Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Fiannaidheacht - Fionn Mac Cumhaill agus a Mháthair.
Title
Fiannaidheacht - Fionn Mac Cumhaill agus a Mháthair.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
FIONN MAC CUMHAILL AGUS A MHÁTHAIR. Bhí Fionn mac Cumhaill 's a mháthair ag dul thart aon uair amháin. Bhí Fionn ar a druim léithe. Chon- naic se an iomáin ar léanaidh. “Leig le casaidh me, a mháthair,” ars' eisean, “go racha me 'un na hio- mána.” “Ó, a mhic mhoirnigh!” adeir sí, “mhuirbh- feadh na fir mhóra sin thú.” “Gan ghéilleadh dó sin, a mháthair,” adeir se, “rachaidh me 'na measg.” Leig sí anuas Fionn, is chuaidh 'un na hiomána, is cha rabh aon fhear a chas air nach rabh se ar son a leagain. Nuair a stad an iomáin thainic Fionn chuige n-a mháthair. Chuir sí Fionn ar a druim arís, 's amach léithe is char stad sí go rabh sí aige Móta Dhealgain. Chaill sí pionna a brollaigh is d'fhág sí marc ionn go bhfuigheadh a pionna aríst. Rinn sé móta ionn. Sin Móta Dhealgain (.i. Dealg Fhinn) ó'n lá sin go dtí an lá so. Chaith Fionn a mháthair ar a dhruim annsin is d'imthigh leobhtha. Char stad siad go rabh siad i mullaigh Shléibhe gCuilinn. Cha rabh aige acht dhá chois a mháthara annsin is chaith se amach i Loch na Caillighe Biorra iad. Chuaidh se isteach 'un tighe is d'iarr se lóisdin. Dubhairt bean an tighe go bhfuigh- eadh, acht é dhá bhreac a ghabháil. D'imthigh se is ghabh se dhá bhreac i Loch na Caillighe Biorra. “'Nois,” adeir bean an tighe, nuair a
chuir sí ar an teinidh na bric, “'Nois,” adeir sí le Fionn, “ná leig ball dubh 'ná dorcha air 'ná spuaic 'ná spliúcán a dhóighte.” Thainic spliúcán aníos ar chionn acú, is leag Fionn a órdóg air, is dhóigh se an órdóg. Chuir se an órdóg i n-a bhéal. Ó'n lá sin go dtí lá a bháis bhain se fios as a órdóig nuair a chuireadh se i n-a bhéal í agus nuair a chognachadh se í ó fhéith go smuais.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services