Cúrsaidhe an tSaoghail
Éire
Ní fuláir nó is greannmhar an áit Caisleán Bhaile
Ath' Cliath. Is beag ná go bhfuil Bórd ann le gach aon
tsaghas gnótha thiucfadh chum do chuimhnte do sgrúdhadh
agus le gnóthaibh ná chuimhneóchtha agus n'aon chor ortha.
Má seadh ní gan tuarasdal a bhíonn daoine uaisle na
mBórd sain ag obair.
Tá sé buailte i a n-aigne gur chuige gheibhid
siad a dtuarasdal chum na nGaedhil do smachtughadh.
Maith an díoghal sain ar na Gaedhealaibh suaracha.
Cad dob áil leo sa tír seo i n-aon chor? Ná fuil an
domhan fairsing acu, nó cár mhisde dhóibh go léir bás
d'fhághail, agus gan bheith ag brughadh os cionn talmhan
ar dhaoinibh uaisle na mBórd agus ar a gcáirdibh san
oileán bheag so.
Chuir Bórd de na bórdaibh seo, sé sin Bórd an Ria-
ghaltais Áiteamhla, ordughadh amach tamall ó shoin do
lucht coimeádta na mbocht go gcaithfeadh bean
fhríotháilte nó dhó do thug an tréimhse riachtanuch fé
oideachas do bheith i ngach osbuidéal fé na gcúram
feasda. Tá fios ag gach aoinne gurab iad na mná
riaghalta is mó atá mar mhnáibh fhriotháilte ins an h-ós-
boidéalaibh seo le suim mhór aimsire, agus gur maith
an mhaise dhóibh é. Acht ní bhfuigheann an Bórd blas ná
dath ar an sgéal sain.
Tá Cumann na mBocht ag labhairt go feargach ar an
lámh láidir seo a mheasann an Bórd imirt ortha. Chuir
Cumann Thráigh-Lí cochal bruighne dá ríribh ortha féin
chucha, ghá radh go rabhadar sásta leis na mnáibh
riaghalta, agus ná béadh a malairt acu.
Má tá an meas ceart acu ortha féin ní bhéidh a
malairt acu.
Fuarthas mianach i gCondae an Chláir comhgarach do
Chill-dhá-luaith an lá eile agus deirthear gur mianach
óir agus airgid é. Tá sé ráidhte le sínsearacht go
bhfuil na mianaigh sa talamh timcheall na h-áite
ceudna.
D'oidigh bean giúistise do mhuintir Langford í féin
seachtmhain an Domhnaigh seo tharainn i n-aice le Ceann-
Tuirc, slán mar a n-innstear é! Bhí sí ar dithchéille
le tamall.
Tugadh Lúnduin go Báile Áth Cliath le déidhionaighe
carbad do rinneadh i nÉirinn céad bliadhain ó shoin
do'n Chancellor Fitzgibbon, duine de na feisiribh do
dhíol Féis na hÉireann le Sacsanaibh. Bréaghadh le
h-ór agus le talamh é, rinneadh Iarla Chláir de, agus
tighearna i bhfeis na Sacsan, de bhárr a thíre féin do
ghearradh sa sgórnaigh, agus deirthear gur chosain an
cóisde ceudna so na mílte púnta air. Ní mór an
sólás a bhain sé le linn a shaoghail as an saidhbhris a
fuair sé as lag-bheart agus ní fada mhair an saidhbhreas
na dhiaidh. Ní bhfuil duine dhá shliocht ar thalamh an
domhain indiu, agus is beag na sgeul sain d'Éirinn.
Moladh míle púnt do chonstabhla ag na siseonaibh
móra sa Ghaillimh mar gheall ar ghortughadh fuair sé agus do
chuir bun-os-cionn le n-a ghnó é. Gleó éigin a bhí ag
shluaigh daoine ar aonach i gConnamara agus bhí seisean
ghá sgaipeadh nuair buaileadh le cloich san éadan é.
Cailleadh bean i dtigh na mbocht i mBeul-Átha an
Fheád seachtmhain ó shoin a bhí céad agus cheithre bliadhna
déag d'aois.
Is sleamhain beul-mhilis iad na tighearnaidhe talmhan
nuair theasdúigheann sain uatha. Tá cuid acu d'iarradh
dul isteach is na Comhairlibh nuadha anois ar ghuailnibh
na ndaoine bhí fé na smacht ó rugadh iad, agus níor
airighis riamh caint chomh breágh bladartha agus tá acu.
Chuirfidís cosa crainn fé chearcaibh, dar leat, dá
mbeitheá ag éisteacht leo. Acht cuirtear isteach iad -
faghaduís an cárta cúil na ndorn arís, agus geallaim
dhuit gur gearr go dtiucfaidh an sean-ghlór ar áis chucha.
Tá sean-aithne ag na comharsanaibh ortha, mar bhí ag an
gcat ar an mbainne teith.
Theangmhuigh cáirde Sheagháin Réamain agus cáirde
Sheagháin Diolúin ar a chéile i Lúnduin an t-ochtmhadh lá
fichead de Mhárta la h-aghaidh teacht chum socruighthe le
chéile, agus fágamuid le h-uadhach nár bh'aon náire
dhóibh sin, mar is fada an clampar eatortha. Ag
briseadh na leac-oidhreacha a bhíodar i gcómhair an
agallaimh i mBáile Átha Cliath an ceathramhadh lá do'n
mhí seo. Is mór an nídh iad do bheith ag teacht i gceann
a chéile, acht deir daoine airighthe ná fuil an fuadar
ceart futha go leir an iarracht so. Muna bhfuil, is é
ar dtuairim go bhfuil na h-Éireannaigh atá sa bhaile ag
cruinniughadh céille. Sí an comhairle rinneadar, pé
nídh bhí ag gach taobh le rádh do chur ar cairde go
mbuailfidís um a chéile i mBaile Átha Cliath, agus
measdóirí do réidhfeadh an cás dóibh do cheapadh na
dhiaidh sin. Ní raibh Séaghan Réamain féin ná Tadhg
Ua hÉillidhe láithreach.
Fearghus Finn-Bhéil
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11