a chúilfhionn
deas?”  
Ise.
“Ní misde liom cúntas a thabhairt 'na bheart,
Gur imthigh sé anúnn 's gur chúis fá ndear.
Bhí a chroidhe siúd bog úr is a chlú ró-mhaith,
'S go bhfágfainn ag trúip a thabhairt amach.”
Eisean.
“Sguir feasda ded' chumha, a chúilfhionn óg;
Ná fliuch-sa do shúil le cumha níos mó.
do ceangladh liúm tu 'gus tú go hóg,
'S tar mhnáibh na Mumhan is tú mo stór.”