Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Filidheacht. Cois Laoi na Sreabh.

Title
Filidheacht. Cois Laoi na Sreabh.
Author(s)
O Nualáin, Seaghán,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 616


COIS LAOI NA SREABH.
Seaghán O Nualáin cct. i mbl. 1800.



I.
Cois Laoi na sreabh go huaigneach
Araoir le hais an chuain dam,
Gan aon ar bith dhom' bhuaidhreadh acht fuaim-
ghuth na trágha,
Lem' thaoibh do dhearcas stuaire
'Na suidhe go seasgair suas liom,
A píob mar eala ag gluaiseacht ar chuar-
chaise ag snámh.



II.
Budh chíordubh crathach cuachach
A dlaoigh-fholt dathach dualach,
Síos le hais a gualann ar luasgadh go sáil;
A braoithe deasa fuaidhte
Go caoin ar athadh an tsuaimhnis;
A rinn-ruisg ghlasa bhuaidhir me mar dhrúcht
ghil na mágha.



III.
Bhí caor tré shneachta ar uainibh
Ag coimheasgar suilt 'na gruadhnaibh
Go líonmhar lasmhar luaimneach'na suairc-
leacain bhláith;
A cíocha cruinne cruadha
Ar a caoimh-chneas cailce uasal
Do chlaoidheadh gan aiseag sluaighte le
muar-ghean d'á grádh.



IV.
A caoin-chrobh cailce is suairce
Do sgríobhas ar bhrataibh uaisle,
Croinn is ceathra is muar-thruip ag gluais-
eacht chum lámhaigh,
An coibhleach is an chuallacht
Ag tidheacht 'na gcathaibh cruadha,
'Gus faoilinn sgaptha ar chuantaibh ag uaill-
ghul cois trágha.



V.
Ar dtidheacht lem' ais do stuaire
Na gcraobh-fholt gcasta gcuachach,
Do shuidheas go seasgair suaimhneach ar
bhruachaibh na trágha,
Go n-innseadh sí go suairc dam
cá tír, cá treabh cá tuath dhi,
Nó an í fá ndeara an buaidhreadh so ar
fuaid Inse Fáil.



VI.
“An tú Clíodhna ó'n gcarraig ngruadh-
ghil,
Nó Aoibheall cheart na ndruadh-cheall,


L. 617


Nó Aoife, eala an tsuan-ruisg bhí ag Duach
dalta Deágha,
Nó Aoife d'athruigh snuadh 's cruth,
Do réir mar cheapaid ughdair,
Ar chloinn Lir, seal gan fuasgailt ar chuan-
taibh ag snámh?



VII.
An fíor gur tusa an tsuairc-bhean
Le'r claoidheadh i n-Eamhain sluaighte
I dTigh na Craoibhe Ruaidhe le muar-choiste
námhad,
Nó Niamh na gcathach gcuach gcas
Do shlíob thar lear ó'n ngruagach,
Is d'á druim gur cailleadh muar-thruip gan
fuasgailt 'san ár?



VIII.
An tú príomh na mban budh stuama
Do shíorthuigh Mars mar nuachar
Ar druim na Mara Ruaidhe, mar luaidhtear
le dáimh,
Nó an ríoghan do tharraing buaidhreadh
Na Traoi ar fad 's a cuallacht,
Nó an tí thug garbh-ruathar i gcuan Fionna-
thrágha?”



IX.
Is caoin do labhair stuaire
An mhín-chnis chailce stuama,
“Ní haon de'n aicme luaidhis me, cé suairc
leat a gcáil,
Acht ríogan chneasda ghluais me
Ó'n dtaoibh a ndeas le tuairisg
Go mbeidh sgeimhle ar Ghalla-shluaightibh 'gus
ruagairt thar bárr.



X.
Tá an flít ag teacht ó chuan Bhrest
Go líonmhar lannach luaimneach,
'S a gcroinn fá bhrataibh uaine go buadhach
i n-a mbárr;
Tá a dtaoiseach Mars go huaibhreach,
'S a chloidheamh 'na ghlaic ar luath-chrith,
D'á mhaoidheamh gur gairid fuasgailt 'nois
d'uaislibh Inse Fáil.



XI.
Tá an t-Impire lag, dhom' thuairim,
Gan bhrígh 'ná neart 'na shluaightibh,
Is bíd na Rusaigh bhuailte do ghluais chuige
ó Phául
D'á ndíbirt as a mbruachaibh,
Gan suim, ar easbaidh luadair,
Gan cloidheamh, gan bhrat, gan truagh ar bith,
d'á ruagadh le fán.”



XII.
“Is cruinn 's is ceart do thuairisg,
A chaoin-bhean chailce stuama,
'S go bhfuil laoithe ceart' na ndruadh suilt
d'á luadh linn gach lá,
Ar gcríochnughadh an chatha chruaidh sin
I dtíorthaibh Holond uachtraigh,
Go mbeidh sgeimhle cheart is ruagairt ar
shluaightibh ár námhad.”



XIII.
“Innsim duit go mbuadhfar
Ar shíolrach Chailbhin uaibhrigh,
Ar dtidheacht do'n aicme shluaghaigh ar cuaird
chughainn ó'n Spáinn:
Beid Gaoidhil go seasgair suaimhneach
'Na dtíorthaibh ceart' gan uamhan,
'S an bhuidhean so tharraing tuar uilc d'á
ruagadh le fán.”



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services