Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Filidheacht. Amhrán Anall.

Title
Filidheacht. Amhrán Anall.
Author(s)
Ó Murchadha, Domhnall,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 600


AMHRÁN ANALL.



Philadelphia, Pa.,
An dara lá déag de Iul, 1900.



A Charaid na Gaedhilge: Cuirim chugad
an t-abhrán clampair seo a fuair mé ó fhear
as Condae na Gaillimhe. Deir sé gurb' é
Pádhraic O Callanáin, file a bhí 'na chómhnaidhe
tamall maith ó shoin i gCathair-an-Duibhín ins
an gcondae chéadna, a rinne é, ar shagart
a thiontuigh leis an bPobul Gallda. Innsigh-
eann mo sheanchaidhe dhom go ndearna Mac
Uí Challanáin abhrán deas eile i dtaobh na
bhfataidhe bána, ach' ní'l sé aige. B'fhéidir
go bhfuigheadh scoláire icéineacht eile an
t-abhrán sin dhúinn chomh maith. Seo cuid de:



Mo mhíle slán dho na fataidhe bána,
Budh sughach an áit a bheith i n-aice leobh;
Budh féile soineannta iad ag teacht i láthair,
Agus iad ag gáiridhe leat ar cheann an
bhóird.



Domhnall O Murchadha.



AN T-SLIS.



I.
Is agam-sa a bhí an searbhfoghantaidhe
A b'fheárr a bhí 'sa' domhan,
An bhean chumainn a bhí ann m'fhochair,
'Nuair a théidhinn aig an abhainn;
Brat na líonta, mín is garbh,
'sí a ghealadh mar an gclúmh,
'S ó d'imthigh sí mo charaid uaim,
Ní mhairfidh mé lé cúmha.



II.
'Nuair a leag mé as mo láimh í,
Bhí an gála ag tigheacht a dtuaidh,
Gur shíl mé nach rabh snámh aicí,
'S nach bhfágfadh sí ó'n gcuan,
Ach' mar siúd a d' éirigh an aimis dom,
Agus m'aimhleas ro-lom,
Gur éaluigh sí gan aithreachtáil
Lé tearcuisneacht na d-tonn.



III.
Is fada na seacht seachtmhainidhe,
'S mé i n-ionad ar mo bháidhte,
Ó Shean-bhaile go Carraigín,
'S go ndeachaidh mé go Fába,
Ag Poll-an-Éisc a casadh mé,
'Measc latarnach is droíbe,
Gan dídion slighe ná fascadh agam,
Ach' fearthainn agus drúcht na h-oidhche.


L. 601


IV.
Chuir sí chugam leitir
A bhí i bhfoirm táirgne scríobhtha,
Go rabh sí i ngall i n-uireasbhaidh,
Ó d'imthigh sí ó'n tír seo,
Ag rádh; “Cé 'dhéanfas imnidhe i n-uabhar,
'sé is dual dó a bheith dá chaoineadh,
'S dá mbeidheadh a fághailt aríst ar ais
aicí,
Ní scarfadh sí liom-sa a choidhche.”



V.
Is iomdhaidh duine a thréigeanns a athair,
Ach' ní h-é Dia an uile-chumhachta;
Cé an chás sin dúinn, ach' an aicíd
A bheireanns scannail agus mí-chliú dhúinne,
Ag iompodh anonn lé Pratustúin,
An dream chumallar do'n fhear naomhtha,
A chuaidh air théarma leis an Mallachtán,
Ó thús an Reformation.



VI.
Is ionann mé 's an Prodigal,
A shiubhail ar fad na réagúin;
D'fhág sé teach a athar
Lé amharaidheacht 's díth-céille,
Ach' aríst ar chasadh a bhaile dhó,
'S bhí a sparán spíonta,
Thug sé a mhíle mallacht
dho'n té 'thréigfeadh a athair a choidhche.



VII.
'Sé Hanraoí an h-Ocht a thionnsgain seo,
I réir mar deir na h-ughdair,
Cromuil, Crainmar, Latimar,
Cealbhin agus Liútar,
A chuir spíon agus fán ar Chaitiolacaí
Lé feall agus lé persecútion,
Béidh Oscar thíos a ratha orthú,
Dhá lascadh lé n-a shúiste.



VIII.
Milleán ar an airgead,
Nach mairg a bhidheanns claon dó,
Ná a dhíolfadh státa an anama,
Mar gheall ar ghnodhthan saoghalta;
Tá Clanna Gall ag faire orainn,
Mar bhéidheadh madar-alla ar chaoirigh,
Ag iarraidh sinn a ghabhailt isteach,
Go ngabhfaidhe sinn 'sna líonta.



IX.
Bheirim cómhairle charardach
Do Chaitiolacaí na h-Éireann,
Ná glacadh siad i n-ancháin,
Ní h-eagla dho'n scéal seo,


L. 602


'Nuair a thuiteas brainse críon,
Agus lobhfaidh sé lé fánaidh dhe'n gcrann
séadair,
Is ag daingniughadh a bhidheas na rútaidhe,
Agus ag árdughadh a bhidheas an léadar.



X.
Cuireamuid ar n-athchuinge 's ar n-impidhe
Aig Rígh na ngrásta,
'Té céasadh ar Sliabh Calbheridh,
'Na sheasadh i gcrann na Páise,
Mar súil go bhfuigheadh muid maitionas,
Mar fuair Aoibh ag geata an gháirdín,
Thréis míle bliadhain a dhighe 's a dheachmhaidh
Ag iarraidh párdúin.



XI.
Ó! a Íosa Críosta, a Rí na rann,
A céasadh ar chrann Dé Haoine,
Tabhair grásta dhúinn mar fuair Maigdilin,
A d'éirigh as peacadh an t-saoghail seo,
Ar n-anamnachaí bochta a cheannuith tú
Go daor i mbruaich an t-sléibhe,
Ná leig uait iad, lá an Bhreitheamhnais,
Lé Spiorad na láimhe cléithe.



XII.
Míle bliadhain, a leath agus a thrian,
An h-aondéag i n-a cheann sin,
Ó thuirling Íosa i gcolainn daonna,
I mBeitoilim 'san am sin;
Sin é an dáta fírinneach,
Gur thionnsgain bean an scéal seo,
'Nuair a scaoil sí an t-slis ag strábhóireacht,
Agus ag pasáil a cuid éadaigh.



PÁDRAIC Ó CALLANAÍN, CCT.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services