Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Filidheacht. Cois Laoi na Sreabh.
Title
Filidheacht. Cois Laoi na Sreabh.
Author(s)
O Nualáin, Seaghán,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
COIS LAOI NA SREABH. Seaghán O Nualáin cct. i mbl. 1800. I. Cois Laoi na sreabh go huaigneach Araoir le hais an chuain dam, Gan aon ar bith dhom' bhuaidhreadh acht fuaim- ghuth na trágha, Lem' thaoibh do dhearcas stuaire 'Na suidhe go seasgair suas liom, A píob mar eala ag gluaiseacht ar chuar- chaise ag snámh. II. Budh chíordubh crathach cuachach A dlaoigh-fholt dathach dualach, Síos le hais a gualann ar luasgadh go sáil; A braoithe deasa fuaidhte Go caoin ar athadh an tsuaimhnis; A rinn-ruisg ghlasa bhuaidhir me mar dhrúcht ghil na mágha. III. Bhí caor tré shneachta ar uainibh Ag coimheasgar suilt 'na gruadhnaibh Go líonmhar lasmhar luaimneach'na suairc- leacain bhláith; A cíocha cruinne cruadha Ar a caoimh-chneas cailce uasal Do chlaoidheadh gan aiseag sluaighte le muar-ghean d'á grádh. IV. A caoin-chrobh cailce is suairce Do sgríobhas ar bhrataibh uaisle, Croinn is ceathra is muar-thruip ag gluais- eacht chum lámhaigh, An coibhleach is an chuallacht Ag tidheacht 'na gcathaibh cruadha, 'Gus faoilinn sgaptha ar chuantaibh ag uaill- ghul cois trágha. V. Ar dtidheacht lem' ais do stuaire Na gcraobh-fholt gcasta gcuachach, Do shuidheas go seasgair suaimhneach ar bhruachaibh na trágha, Go n-innseadh sí go suairc dam cá tír, cá treabh cá tuath dhi, Nó an í fá ndeara an buaidhreadh so ar fuaid Inse Fáil. VI. “An tú Clíodhna ó'n gcarraig ngruadh- ghil, Nó Aoibheall cheart na ndruadh-cheall,
Nó Aoife, eala an tsuan-ruisg bhí ag Duach dalta Deágha, Nó Aoife d'athruigh snuadh 's cruth, Do réir mar cheapaid ughdair, Ar chloinn Lir, seal gan fuasgailt ar chuan- taibh ag snámh? VII. An fíor gur tusa an tsuairc-bhean Le'r claoidheadh i n-Eamhain sluaighte I dTigh na Craoibhe Ruaidhe le muar-choiste námhad, Nó Niamh na gcathach gcuach gcas Do shlíob thar lear ó'n ngruagach, Is d'á druim gur cailleadh muar-thruip gan fuasgailt 'san ár? VIII. An tú príomh na mban budh stuama Do shíorthuigh Mars mar nuachar Ar druim na Mara Ruaidhe, mar luaidhtear le dáimh, Nó an ríoghan do tharraing buaidhreadh Na Traoi ar fad 's a cuallacht, Nó an tí thug garbh-ruathar i gcuan Fionna- thrágha?” IX. Is caoin do labhair stuaire An mhín-chnis chailce stuama, “Ní haon de'n aicme luaidhis me, cé suairc leat a gcáil, Acht ríogan chneasda ghluais me Ó'n dtaoibh a ndeas le tuairisg Go mbeidh sgeimhle ar Ghalla-shluaightibh 'gus ruagairt thar bárr. X. Tá an flít ag teacht ó chuan Bhrest Go líonmhar lannach luaimneach, 'S a gcroinn fá bhrataibh uaine go buadhach i n-a mbárr; Tá a dtaoiseach Mars go huaibhreach, 'S a chloidheamh 'na ghlaic ar luath-chrith, D'á mhaoidheamh gur gairid fuasgailt 'nois d'uaislibh Inse Fáil. XI. Tá an t-Impire lag, dhom' thuairim, Gan bhrígh 'ná neart 'na shluaightibh, Is bíd na Rusaigh bhuailte do ghluais chuige ó Phául D'á ndíbirt as a mbruachaibh, Gan suim, ar easbaidh luadair, Gan cloidheamh, gan bhrat, gan truagh ar bith, d'á ruagadh le fán.” XII. “Is cruinn 's is ceart do thuairisg, A chaoin-bhean chailce stuama, 'S go bhfuil laoithe ceart' na ndruadh suilt d'á luadh linn gach lá, Ar gcríochnughadh an chatha chruaidh sin I dtíorthaibh Holond uachtraigh, Go mbeidh sgeimhle cheart is ruagairt ar shluaightibh ár námhad.” XIII. “Innsim duit go mbuadhfar Ar shíolrach Chailbhin uaibhrigh, Ar dtidheacht do'n aicme shluaghaigh ar cuaird chughainn ó'n Spáinn: Beid Gaoidhil go seasgair suaimhneach 'Na dtíorthaibh ceart' gan uamhan, 'S an bhuidhean so tharraing tuar uilc d'á ruagadh le fán.”
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services