Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgéalaidheacht. Toirdhealbhach.
Title
Sgéalaidheacht. Toirdhealbhach.
Author(s)
Féach aithriseoir,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Contributor
Ó Corragáin, Tomás, Carraig Mhachaire Ro
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
TOIRDHEALBHACH. Bhí sgológ ionn aon uair amháin agus bhí mac aige a rabh Toirdhealbhach air. Cha deanfadh se an dadaidh ar a chomhairle. Thainic se abhaile aon oidhche amháin go mall, is thoisigh a gháid a throid leis: “A ráca bhradaigh, gá rabh tú ó oidhche?”
“Théam cungnamh cosdais is chan fhaiceann tú choidhche arís me.” Chuir se a lámh i n-a phóca is shín se cúig phonta dó. D'imthigh leis agus bhí se ag siubhal go rabh se láimh le reilic. Bhí troid mhór istigh 'sa' reilic fá chorp 'iolcad (= adhlacadh). Chuaidh Toirdhealbhach isteach 'un na reilice. “Gá fáth a bhfeil sibh 'troid?” arsa Toir- dhealbhach. “Tá airgead i n-aghaidh a' chuirp nach leig- feadh se a iolcadh go bhfuigheadh se a chuid airgid.” “Gá 'mhéad atá i n-aghaidh a' chuirp?” “Tá sé sgilling déag,” ars' an fear. Chuir Toirdhealbhach lámh i n-a phóca is shín se sé sgilling déag dó. Hiolcadh an corp. D'imthigh Toirdhealbhach leis an bóthar. Char bh'fhada gur ghabh buachaill caol ruadh e. “Goidé mar tá tú, a Thoirdhealbhaigh?” ars' an buachaill caol ruadh; “Gá bhfuil tú 'g dul gómh mall so?” “Chuir mo gháid ar siubhal me, agus chan fhuil me 'g dul ar ais níos mó 'uige.” “Fosdaigh mise go cionn lae is bliadhna,” ars' an buachaill caol ruadh. “Ó, chan fhuil dóigh agam mé fhéin a choing- bheáil, cha amháin thusa,” adeir se. “Gan ghéilleadh dó sin,” ars' an buachaill caol ruadh, “rachaidh me leat.” D'imthigh leobhtha gur chas fear orthú a rabh a chos ceangailte d'á thóin. “Goidé an seort thusa?” ars' an buachaill caol ruadh. “Mise Fear na Leathchoise tá gómh lúthmhar go bhfuil mo chos ceangailte, [ó] nach gcoinn- eachadh seort ar bith siubhal liom,” adeir se. “Tá se gómh maith agad fosdach le Toir- dealbhach innseo.” Dubhairt Toirdhealbhach nach rabh gnaitheach aige leis, go rabh a sháith ionn fhéin. “Gan ghéilleadh dó sin,” ars' an buachaill caol ruadh, “tabhair leat e.” D'imthigh leobhtha gur chas fear orthú a rabh botán cochain i n-a ghaosán. “Goidé an seort thusa?” ars' an buachaill caol ruadh. “Mise fear shéidfeadh gach aon rud 'mbéidheadh romhamh, [acht] gur'b é go bhfuil botán cochain in mo ghaosán.” “Tá se gómh maith agad a theacht le Toirdhealbhach.” Dubhairt Toirdhealbhach nach rabh dóigh air é fhéin a choingbheáil suas, cha amháin an fear soin. “Gan ghéilleadh dó sin,” ars' an buachaill caol ruadh, “bhéaramuid linn e.” D'imthigh leobhtha gur chas fear orthú a rabh bogha eara aige. “Goidé an seort thusa?” ars' an buachaill caol ruadh. “Mise fear nár thiob an dadaidh riamh orm a dtug me iarraidh air.” “Tá se gómh maith agad fosdach le Toir- dhealbhach innseo.” “Chan fhuil dóigh againn inn fhéin a choing- bheáil suas, cha amháin eisean a bheith linn,” arsa Toirdhealbhach. “Gan ghéilleadh dó sin,” ars' an buachaill caol ruadh, “bhéaramuid linn é.” D'imthigh leobhtha gur chas fear orthú a rabh eochair mhór i n-a láimh. “Goidé sin in do láimh?” ars' an buachaill caol ruadh. “Seo Eochair Gáid Mhóir an Fhathaigh. Char cuireadh aon ghlas ariamh nach sgaoilfeadh an eochair seo.” “Tá se gómh maith agad fosdach le Toir- dhealbhach innseo,” ars' an buachaill caol ruadh. “Ó, tá nar sáith ionnainn fhéin,” arsa Toirdhealbhach, “cha amháin a' fear soin.”
“Gan ghéilleadh dó sin,” ars' an buachaill caol ruadh, “bhearamuid linn e.” D'imthigh leobhtha gur chas fear orthú 'na sheasamh le cloidhe, 's a chluas cocthaidh. “Goidé an seort thusa?” ars' an buachaill caol ruadh. “Mise Cluas le hÉisdeacht tá 'g éisdeacht leis a' bhféar a' fás in-sa' Domhan Thoir.” “Tá se gomh maith agad fosdach le Toir- dhealbhach innseo,” ars' an buachaill caol ruadh. “Tá nar sáith ionnainn fhéin,” arsa Toir- dhealbhach, “cha amháin a' fear soin.” “Gan ghéilleadh dó sin,” ars' an buachaill ruadh, “bhearamuid linn e.” D'imthigh leobhtha gur chas fear orthú, 's é i n-a shuidhe ar chairgeach, ag bogadh aníos is síos le n-a thóin. “Goidé an seort thusa?” ars' an buachaill caol ruadh. “Mise Tóin Iarainn,” adeir se, “is shoc- rachainn gach aon rud le mo thóin.” “Tá se gomh maith agad fosdach le Toir- dhealbhach innseo,” ars' an buachaill caol ruadh. “Tá nar sáith ionnainn fhéin,” arsa Toir- dhealbhach, “cha amháin a' fear soin.” “Gan ghéilleadh dó sin,” ars' an buachaill ruadh, “bhéaramuid linn e.” D'imthigh leobhtha go rabh siad aige tigh an ríogh. “'Nois,” ars' an buachaill caol ruadh le Toirdhealbhach, “tá se gómh maith agad a dhul a dh'iárraidh nighne an ríogh.” “An mise dhul a dh'iárraidh nighne an ríogh? Chuala me nach deacaidh aon fhear ariamh d'á hiárraidh nach mbéidheadh a chionn ar a' spíce.” “Gan ghéilleadh dó sin” ars' an buachaill ruadh, “rachamuid a dh'iárraidh nighne an ríogh,” adeir se. Char stad siad go rabh siad aige tigh an ríogh. Fiostruigheadh goidé bhí a dhíth orthú. Dubhairt an buachaill caol ruadh gur seo fear a bhí ag teacht a dh'iárraidh nighne an ríogh. Tugadh isteach iad. Fuair siad togha gach bídh agus rogha gach dighe go dtainic an oidhche. Thainic nighean an ríogh is thug sí fáinne óir léithe. “Seo dhuid fáinne óir,” adeir sí, “'s mur mbéidh se agad ar maidin, béidh do chionn ar a' spíce.” Nuair a chuaidh siad a chodladh, thainic nighean an ríogh is thug sí an fáinne óir léithe as póca Thoirdhealbhaigh. Ars' ise, “Is truagh gan mé taobh 'muigh de gheat- aidhe, truagh gan mé taobh 'muigh de dhorsa', truagh gan mé i n-áit i bhfuil mo ró-ghrádh féin anois.” D'éirigh an buachaill caol ruadh is thug se Eochair Gáid Mhóir an Fhathaigh a sgaoileadh gach uile ghlas. Ars' an buachaill caol ruadh, “Truagh gan mé taobh 'muigh de dhorsa', truagh gan mé taobh 'muigh de gheataidhe, 's truagh gan mé 'san áit i bhfuil a ró-ghrádh siud anois.” Lean an buachaill ruadh í go rabh sí aige tigh an fhir. “Fuasgail, fuasgail,” ars' an cailín, ”tá fear i dtaobh 'muigh anocht is é dom' iárraidh- sa. Seo dhuid a' fáinne, is cuir a' glas air, is béidh a chionn ar a' spíce ar maidin.” Chuaidh siad a chodladh. D'imthigh an buachaill ruadh is bhain sé an glas de'n chófhra is thug se an fáinne leis. Nuair a dhúisigh nighean an ríogh i lár na hoidhche: “Truagh gan mé taobh 'muigh de dhorsa', truagh gan mé taobh 'muigh de gheataidhe, truagh gan mé aige cúirt m'athara 's mo mháthara féin anois.” D'éirigh an buachaill ruadh: “Truagh gan mé taobh 'muigh de gheataidhe, truagh gan mé taobh 'muigh de dhorsa', truagh
gan mé 'san áit i bhfuil mo mhaighistir féin anois.” D'imthigh leobhta go rabh siad 'sa' mbaile. Chuaidh nighean an ríogh a luighe. D'imthigh an buachaill ruadh is d'fhág se an fáinne i bpóca Thoirdhealbhaigh. Ag éirghe ar maidin dóbhtha, thainic nighean an ríogh: “Théam a' fáinne a thug me aréir dhuid.” Chuir Toirdhealbhach lámh i n-a phóca is shín se an fáinne dí. Leig sí osnadh mór aistí. Bhí lá spóirt is ceoil acú go dtainic an oidhche. Thainic sí aríst: “Seo dhuid a' fáinne. Mur mbéidh se agad ar maidin, béidh do chionn ar a' spíce.” Chuaidh siad a luighe. D'éirigh nighean an ríogh is thug sí an fáinne léithe as a phóca: “Truagh gan mé taobh 'muigh de gheataidhe, truagh gan mé taobh 'muigh de dhorsa', truagh gan mé 'san áit i bhfuil mo ró-ghrádh féin anois.” D'éirigh an buachaill ruadh: “Truagh gan mé taobh 'muigh de gheataidhe, truagh gan mé taobh 'muigh de dhorsa', truagh gan mé 'san áit i bhfuil a ró-ghrádh siud anois.” Amach leobhtha agus char stad siad go rabh siad aige tigh an fhir. “Fuasgail, fuasgail,” arsa nighean an ríogh. D'fhosgail se an dorus dí. “'Nois,” arsa nighean an ríogh, “caithfidh tú a thaisgidh go maith, is glais a chur air.” Thoisigh an bheirt a chur glais air. Chuaidh siad a luighe. I lár na hoidhche d'éirigh nighean an ríogh: “Truagh gan mé taobh 'muigh de gheataidhe, truagh gan mé taobh 'muigh se dhorsa', truagh gan mé aige cúirt m'athara agus mo mháthara féin anois.” D'éirigh an buachaill ruadh. Thug se Eochair Gáid Mhóir an Fhathaigh leis. Sgaoil se na glais is thug se an fáinne leis. “Truagh gan mé taobh 'muigh de gheataidhe, truagh gan mé taobh 'muigh de dhorsa', truagh gan mé 'san áit i bhfeil mo mháighistir féin anois.” D'imthigh leobhtha go rabh siad 'sa' mbaile. Chuaidh nighean an ríogh a luighe. D'imthigh an buachaill ruadh is d'fhág se an fáinne i bpóca Thoirdhealbhaigh. Ag éirghe ar maidin do nighin an ríogh, “Théam a' fáinne sin thug me 'réir dhuid.” Chuir Toirdhealbhach lámh i n-a phóca is shín se an fáinne dí. Leig sí dhá osnadh mór aistí. Bhí lá spóirt is ceoil acú go dtainic an oidhche aríst. Thainic nighean an ríogh. “Seo dhuid a' fáinne. Mur mbéidh se agad ar maidin, béidh do chionn ar a' spíce.” Chuaidh siad a luighe. D'éirigh nighean an ríogh agus thug an fáinne léithe: “Truagh gan mé taobh 'muigh de gheataidhe, truagh gan mé taobh 'muigh de dhorsa', truagh gan mé 'san áit i bhfuil mo ró-ghrádh féin anois.” D'éirigh an buachaill ruadh: “Truagh gan mé taobh 'muigh de gheataidhe, truagh gan mé taobh 'muigh de dhorsa', truagh gan mé 'san áit i bhfuil a ró-ghrádh siud anois.” D'imthigh leobhtha go rabh siad aige tigh an fhir. “Fhosgail, fosgail,” arsa nighean an ríogh. D'fhosgail se an dorus dí. Ar sise, “Cuir síos pota na ndeich gcárta fo n-a lán storabúit.” Rinn siad a suipeár. “Anois,” adeir nighean an ríogh, “char chuir tú leath ghlais aréir air. Mur dtais- geacha tú go maith anocht, chan fhaic tú mise choidhche aríst.” Chuaidh se a chur glais air. Nuair a bhí na glais air, chuaidh siad a luighe. I lár na hoidhche d'éirigh nighean an ríogh:
“Truagh gan mé taobh 'muigh de gheataidhe, truagh gan mé taobh 'muigh de dhorsa', truagh gan mé aige cúirt m'athara agus mo mháthara féin anois.” D'éirigh an buachaill ruadh. Thug se Eochair Gáid Mhóir an Fhathaigh leis. Sgaoil se na glais is thug se an fáinne leis. “Truagh gan mé taobh 'muigh de gheataidhe, truagh gan mé taobh 'muigh de dhorsa', truagh gan mé 'san áit i bhfuil mo mhaighistir féin anois.” D'imthigh leobhtha go rabh siad in-sa' mbaile. Chuaidh nighean an ríogh a luighe. D'imthigh an buachaill ruadh. D'fhág se an fáinne i bpóca Thoirdhealbhaigh. Ag éirghe ar maidin do nighin an ríogh, thainic sí is d'fhiostruigh sí an rabh an fáinne sin aige. Chuir se lámh i n-a phóca, is shín se an fáinne dí. Leig sí trí osnadh mhór aistí. “Tá do nighean bainte aige, a rí,” ars' an buachaill caol ruadh. “Tá le doras is le doghrainn daoi,” ars' an rí. “Cha ghlacaim-sa anois e,” arsa nighean an ríogh, “go bhféachaidh se rása liom fá dhá bhuideál uisge as Tobar na hÍocshláinte tá in-san Domhan Thoir. Mur mbéidh sé innseo gómh gasda liom-sa, béidh a chionn ar a' spíce.” “'Nois,” ars' an buachaill ruadh, “Gá le haghaidh a bhfeil a' teannchair ag an ghobha ach' a lámha shábháil? Gá le haghaidh a bhfuil buachaill seirbhise aige Toirdhealbhach ach' é dhul amach i n-' áit?” Sgairt an buachaill ruadh ar Fhear na Leathchoise. “'Nois,” ars' an buachaill ruadh, “rachaidh tusa i n-áit do mhaighistir.” D'imthigh an fear agus nighean an ríogh. Char stad siad go rabh siad aige Tobar na hÍocshláinte bhí 'sa' Domhan Thoir. Líon siad a' dhá bhuideál uisge. D'imthigh leobhtha. Bhí Fear na Leathchoise ag teacht i dtoiseach. “'Nois,” arsa nighean an ríogh, “béimid am go leor 'sa' mbaile. Suidhmid síos innseo is teanamuid ar sgíste.” Shuidh an bheirt síos. “Leag do chionn ar mo ghlúin,” adeir sí leis an mbuachaill. Fuair sí cloigeann capaill is chuir sí faoi n-a chionn e. Thuit sé 'na chodladh. D'éirigh nighean an ríogh is dhóirt sí an buideál uisge a bhí leis. D'imthigh léithe ag teanamh ar an mbaile is d'fhág sí an fear 'na chodladh. “'Nois,” ars' an buachaill caol ruadh le Cluas le hÉisdeacht, “gabh amach is féach goidé mar tá gach aon rud ag dul ar aghaidh.” “'Tchím,” arsa Cluas le hÉisdeacht, “go bhfuil an oilbheart d'á imirt ar a' mbuachaill. Chuir sí cloigeann capaill faoi n-a chionn is dhóirt sí an buideál uisge.” “Gá bhfuil [an] fear a rabh an bogha eara aige?” ars' an buachaill ruadh. Tainic an fear a rabh an bogha eara aige. “'Nois,” ars' an buachaill ruadh, “lámhach an cloigeann capaill bhí faoi n-a chionn. D'imthigh an fear a rabh an bogha eara aige. Lámhach sé cloigeann an chapaill bhí faoi n-a chionn. Léim Fear na Leathchoise suas 'na sheasamh. Nuair a chonnaic se a bhuideál dóirtthidh, bhain se amach aríst 'un an tobair. Bhí nighean an ríogh ag teacht i dtoiseach. “Gá bhfuil,” ars' an buachaill caol ruadh, “gá bhfuil [an] fear a rabh an botán i n-a ghaosán?” Thainic an fear a rabh an botán i n-a ghaosán. Tharraing se an botán as a ghaosán. Shéid se nighean an ríogh ar ais. Nuair a thiocfadh sí iomaire ar aghaidh, chuirfeadh se naoi n-iomaire ar ais í go dtí go bhfaca
siad an fear eile ag teacht. Choinnigh se ar ais í go dtainic an fear eile i dtoiseach. “Anois,” ars' an buachaill caol ruadh, “tá an fear eile i dtoiseach. Tá do nighean bainte aige Toirdhealbhach, a rí.” “Tá le donas is le doghrainn daoi,” ars' an rí. Fuaras reidh an bhanais. Fuair nighean an ríogh réidh caithir (= cathaoir) do'n mbait- leár, a rabh spíceacha móra inntí. “'Nois,” ars' an buachaill caol ruadh le Tóin Iarainn, “rachaidh tusa isteach is suidhfidh tú ar a' chaithir a' chead uair.” Rith Tóin Iarainn isteach. Shuidh se ar an chaithir. Thainic nighean an ríogh. “Goidé bheir 'do 'shuidhe ar a chaithir thú? Nach sin caithir do mhaighistir?” adeir sí. D'éirigh Tóin Iarainn. Thuit se síos aríst ar an chaithir gur bhrúigh se na spíceacha uilig. D'éirigh se annsin agus thainic an maighistir isteach. Shuidh se ar an chaithir is thainic nighean an ríogh isteach. D'iarr sí air éirghe go mbeidheadh torn damhsadh acú. D'éirigh se 'na sheasamh. Nuair a d'éirigh se thuit an cailin 'un laige. Nuair a fuair sí biseach, pósadh iad. Bhí banais lae is bliadhna orthú, 's an lá deirionnach gómh maith leis an chead lá. Thainic an buachaill caol ruadh chuige Toirdhealbhach agus dubhairt se leis go rabh se an t-am dó imtheacht. Bhí Toirdhealbhach ag tabhairt airgid dó ar son a thrioblóide. Dubhairt an buachaill caol ruadh nac nglac- fadh se an dadaidh uadh, nach rabh dadaidh a dhíth air ar son aimsire, gur'b eisean an fear ar dhíol Toirdhealbhach an t-airgead ar a shon go dtí gur hiolcadh an corp. Sin mo sgéal-sa, 's is fada an sgéal é. Tagra. This story is usually known as Tóin Íarainn, from the name of one of the helping-companions. The name of the hero is pronounced as if spelt Tarlach (tharLah). Ó oidhche, “all night.” Théam, give me, hand me. Char bh'fhada gur ghabh buachaill caol ruadh é: This was what was used a the time of taking down the story, but during the first narration the phrase heard was “Char bh'fhada gur bhuail buachaill caol ruadh suas leis.” The sense is the same in each case, “overtook.” Gá bhfuil = Goul; this and gá bhfeil (Gau vel) alternate in the dialect. Fosdaigh, hire; fosdach, hiring. Botán cochain, a small bundle of hay or straw,” O'R. Gaosán, nostril. Bogha eara, lit. arrow- bow, or bow for shooting arrows. Eara is of course from Eng. arrow. Thiob = theib, theip; teib se orm, it surpassed or beat me, and hence afterwards I missed (a shot, &c.) Iarraidh here = aim appears to be locally differentiated from íarraidh, seeking. Cocthaidh from Eng. cocked. Cairgeach, a rock, ist he usual local word. It occurs in at least one townland-name, Cairgeach Lios na n-Áirne, Cargaghlisnanarney. Nar = ár, our, occurs frequently in this tale. It represents O. Ir. náthar (Lat. nostrum). The n is perhaps preserved only after vowels, as it is so found here, and further on in the story towards the end we find teanamuid ar sgíste having the form without n-. Bídh was pronounced bídhe (bee-ye) and ríogh (gen.) ree-ya (ríghe or ríogha?). A dhíth = ee or eeh. Togha = thö, and rogha = rö. Ró- ghrádh: strange to say in the repetitions of the “run” in which this word occurs the forms were mo ghró-ghrádh féin and a gró-grádh siud; perhaps ghró was caused by -ghrádh, and the non-aspiration of the g in each case in the latter is due to the preceding a. Fuasgail = fosgail. Storabúit, a genitive formed on storabút from Eng. stirabout, leite, brachán. Trí osnadh mhór, the aspiration of the noun that might be expected after trí is perhaps here found in the following adjective; the numerals from trí to sé always aspirate a singular noun in spoken Irish. Ag teanamh ar an mbaile: teanamh = déanamh, but it is possible the word may have been teannadh, though this is usually followed by le in the sense of “approaching a place.” An oilbheart (a Nulvarth) represents the sound, but the original may have been an fheallbheart. Oilbheart = scandalous or infamous deed? Buachaill was usually bóchaill throughout. Tomás O Corragáin d'innis insa' Chais- leán i n-aice Cairrge Machaire Rois.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services