Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Filidheacht. Amhrán Anall.
Title
Filidheacht. Amhrán Anall.
Author(s)
Ó Murchadha, Domhnall,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AMHRÁN ANALL. Philadelphia, Pa., An dara lá déag de Iul, 1900. A Charaid na Gaedhilge: Cuirim chugad an t-abhrán clampair seo a fuair mé ó fhear as Condae na Gaillimhe. Deir sé gurb' é Pádhraic O Callanáin, file a bhí 'na chómhnaidhe tamall maith ó shoin i gCathair-an-Duibhín ins an gcondae chéadna, a rinne é, ar shagart a thiontuigh leis an bPobul Gallda. Innsigh- eann mo sheanchaidhe dhom go ndearna Mac Uí Challanáin abhrán deas eile i dtaobh na bhfataidhe bána, ach' ní'l sé aige. B'fhéidir go bhfuigheadh scoláire icéineacht eile an t-abhrán sin dhúinn chomh maith. Seo cuid de: Mo mhíle slán dho na fataidhe bána, Budh sughach an áit a bheith i n-aice leobh; Budh féile soineannta iad ag teacht i láthair, Agus iad ag gáiridhe leat ar cheann an bhóird. Domhnall O Murchadha. AN T-SLIS. I. Is agam-sa a bhí an searbhfoghantaidhe A b'fheárr a bhí 'sa' domhan, An bhean chumainn a bhí ann m'fhochair, 'Nuair a théidhinn aig an abhainn; Brat na líonta, mín is garbh, 'sí a ghealadh mar an gclúmh, 'S ó d'imthigh sí mo charaid uaim, Ní mhairfidh mé lé cúmha. II. 'Nuair a leag mé as mo láimh í, Bhí an gála ag tigheacht a dtuaidh, Gur shíl mé nach rabh snámh aicí, 'S nach bhfágfadh sí ó'n gcuan, Ach' mar siúd a d' éirigh an aimis dom, Agus m'aimhleas ro-lom, Gur éaluigh sí gan aithreachtáil Lé tearcuisneacht na d-tonn. III. Is fada na seacht seachtmhainidhe, 'S mé i n-ionad ar mo bháidhte, Ó Shean-bhaile go Carraigín, 'S go ndeachaidh mé go Fába, Ag Poll-an-Éisc a casadh mé, 'Measc latarnach is droíbe, Gan dídion slighe ná fascadh agam, Ach' fearthainn agus drúcht na h-oidhche.
IV. Chuir sí chugam leitir A bhí i bhfoirm táirgne scríobhtha, Go rabh sí i ngall i n-uireasbhaidh, Ó d'imthigh sí ó'n tír seo, Ag rádh; “Cé 'dhéanfas imnidhe i n-uabhar, 'sé is dual dó a bheith dá chaoineadh, 'S dá mbeidheadh a fághailt aríst ar ais aicí, Ní scarfadh sí liom-sa a choidhche.” V. Is iomdhaidh duine a thréigeanns a athair, Ach' ní h-é Dia an uile-chumhachta; Cé an chás sin dúinn, ach' an aicíd A bheireanns scannail agus mí-chliú dhúinne, Ag iompodh anonn lé Pratustúin, An dream chumallar do'n fhear naomhtha, A chuaidh air théarma leis an Mallachtán, Ó thús an Reformation. VI. Is ionann mé 's an Prodigal, A shiubhail ar fad na réagúin; D'fhág sé teach a athar Lé amharaidheacht 's díth-céille, Ach' aríst ar chasadh a bhaile dhó, 'S bhí a sparán spíonta, Thug sé a mhíle mallacht dho'n té 'thréigfeadh a athair a choidhche. VII. 'Sé Hanraoí an h-Ocht a thionnsgain seo, I réir mar deir na h-ughdair, Cromuil, Crainmar, Latimar, Cealbhin agus Liútar, A chuir spíon agus fán ar Chaitiolacaí Lé feall agus lé persecútion, Béidh Oscar thíos a ratha orthú, Dhá lascadh lé n-a shúiste. VIII. Milleán ar an airgead, Nach mairg a bhidheanns claon dó, Ná a dhíolfadh státa an anama, Mar gheall ar ghnodhthan saoghalta; Tá Clanna Gall ag faire orainn, Mar bhéidheadh madar-alla ar chaoirigh, Ag iarraidh sinn a ghabhailt isteach, Go ngabhfaidhe sinn 'sna líonta. IX. Bheirim cómhairle charardach Do Chaitiolacaí na h-Éireann, Ná glacadh siad i n-ancháin, Ní h-eagla dho'n scéal seo,
'Nuair a thuiteas brainse críon, Agus lobhfaidh sé lé fánaidh dhe'n gcrann séadair, Is ag daingniughadh a bhidheas na rútaidhe, Agus ag árdughadh a bhidheas an léadar. X. Cuireamuid ar n-athchuinge 's ar n-impidhe Aig Rígh na ngrásta, 'Té céasadh ar Sliabh Calbheridh, 'Na sheasadh i gcrann na Páise, Mar súil go bhfuigheadh muid maitionas, Mar fuair Aoibh ag geata an gháirdín, Thréis míle bliadhain a dhighe 's a dheachmhaidh Ag iarraidh párdúin. XI. Ó! a Íosa Críosta, a Rí na rann, A céasadh ar chrann Dé Haoine, Tabhair grásta dhúinn mar fuair Maigdilin, A d'éirigh as peacadh an t-saoghail seo, Ar n-anamnachaí bochta a cheannuith tú Go daor i mbruaich an t-sléibhe, Ná leig uait iad, lá an Bhreitheamhnais, Lé Spiorad na láimhe cléithe. XII. Míle bliadhain, a leath agus a thrian, An h-aondéag i n-a cheann sin, Ó thuirling Íosa i gcolainn daonna, I mBeitoilim 'san am sin; Sin é an dáta fírinneach, Gur thionnsgain bean an scéal seo, 'Nuair a scaoil sí an t-slis ag strábhóireacht, Agus ag pasáil a cuid éadaigh. PÁDRAIC Ó CALLANAÍN, CCT.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services