FIONN MAC CUMHAILL AGUS A MHÁTHAIR.
Bhí Fionn mac Cumhaill 's a
mháthair ag dul thart aon uair
amháin. Bhí Fionn ar a
druim léithe. Chon-
naic se an iomáin
ar léanaidh.
“Leig le casaidh me,
a mháthair,” ars' eisean,
“go racha me 'un na hio-
mána.”
“Ó, a mhic mhoirnigh!” adeir sí, “mhuirbh-
feadh na fir mhóra sin thú.”
“Gan ghéilleadh dó sin, a mháthair,” adeir
se, “rachaidh me 'na measg.”
Leig sí anuas Fionn, is chuaidh 'un na
hiomána, is cha rabh aon fhear a chas air
nach rabh se ar son a leagain. Nuair a
stad an iomáin thainic Fionn chuige n-a
mháthair.
Chuir sí Fionn ar a druim arís, 's amach
léithe is char stad sí go rabh sí aige Móta
Dhealgain. Chaill sí pionna a brollaigh is
d'fhág sí marc ionn go bhfuigheadh a pionna
aríst. Rinn sé móta ionn. Sin Móta
Dhealgain (.i. Dealg Fhinn) ó'n lá sin go dtí
an lá so.
Chaith Fionn a mháthair ar a dhruim annsin
is d'imthigh leobhtha. Char stad siad go rabh
siad i mullaigh Shléibhe gCuilinn. Cha rabh
aige acht dhá chois a mháthara annsin is chaith
se amach i Loch na Caillighe Biorra iad.
Chuaidh se isteach 'un tighe is d'iarr se
lóisdin. Dubhairt bean an tighe go bhfuigh-
eadh, acht é dhá bhreac a ghabháil. D'imthigh se
is ghabh se dhá bhreac i Loch na Caillighe
Biorra.
“'Nois,” adeir bean an tighe, nuair a
chuir sí ar an teinidh na bric, “'Nois,” adeir
sí le Fionn, “ná leig ball dubh 'ná dorcha
air 'ná spuaic 'ná spliúcán a dhóighte.”
Thainic spliúcán aníos ar chionn acú, is
leag Fionn a órdóg air, is dhóigh se an
órdóg. Chuir se an órdóg i n-a bhéal. Ó'n
lá sin go dtí lá a bháis bhain se fios as
a órdóig nuair a chuireadh se i n-a bhéal í agus
nuair a chognachadh se í ó fhéith go smuais.