Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgéalaidheacht. Toirdhealbhach.

Title
Sgéalaidheacht. Toirdhealbhach.
Author(s)
Féach aithriseoir,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Contributor
Ó Corragáin, Tomás, Carraig Mhachaire Ro
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

TOIRDHEALBHACH.



Bhí sgológ ionn aon uair amháin agus bhí mac
aige a rabh Toirdhealbhach air. Cha
deanfadh se an dadaidh ar a chomhairle.
Thainic se abhaile aon oidhche amháin go mall,
is thoisigh a gháid a throid leis:



“A ráca bhradaigh, gá rabh tú ó oidhche?”


L. 594


“Théam cungnamh cosdais is chan fhaiceann
tú choidhche arís me.”



Chuir se a lámh i n-a phóca is shín se cúig
phonta dó.



D'imthigh leis agus bhí se ag siubhal go rabh se
láimh le reilic. Bhí troid mhór istigh 'sa'
reilic fá chorp 'iolcad (= adhlacadh). Chuaidh
Toirdhealbhach isteach 'un na reilice.



“Gá fáth a bhfeil sibh 'troid?” arsa Toir-
dhealbhach.



“Tá airgead i n-aghaidh a' chuirp nach leig-
feadh se a iolcadh go bhfuigheadh se a chuid
airgid.”



“Gá 'mhéad atá i n-aghaidh a' chuirp?”



“Tá sé sgilling déag,” ars' an fear.



Chuir Toirdhealbhach lámh i n-a phóca is shín
se sé sgilling déag dó. Hiolcadh an corp.



D'imthigh Toirdhealbhach leis an bóthar. Char
bh'fhada gur ghabh buachaill caol ruadh e.



“Goidé mar tá tú, a Thoirdhealbhaigh?”
ars' an buachaill caol ruadh; “Gá bhfuil tú
'g dul gómh mall so?”



“Chuir mo gháid ar siubhal me, agus chan fhuil
me 'g dul ar ais níos mó 'uige.”



“Fosdaigh mise go cionn lae is bliadhna,”
ars' an buachaill caol ruadh.



“Ó, chan fhuil dóigh agam mé fhéin a choing-
bheáil, cha amháin thusa,” adeir se.



“Gan ghéilleadh dó sin,” ars' an buachaill
caol ruadh, “rachaidh me leat.”



D'imthigh leobhtha gur chas fear orthú a rabh
a chos ceangailte d'á thóin.



“Goidé an seort thusa?” ars' an buachaill
caol ruadh.



“Mise Fear na Leathchoise tá gómh lúthmhar
go bhfuil mo chos ceangailte, [ó] nach gcoinn-
eachadh seort ar bith siubhal liom,” adeir se.



“Tá se gómh maith agad fosdach le Toir-
dealbhach innseo.”



Dubhairt Toirdhealbhach nach rabh gnaitheach
aige leis, go rabh a sháith ionn fhéin.



“Gan ghéilleadh dó sin,” ars' an buachaill
caol ruadh, “tabhair leat e.”



D'imthigh leobhtha gur chas fear orthú a rabh
botán cochain i n-a ghaosán.



“Goidé an seort thusa?” ars' an buachaill
caol ruadh.



“Mise fear shéidfeadh gach aon rud
'mbéidheadh romhamh, [acht] gur'b é go bhfuil
botán cochain in mo ghaosán.”



“Tá se gómh maith agad a theacht le
Toirdhealbhach.”



Dubhairt Toirdhealbhach nach rabh dóigh air é
fhéin a choingbheáil suas, cha amháin an fear
soin.



“Gan ghéilleadh dó sin,” ars' an buachaill
caol ruadh, “bhéaramuid linn e.”



D'imthigh leobhtha gur chas fear orthú a rabh
bogha eara aige.



“Goidé an seort thusa?” ars' an buachaill
caol ruadh.



“Mise fear nár thiob an dadaidh riamh
orm a dtug me iarraidh air.”



“Tá se gómh maith agad fosdach le Toir-
dhealbhach innseo.”



“Chan fhuil dóigh againn inn fhéin a choing-
bheáil suas, cha amháin eisean a bheith linn,”
arsa Toirdhealbhach.



“Gan ghéilleadh dó sin,” ars' an buachaill
caol ruadh, “bhéaramuid linn é.”



D'imthigh leobhtha gur chas fear orthú a rabh
eochair mhór i n-a láimh.



“Goidé sin in do láimh?” ars' an buachaill
caol ruadh.



“Seo Eochair Gáid Mhóir an Fhathaigh. Char
cuireadh aon ghlas ariamh nach sgaoilfeadh an
eochair seo.”



“Tá se gómh maith agad fosdach le Toir-
dhealbhach innseo,” ars' an buachaill caol
ruadh.



“Ó, tá nar sáith ionnainn fhéin,” arsa
Toirdhealbhach, “cha amháin a' fear soin.”


L. 595


“Gan ghéilleadh dó sin,” ars' an buachaill
caol ruadh, “bhearamuid linn e.”



D'imthigh leobhtha gur chas fear orthú 'na
sheasamh le cloidhe, 's a chluas cocthaidh.



“Goidé an seort thusa?” ars' an buachaill
caol ruadh.



“Mise Cluas le hÉisdeacht tá 'g éisdeacht
leis a' bhféar a' fás in-sa' Domhan Thoir.”



“Tá se gomh maith agad fosdach le Toir-
dhealbhach innseo,” ars' an buachaill caol
ruadh.



“Tá nar sáith ionnainn fhéin,” arsa Toir-
dhealbhach, “cha amháin a' fear soin.”



“Gan ghéilleadh dó sin,” ars' an buachaill
ruadh, “bhearamuid linn e.”



D'imthigh leobhtha gur chas fear orthú, 's é i
n-a shuidhe ar chairgeach, ag bogadh aníos is
síos le n-a thóin.



“Goidé an seort thusa?” ars' an buachaill
caol ruadh.



“Mise Tóin Iarainn,” adeir se, “is shoc-
rachainn gach aon rud le mo thóin.”



“Tá se gomh maith agad fosdach le Toir-
dhealbhach innseo,” ars' an buachaill caol
ruadh.



“Tá nar sáith ionnainn fhéin,” arsa Toir-
dhealbhach, “cha amháin a' fear soin.”



“Gan ghéilleadh dó sin,” ars' an buachaill
ruadh, “bhéaramuid linn e.”



D'imthigh leobhtha go rabh siad aige tigh an
ríogh.



“'Nois,” ars' an buachaill caol ruadh le
Toirdhealbhach, “tá se gómh maith agad a dhul
a dh'iárraidh nighne an ríogh.”



“An mise dhul a dh'iárraidh nighne an ríogh?
Chuala me nach deacaidh aon fhear ariamh d'á
hiárraidh nach mbéidheadh a chionn ar a' spíce.”



“Gan ghéilleadh dó sin” ars' an buachaill
ruadh, “rachamuid a dh'iárraidh nighne an
ríogh,” adeir se.



Char stad siad go rabh siad aige tigh an
ríogh. Fiostruigheadh goidé bhí a dhíth orthú.
Dubhairt an buachaill caol ruadh gur seo
fear a bhí ag teacht a dh'iárraidh nighne an
ríogh. Tugadh isteach iad. Fuair siad togha
gach bídh agus rogha gach dighe go dtainic an
oidhche. Thainic nighean an ríogh is thug sí
fáinne óir léithe.



“Seo dhuid fáinne óir,” adeir sí, “'s mur
mbéidh se agad ar maidin, béidh do chionn ar
a' spíce.”



Nuair a chuaidh siad a chodladh, thainic
nighean an ríogh is thug sí an fáinne óir léithe
as póca Thoirdhealbhaigh. Ars' ise,



“Is truagh gan mé taobh 'muigh de gheat-
aidhe, truagh gan mé taobh 'muigh de dhorsa',
truagh gan mé i n-áit i bhfuil mo ró-ghrádh
féin anois.”



D'éirigh an buachaill caol ruadh is thug se
Eochair Gáid Mhóir an Fhathaigh a sgaoileadh
gach uile ghlas.



Ars' an buachaill caol ruadh, “Truagh
gan mé taobh 'muigh de dhorsa', truagh gan
mé taobh 'muigh de gheataidhe, 's truagh gan
mé 'san áit i bhfuil a ró-ghrádh siud anois.”



Lean an buachaill ruadh í go rabh sí aige
tigh an fhir.



“Fuasgail, fuasgail,” ars' an cailín, ”tá
fear i dtaobh 'muigh anocht is é dom' iárraidh-
sa. Seo dhuid a' fáinne, is cuir a' glas air,
is béidh a chionn ar a' spíce ar maidin.”



Chuaidh siad a chodladh. D'imthigh an
buachaill ruadh is bhain sé an glas de'n
chófhra is thug se an fáinne leis. Nuair a
dhúisigh nighean an ríogh i lár na hoidhche:



“Truagh gan mé taobh 'muigh de dhorsa',
truagh gan mé taobh 'muigh de gheataidhe,
truagh gan mé aige cúirt m'athara 's mo
mháthara féin anois.”



D'éirigh an buachaill ruadh:



“Truagh gan mé taobh 'muigh de gheataidhe,
truagh gan mé taobh 'muigh de dhorsa', truagh


L. 596


gan mé 'san áit i bhfuil mo mhaighistir féin
anois.”



D'imthigh leobhta go rabh siad 'sa' mbaile.
Chuaidh nighean an ríogh a luighe. D'imthigh an
buachaill ruadh is d'fhág se an fáinne i bpóca
Thoirdhealbhaigh. Ag éirghe ar maidin dóbhtha,
thainic nighean an ríogh:



“Théam a' fáinne a thug me aréir dhuid.”



Chuir Toirdhealbhach lámh i n-a phóca is shín
se an fáinne dí. Leig sí osnadh mór aistí.
Bhí lá spóirt is ceoil acú go dtainic an
oidhche. Thainic sí aríst:



“Seo dhuid a' fáinne. Mur mbéidh se
agad ar maidin, béidh do chionn ar a' spíce.”



Chuaidh siad a luighe. D'éirigh nighean an
ríogh is thug sí an fáinne léithe as a phóca:



“Truagh gan mé taobh 'muigh de gheataidhe,
truagh gan mé taobh 'muigh de dhorsa', truagh
gan mé 'san áit i bhfuil mo ró-ghrádh féin
anois.”



D'éirigh an buachaill ruadh:



“Truagh gan mé taobh 'muigh de gheataidhe,
truagh gan mé taobh 'muigh de dhorsa', truagh
gan mé 'san áit i bhfuil a ró-ghrádh siud anois.”



Amach leobhtha agus char stad siad go rabh
siad aige tigh an fhir.



“Fuasgail, fuasgail,” arsa nighean an
ríogh.



D'fhosgail se an dorus dí.



“'Nois,” arsa nighean an ríogh, “caithfidh
tú a thaisgidh go maith, is glais a chur air.”



Thoisigh an bheirt a chur glais air. Chuaidh
siad a luighe. I lár na hoidhche d'éirigh nighean
an ríogh:



“Truagh gan mé taobh 'muigh de gheataidhe,
truagh gan mé taobh 'muigh se dhorsa', truagh
gan mé aige cúirt m'athara agus mo mháthara
féin anois.”



D'éirigh an buachaill ruadh. Thug se Eochair
Gáid Mhóir an Fhathaigh leis. Sgaoil se na
glais is thug se an fáinne leis.



“Truagh gan mé taobh 'muigh de gheataidhe,
truagh gan mé taobh 'muigh de dhorsa', truagh
gan mé 'san áit i bhfeil mo mháighistir féin
anois.”



D'imthigh leobhtha go rabh siad 'sa' mbaile.
Chuaidh nighean an ríogh a luighe. D'imthigh an
buachaill ruadh is d'fhág se an fáinne i bpóca
Thoirdhealbhaigh. Ag éirghe ar maidin do
nighin an ríogh,



“Théam a' fáinne sin thug me 'réir dhuid.”



Chuir Toirdhealbhach lámh i n-a phóca is shín
se an fáinne dí. Leig sí dhá osnadh mór
aistí. Bhí lá spóirt is ceoil acú go dtainic
an oidhche aríst. Thainic nighean an ríogh.



“Seo dhuid a' fáinne. Mur mbéidh se
agad ar maidin, béidh do chionn ar a' spíce.”



Chuaidh siad a luighe. D'éirigh nighean an
ríogh agus thug an fáinne léithe:



“Truagh gan mé taobh 'muigh de gheataidhe,
truagh gan mé taobh 'muigh de dhorsa', truagh
gan mé 'san áit i bhfuil mo ró-ghrádh féin
anois.”



D'éirigh an buachaill ruadh:



“Truagh gan mé taobh 'muigh de gheataidhe,
truagh gan mé taobh 'muigh de dhorsa', truagh
gan mé 'san áit i bhfuil a ró-ghrádh siud
anois.”



D'imthigh leobhtha go rabh siad aige tigh an
fhir.



“Fhosgail, fosgail,” arsa nighean an ríogh.



D'fhosgail se an dorus dí.



Ar sise, “Cuir síos pota na ndeich gcárta
fo n-a lán storabúit.”



Rinn siad a suipeár.



“Anois,” adeir nighean an ríogh, “char
chuir tú leath ghlais aréir air. Mur dtais-
geacha tú go maith anocht, chan fhaic tú mise
choidhche aríst.”



Chuaidh se a chur glais air. Nuair a bhí na
glais air, chuaidh siad a luighe. I lár na
hoidhche d'éirigh nighean an ríogh:


L. 597


“Truagh gan mé taobh 'muigh de gheataidhe,
truagh gan mé taobh 'muigh de dhorsa', truagh
gan mé aige cúirt m'athara agus mo mháthara
féin anois.”



D'éirigh an buachaill ruadh. Thug se Eochair
Gáid Mhóir an Fhathaigh leis. Sgaoil se na
glais is thug se an fáinne leis.



“Truagh gan mé taobh 'muigh de gheataidhe,
truagh gan mé taobh 'muigh de dhorsa', truagh
gan mé 'san áit i bhfuil mo mhaighistir féin
anois.”



D'imthigh leobhtha go rabh siad in-sa' mbaile.
Chuaidh nighean an ríogh a luighe. D'imthigh an
buachaill ruadh. D'fhág se an fáinne i bpóca
Thoirdhealbhaigh. Ag éirghe ar maidin do
nighin an ríogh, thainic sí is d'fhiostruigh sí an
rabh an fáinne sin aige. Chuir se lámh i n-a
phóca, is shín se an fáinne dí. Leig sí trí
osnadh mhór aistí.



“Tá do nighean bainte aige, a rí,” ars'
an buachaill caol ruadh.



“Tá le doras is le doghrainn daoi,” ars'
an rí.



“Cha ghlacaim-sa anois e,” arsa nighean
an ríogh, “go bhféachaidh se rása liom fá dhá
bhuideál uisge as Tobar na hÍocshláinte tá
in-san Domhan Thoir. Mur mbéidh sé innseo
gómh gasda liom-sa, béidh a chionn ar a'
spíce.”



“'Nois,” ars' an buachaill ruadh, “Gá le
haghaidh a bhfeil a' teannchair ag an ghobha ach'
a lámha shábháil? Gá le haghaidh a bhfuil
buachaill seirbhise aige Toirdhealbhach ach' é
dhul amach i n-' áit?”



Sgairt an buachaill ruadh ar Fhear na
Leathchoise.



“'Nois,” ars' an buachaill ruadh, “rachaidh
tusa i n-áit do mhaighistir.”



D'imthigh an fear agus nighean an ríogh. Char
stad siad go rabh siad aige Tobar na
hÍocshláinte bhí 'sa' Domhan Thoir. Líon siad
a' dhá bhuideál uisge. D'imthigh leobhtha. Bhí
Fear na Leathchoise ag teacht i dtoiseach.



“'Nois,” arsa nighean an ríogh, “béimid
am go leor 'sa' mbaile. Suidhmid síos
innseo is teanamuid ar sgíste.”



Shuidh an bheirt síos.



“Leag do chionn ar mo ghlúin,” adeir sí
leis an mbuachaill.



Fuair sí cloigeann capaill is chuir sí faoi
n-a chionn e. Thuit sé 'na chodladh. D'éirigh
nighean an ríogh is dhóirt sí an buideál uisge
a bhí leis. D'imthigh léithe ag teanamh ar an
mbaile is d'fhág sí an fear 'na chodladh.



“'Nois,” ars' an buachaill caol ruadh le
Cluas le hÉisdeacht, “gabh amach is féach
goidé mar tá gach aon rud ag dul ar
aghaidh.”



“'Tchím,” arsa Cluas le hÉisdeacht, “go
bhfuil an oilbheart d'á imirt ar a' mbuachaill.
Chuir sí cloigeann capaill faoi n-a chionn
is dhóirt sí an buideál uisge.”



“Gá bhfuil [an] fear a rabh an bogha eara
aige?” ars' an buachaill ruadh.



Tainic an fear a rabh an bogha eara aige.



“'Nois,” ars' an buachaill ruadh, “lámhach
an cloigeann capaill bhí faoi n-a
chionn.



D'imthigh an fear a rabh an bogha eara aige.
Lámhach sé cloigeann an chapaill bhí faoi n-a
chionn.



Léim Fear na Leathchoise suas 'na sheasamh.
Nuair a chonnaic se a bhuideál dóirtthidh,
bhain se amach aríst 'un an tobair. Bhí
nighean an ríogh ag teacht i dtoiseach.



“Gá bhfuil,” ars' an buachaill caol ruadh,
“gá bhfuil [an] fear a rabh an botán i n-a
ghaosán?”



Thainic an fear a rabh an botán i n-a
ghaosán. Tharraing se an botán as a ghaosán.
Shéid se nighean an ríogh ar ais. Nuair a
thiocfadh sí iomaire ar aghaidh, chuirfeadh se
naoi n-iomaire ar ais í go dtí go bhfaca


L. 598


siad an fear eile ag teacht. Choinnigh se
ar ais í go dtainic an fear eile i dtoiseach.



“Anois,” ars' an buachaill caol ruadh,
“tá an fear eile i dtoiseach. Tá do nighean
bainte aige Toirdhealbhach, a rí.”



“Tá le donas is le doghrainn daoi,” ars'
an rí.



Fuaras reidh an bhanais. Fuair nighean an
ríogh réidh caithir (= cathaoir) do'n mbait-
leár, a rabh spíceacha móra inntí.



“'Nois,” ars' an buachaill caol ruadh le
Tóin Iarainn, “rachaidh tusa isteach is
suidhfidh tú ar a' chaithir a' chead uair.”



Rith Tóin Iarainn isteach. Shuidh se ar an
chaithir. Thainic nighean an ríogh.



“Goidé bheir 'do 'shuidhe ar a chaithir thú?
Nach sin caithir do mhaighistir?” adeir sí.



D'éirigh Tóin Iarainn. Thuit se síos aríst
ar an chaithir gur bhrúigh se na spíceacha uilig.
D'éirigh se annsin agus thainic an maighistir
isteach. Shuidh se ar an chaithir is thainic
nighean an ríogh isteach. D'iarr sí air éirghe
go mbeidheadh torn damhsadh acú. D'éirigh
se 'na sheasamh. Nuair a d'éirigh se thuit an
cailin 'un laige. Nuair a fuair sí biseach,
pósadh iad. Bhí banais lae is bliadhna orthú,
's an lá deirionnach gómh maith leis an
chead lá.



Thainic an buachaill caol ruadh chuige
Toirdhealbhach agus dubhairt se leis go rabh se
an t-am dó imtheacht. Bhí Toirdhealbhach ag
tabhairt airgid dó ar son a thrioblóide.
Dubhairt an buachaill caol ruadh nac nglac-
fadh se an dadaidh uadh, nach rabh dadaidh a
dhíth air ar son aimsire, gur'b eisean an
fear ar dhíol Toirdhealbhach an t-airgead ar
a shon go dtí gur hiolcadh an corp.



Sin mo sgéal-sa, 's is fada an sgéal é.



Tagra.



This story is usually known as Tóin Íarainn, from
the name of one of the helping-companions. The
name of the hero is pronounced as if spelt Tarlach
(tharLah). Ó oidhche, “all night.” Théam, give me,
hand me. Char bh'fhada gur ghabh buachaill caol ruadh é:
This was what was used a the time of taking down
the story, but during the first narration the phrase
heard was “Char bh'fhada gur bhuail buachaill caol ruadh
suas leis.” The sense is the same in each case,
“overtook.” Gá bhfuil = Goul; this and gá bhfeil
(Gau vel) alternate in the dialect. Fosdaigh, hire;
fosdach, hiring. Botán cochain, a small bundle of hay or
straw,” O'R. Gaosán, nostril. Bogha eara, lit. arrow-
bow, or bow for shooting arrows. Eara is of course
from Eng. arrow. Thiob = theib, theip; teib se orm, it
surpassed or beat me, and hence afterwards I missed
(a shot, &c.) Iarraidh here = aim appears to be locally
differentiated from íarraidh, seeking. Cocthaidh from
Eng. cocked. Cairgeach, a rock, ist he usual local word.
It occurs in at least one townland-name, Cairgeach Lios
na n-Áirne, Cargaghlisnanarney. Nar = ár, our, occurs
frequently in this tale. It represents O. Ir. náthar
(Lat. nostrum). The n is perhaps preserved only after
vowels, as it is so found here, and further on in the
story towards the end we find teanamuid ar sgíste
having the form without n-. Bídh was pronounced
bídhe (bee-ye) and ríogh (gen.) ree-ya (ríghe or ríogha?).
A dhíth = ee or eeh. Togha = thö, and rogha = rö. Ró-
ghrádh: strange to say in the repetitions of the “run”
in which this word occurs the forms were mo ghró-ghrádh
féin and a gró-grádh siud; perhaps ghró was caused
by -ghrádh, and the non-aspiration of the g in each case
in the latter is due to the preceding a. Fuasgail =
fosgail. Storabúit, a genitive formed on storabút
from Eng. stirabout, leite, brachán. Trí osnadh mhór,
the aspiration of the noun that might be expected after
trí is perhaps here found in the following adjective;
the numerals from trí to sé always aspirate a singular
noun in spoken Irish. Ag teanamh ar an mbaile:
teanamh = déanamh, but it is possible the word may
have been teannadh, though this is usually followed by
le in the sense of “approaching a place.” An oilbheart
(a Nulvarth) represents the sound, but the original
may have been an fheallbheart. Oilbheart = scandalous
or infamous deed? Buachaill was usually bóchaill
throughout. Tomás O Corragáin d'innis insa' Chais-
leán i n-aice Cairrge Machaire Rois.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services