Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Author(s)
Fearghus Finn-Bhéil,
Pen Name
Fearghus Finn-Bhéil
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Éire Ní fuláir nó is greannmhar an áit Caisleán Bhaile Ath' Cliath. Is beag ná go bhfuil Bórd ann le gach aon tsaghas gnótha thiucfadh chum do chuimhnte do sgrúdhadh agus le gnóthaibh ná chuimhneóchtha agus n'aon chor ortha. Má seadh ní gan tuarasdal a bhíonn daoine uaisle na mBórd sain ag obair. Tá sé buailte i a n-aigne gur chuige gheibhid siad a dtuarasdal chum na nGaedhil do smachtughadh. Maith an díoghal sain ar na Gaedhealaibh suaracha. Cad dob áil leo sa tír seo i n-aon chor? Ná fuil an domhan fairsing acu, nó cár mhisde dhóibh go léir bás d'fhághail, agus gan bheith ag brughadh os cionn talmhan ar dhaoinibh uaisle na mBórd agus ar a gcáirdibh san oileán bheag so. Chuir Bórd de na bórdaibh seo, sé sin Bórd an Ria- ghaltais Áiteamhla, ordughadh amach tamall ó shoin do lucht coimeádta na mbocht go gcaithfeadh bean fhríotháilte nó dhó do thug an tréimhse riachtanuch fé oideachas do bheith i ngach osbuidéal fé na gcúram feasda. Tá fios ag gach aoinne gurab iad na mná riaghalta is mó atá mar mhnáibh fhriotháilte ins an h-ós- boidéalaibh seo le suim mhór aimsire, agus gur maith an mhaise dhóibh é. Acht ní bhfuigheann an Bórd blas ná dath ar an sgéal sain. Tá Cumann na mBocht ag labhairt go feargach ar an lámh láidir seo a mheasann an Bórd imirt ortha. Chuir Cumann Thráigh-Lí cochal bruighne dá ríribh ortha féin chucha, ghá radh go rabhadar sásta leis na mnáibh riaghalta, agus ná béadh a malairt acu. Má tá an meas ceart acu ortha féin ní bhéidh a malairt acu. Fuarthas mianach i gCondae an Chláir comhgarach do Chill-dhá-luaith an lá eile agus deirthear gur mianach óir agus airgid é. Tá sé ráidhte le sínsearacht go bhfuil na mianaigh sa talamh timcheall na h-áite ceudna. D'oidigh bean giúistise do mhuintir Langford í féin seachtmhain an Domhnaigh seo tharainn i n-aice le Ceann- Tuirc, slán mar a n-innstear é! Bhí sí ar dithchéille le tamall. Tugadh Lúnduin go Báile Áth Cliath le déidhionaighe carbad do rinneadh i nÉirinn céad bliadhain ó shoin do'n Chancellor Fitzgibbon, duine de na feisiribh do dhíol Féis na hÉireann le Sacsanaibh. Bréaghadh le h-ór agus le talamh é, rinneadh Iarla Chláir de, agus tighearna i bhfeis na Sacsan, de bhárr a thíre féin do ghearradh sa sgórnaigh, agus deirthear gur chosain an cóisde ceudna so na mílte púnta air. Ní mór an sólás a bhain sé le linn a shaoghail as an saidhbhris a fuair sé as lag-bheart agus ní fada mhair an saidhbhreas na dhiaidh. Ní bhfuil duine dhá shliocht ar thalamh an domhain indiu, agus is beag na sgeul sain d'Éirinn. Moladh míle púnt do chonstabhla ag na siseonaibh móra sa Ghaillimh mar gheall ar ghortughadh fuair sé agus do chuir bun-os-cionn le n-a ghnó é. Gleó éigin a bhí ag shluaigh daoine ar aonach i gConnamara agus bhí seisean ghá sgaipeadh nuair buaileadh le cloich san éadan é. Cailleadh bean i dtigh na mbocht i mBeul-Átha an Fheád seachtmhain ó shoin a bhí céad agus cheithre bliadhna déag d'aois. Is sleamhain beul-mhilis iad na tighearnaidhe talmhan nuair theasdúigheann sain uatha. Tá cuid acu d'iarradh dul isteach is na Comhairlibh nuadha anois ar ghuailnibh na ndaoine bhí fé na smacht ó rugadh iad, agus níor airighis riamh caint chomh breágh bladartha agus tá acu. Chuirfidís cosa crainn fé chearcaibh, dar leat, dá mbeitheá ag éisteacht leo. Acht cuirtear isteach iad - faghaduís an cárta cúil na ndorn arís, agus geallaim dhuit gur gearr go dtiucfaidh an sean-ghlór ar áis chucha. Tá sean-aithne ag na comharsanaibh ortha, mar bhí ag an gcat ar an mbainne teith. Theangmhuigh cáirde Sheagháin Réamain agus cáirde Sheagháin Diolúin ar a chéile i Lúnduin an t-ochtmhadh lá fichead de Mhárta la h-aghaidh teacht chum socruighthe le
chéile, agus fágamuid le h-uadhach nár bh'aon náire dhóibh sin, mar is fada an clampar eatortha. Ag briseadh na leac-oidhreacha a bhíodar i gcómhair an agallaimh i mBáile Átha Cliath an ceathramhadh lá do'n mhí seo. Is mór an nídh iad do bheith ag teacht i gceann a chéile, acht deir daoine airighthe ná fuil an fuadar ceart futha go leir an iarracht so. Muna bhfuil, is é ar dtuairim go bhfuil na h-Éireannaigh atá sa bhaile ag cruinniughadh céille. Sí an comhairle rinneadar, pé nídh bhí ag gach taobh le rádh do chur ar cairde go mbuailfidís um a chéile i mBaile Átha Cliath, agus measdóirí do réidhfeadh an cás dóibh do cheapadh na dhiaidh sin. Ní raibh Séaghan Réamain féin ná Tadhg Ua hÉillidhe láithreach. Fearghus Finn-Bhéil
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services