Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Teacht agus Imtheacht an Ghiolla Dheacair agus Tóruigheacht Chonáin agus A Chuideachtan.
Title
Teacht agus Imtheacht an Ghiolla Dheacair agus Tóruigheacht Chonáin agus A Chuideachtan.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
TEACHT AGUS IMTHEACHT AN GHIOLLA DHEACAIR AGUS TÓRUIGHEACHT CHONÁIN AGUS A CHUIDEACHTAN. O deasuigheadh long agus lón do'n mhuintir a bhí ag dul do thóruigheacht inghine ríogh an domhain le rígh na Sorcha agus do cuireadh biadh i n-ionad a chaithmhe, arm i n-ionad a dhiubhraicthe agus rámha snasta slinn- leathna i n-ionad iomartha 'san luing sin. Téid ar muir iar sin, eodhón, Osgar agus Goll agus Fearghus ó Finn an file, agus do cheileabhradar d'Fhionn agus do rígh na Sorcha agus do rígh Thíre- fó-thuinn, agus do rinneadar ionad comhdhála agus coinne le chéile i dTír Thairngire agus gibé aca budh thúsga fanamhain ris an gcuid eile ann. Do chuireadar iar sin amach an long luchtmhar leabhair-théadach lán-aidhbhseach i n-iomdhoimhin an aigéin, agus do rinneadar iomramh teann tóstalach gur chaobhach cubhar-bhán an cuan crois-leathan i n-a dtimcheall agus gurab é budh antlás agus budh cheól dóibh re hathaidh na huaire sin mongar na mara, asgal an aigéin, coigeadal an chuain agus meadhair na mear- thonn. Agus ar mbeith tréimhse agus tamaill fhada mar sin dóibh ag taisteal na fairrge fíor-mhóire fíor-dhoimhne, do chonncadar an fonn fíor-áluinn fearainn agus téid i dtír ann gan mhoill, agus do ghabhadar ag siubhal na críche gur thárla aodhaire tréad agus lucht ionghaire eallaigh leó. Fochtaid sgéal dhíobh, .i. cia hí an tír sin i n-a dtárla iad nó cia an dún ríoghdha ro-áluinn adchonncadar nó cia an rí stiúras flaitheas na crích-se. “Críoch na Gréige an chríoch-sa,” ar siad, “agus cathair na hAithne an chathair úd os bhar gcomhair, agus is é rí na críche-se rí is saidhbhre agus is sochraidighe san domhan, agus is iongnadh mór- ádhbhal linne sibh-se bheith ainbhfiosach in-san gcrích-se,” ar na haodhairí, “agus atá an rí i ndiu go maithibh a mhuintire ag seilg agus ag fiadhach i ndiamharaibh agus i muiníbh fásaigh fiathamhla na tíre, agus ag sin na sgéala d'fhiaf- ruigheadar dínn,” ar siad. Do ghabhadar na féinneadha buidheachas leó agus ceileabhraid dóibh iar sin agus d'fhéachadar eatorra féin créad do dhéanfadaois. Adubhairt Fearghus finnbhéil, “atá comhairle ghaoth-ghlic agam-sa díbh, eadhón, fighid bhar bhfolt amhail atá m'fholt-sa agus innsidh gur filidh agus ollamhain focail-ghéara ó iarthar an domhain sibh, agus gibé áit nó ionad istigh i n-a mbiaidh an inghean, rachad-sa d'á hionnsaighe, agus inneósad di gurab ar a cionn do thángas ó Fhionn, agus is fearr dúinn sin ná imreasán agus easaonta do dhéanamh, agus dá sírthí ealadhain oraibh-se
do-ghéan-sa ealadhain ar bhar son, agus is fearr sain ná dul i n-éigean guasachta agus gan carad ná compánach d'ár ngoire do-bhéarfadh congnamh nó cabhair dúinn re linn leath- trom 'ná anfhorlann do bheith orainn, agus fá dearbh deimhin liom-sa go gcuirfidhe tionól agus tiomargadh ar sluaghaibh na Gréige uile chugainn agus go bhfuighmís brón báis agus beag- shaoghal d'imirt orainn.” Adubhairt Goll, “An tan do ghabhas féin arm gaisgidh,” ar sé, “tugas móide re ceasnaidhe gan eagla do ghlacadh roimh biodhbha 'ná namhaid, agus is doiligh díoghbhálach liom a dhéanadh anois, .i. mo ghaisge a sheachnadh re heagla 'ná re huamhan báis,” ar sé, “agus is é do dhéanfam dul do'n dún i riocht féinneadh agus fearóglach agus a rádh gur lucht freastail catha agus comhlainne sinn agus gurab ag iarraidh tuillmhe agus tuaras- tail atámaoid, agus mar is túisge racham do'n dún, gabh-sa seilbh i n-inghin an ríogh, agus beir gus an luing í, agus fan tamall amach ó'n tír ar an gcuan, agus má's beó sinne ó theaghlach an ríogh tiocfam chugat agus muna dtiocfam ó'n gcath-iorghail sin tóg do sheólta agus beir an inghean leat go Fionn mar aon le sgéalaibh ár mbáis.” Do críochuigheadh an chomhairle sin aca agus tigid go dorus an dúna agus iarraidh osgailt. Fiafruigheann an dóirseoir cia do bhí ann. “Dís féinnidh sinne as críochaibh imchiana agus tángamar ag iarraidh tuillmhe agus tuarastail ar rígh an domhain do chionn catha agus comhlainne do chosg de.” “Is maith an t-ionad díbh teacht annso," ar an dóirseoir, “óir is dearbh liom go bhfuighthí tuilleamh agus tuarastal mór ó rígh an domhain, do bhrígh go bhfuil sé ag soláthar gaisgidheach as gach áird de'n chruinne chum dul ar eachtra go hoileán atá i n-iarthar na hEórpa ar a dtugadar Éire, óir is mian leis í chur fa ghoin gae agus claidhimh agus tóiteán dearg-lasrach a dhéanamh dhi.” Téid isteach iar sin, agus fá mór muirear agus mór-theaghlach ríogh an domhain óir budh iomdha curadh calma agus anradh iorghaile agus feadhmannach fearamhail agus ríoghan rosg-ghlas agus freasdal- aidhe frithir fuadrach agus ban-dálaighe bioth- luaimneach do bhí istigh ar a gcionn. Cidh trácht ar fhaicsin Fhearghusa fhinnbheoil do'n inghin do rug sé aithne air, agus d'aithin gur fá n-a tuairim féin do thángadar ó Fhionn, agus do bhí a croidhe le n-a béal ar eagla a dtuitime le teaghlach an ríogh. Acht cheana ar fhaicsin na hinghine d' Fhearghus finnbhéal imeasg na mbantracht, thug sidhe sanntach sár-luathmhar d'á hionnsaighe agus d'iadh an dá láimh ghasta ghléigeala fá chaol a geil-chneise agus do thóg ar árd a ghualainn í, agus do ghluais i n-a chéimeannaibh tiugha troigh-éasgaidhe tar dóirse na dúna agus na cathrach amach agus do lean Goll agus Osgar é. Ar n-a fhaicsin sin do theaghlach an ríogh, do leanadar iad i n-a mbuidhnibh troma taidhbhseacha agus i n-a gcathaibh ceann-troma cóirighthe, agus tugadar frasa diana diubhraichthe d'á sleaghaibh slinn-leathna agus d'á gcraoiseacha cró-fhairsinge i n-éin- fheacht orra. Imthúsa Ghoill agus Osgair, gabhaid na frasa sain i gceart-mheadhán a sgiath, agus téid fa'n teaghlach agus gabhaid d'á n-oirleach agus d'á n-athchumadh amhail faolchoin fá chaorchaibh, ionnus gurab amhlaidh bhádar mar mhin-iasgach mara i líon dlúith deagh-eagair idir na féinneadhaibh feardha fíor-ardhachta sain; agus an feadh do bhádar na hursana iorghaile sin ag tréan-thuargain an teaghlach, do chuaidh Fearghus finnbhéil do'n luing agus an inghean ar árd a ghualann aige, agus do chuaidh isteach do'n luing agus do tharraing a hancairidhe reamhra ro-throma ar churr deiridh na luinge agus téid féin agus an inghean ar an gcurr tosaigh agus do bhádar mar sin ag féachain ar an gciorradh agus ar an gcnáimh-ghearradh do
bhádar an dís féinnidh sin a thabhairt ar mhór- theaghlach ríogh an domhain. Cidh trácht, is í sin uair agus aimsir do bhí rí an domhain agus a mhór uaisle ag filleadh ó sheilg, agus iar dteacht i gcomhfhogus do'n dún dóibh, do chualadar an t-iombhualadh agus na gártha gáibhtheacha gráineamhala agus do chonncadar na srúth-linnte fola foirdheirge do bhí ag snighe ó iolghonaibh na bhfear agus na bhféinnidh, agus do-chíd chuca na buidhne beol-sgaoilte agus na dronga tana trom-ghonta agus cuideachta chnáimh-ghearrtha noch do chuaidh i raon madhma agus mór-theithmhe ó bhuillíbh borb-neartmhara gaisgeamhla Ghuill agus Osgair an feadh do bhí an chuid eile de'n teaghlach d'á leónadh, d'á leadradh agus d'á lán-mharbhadh aca. Fochtas an rí sgéala de'n chuid fá goire dhó agus nochtaid sin dó ó thúis go deireadh amhail tháinig an dís féinnidh ain- iuil anaithnidh agus file fáthach focal-ghéar i riocht tuillmhe agus tuarastail d'fhagháil uaidh sin, agus amhail rug an file an inghean leis uatha gus an gcuan do thoradh a reath agus do rinn a luais, agus mar d'fhan an dís fear-óglach ag cur áir agus easbadha na sluaighe ar an bhfaithche. “Do bheirim-se aithne orra,” ar rí an domhain, “gurab é Fionn mac Cumhaill agus a bheagán buidhne tháinig do thóruigheacht m' inghine-se, agus luighim-se fá na déithibh adhartha nach díth liom a ndeárnadar do bhroid agus do dhíoghbháil dom roimh-seo, agus a bhfagháil anois fám' chosaibh ionnus go ndéanfaidh mé míreannna beaga buan-raobtha agus biadh badhbh agus brain-eoin agus goin ghaláin d'á gcorpaibh, agus as a haithle sin nach maoidhfeadh é no go rachad go hÉirinn agus go gcuirfead dearg-ár a fear agus a ban agus a baoth-leanbh, agus go gcuirfidh mé an chríoch fá smól donn- ruadh dearg-lasrach ionnus nach áitreabhadh éinneach d'fhine Gaedhil ghlais innti go bruinne an bhrátha. (Ní Críoch).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services