Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Teacht agus Imtheacht an Ghiolla Dheacair agus Tóruigheacht Chonáin agus A Chuideachtan.

Title
Teacht agus Imtheacht an Ghiolla Dheacair agus Tóruigheacht Chonáin agus A Chuideachtan.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 589


TEACHT AGUS IMTHEACHT AN GHIOLLA
DHEACAIR AGUS TÓRUIGHEACHT CHONÁIN AGUS
A CHUIDEACHTAN.



O deasuigheadh long agus lón do'n
mhuintir a bhí ag dul do
thóruigheacht inghine ríogh an
domhain le rígh na Sorcha agus do
cuireadh biadh i n-ionad a chaithmhe, arm i
n-ionad a dhiubhraicthe agus rámha snasta slinn-
leathna i n-ionad iomartha 'san luing sin.
Téid ar muir iar sin, eodhón, Osgar agus Goll
agus Fearghus ó Finn an file, agus do cheileabhradar
d'Fhionn agus do rígh na Sorcha agus do rígh Thíre-
fó-thuinn, agus do rinneadar ionad comhdhála agus
coinne le chéile i dTír Thairngire agus gibé aca
budh thúsga fanamhain ris an gcuid eile ann.
Do chuireadar iar sin amach an long luchtmhar
leabhair-théadach lán-aidhbhseach i n-iomdhoimhin
an aigéin, agus do rinneadar iomramh teann
tóstalach gur chaobhach cubhar-bhán an cuan
crois-leathan i n-a dtimcheall agus gurab é budh
antlás agus budh cheól dóibh re hathaidh na huaire
sin mongar na mara, asgal an aigéin,
coigeadal an chuain agus meadhair na mear-
thonn. Agus ar mbeith tréimhse agus tamaill
fhada mar sin dóibh ag taisteal na fairrge
fíor-mhóire fíor-dhoimhne, do chonncadar an
fonn fíor-áluinn fearainn agus téid i dtír ann
gan mhoill, agus do ghabhadar ag siubhal na críche
gur thárla aodhaire tréad agus lucht ionghaire
eallaigh leó. Fochtaid sgéal dhíobh, .i. cia
hí an tír sin i n-a dtárla iad nó cia an dún
ríoghdha ro-áluinn adchonncadar nó cia an
rí stiúras flaitheas na crích-se. “Críoch
na Gréige an chríoch-sa,” ar siad, “agus cathair
na hAithne an chathair úd os bhar gcomhair, agus
is é rí na críche-se rí is saidhbhre agus is
sochraidighe san domhan, agus is iongnadh mór-
ádhbhal linne sibh-se bheith ainbhfiosach in-san
gcrích-se,” ar na haodhairí, “agus atá an rí i
ndiu go maithibh a mhuintire ag seilg agus
ag fiadhach i ndiamharaibh agus i muiníbh fásaigh
fiathamhla na tíre, agus ag sin na sgéala d'fhiaf-
ruigheadar dínn,” ar siad. Do ghabhadar na
féinneadha buidheachas leó agus ceileabhraid
dóibh iar sin agus d'fhéachadar eatorra féin
créad do dhéanfadaois. Adubhairt Fearghus
finnbhéil, “atá comhairle ghaoth-ghlic agam-sa
díbh, eadhón, fighid bhar bhfolt amhail atá
m'fholt-sa agus innsidh gur filidh agus ollamhain
focail-ghéara ó iarthar an domhain sibh, agus gibé
áit nó ionad istigh i n-a mbiaidh an inghean,
rachad-sa d'á hionnsaighe, agus inneósad di
gurab ar a cionn do thángas ó Fhionn, agus is
fearr dúinn sin ná imreasán agus easaonta
do dhéanamh, agus dá sírthí ealadhain oraibh-se


L. 590


do-ghéan-sa ealadhain ar bhar son, agus is fearr
sain ná dul i n-éigean guasachta agus gan
carad ná compánach d'ár ngoire do-bhéarfadh
congnamh nó cabhair dúinn re linn leath-
trom 'ná anfhorlann do bheith orainn, agus fá
dearbh deimhin liom-sa go gcuirfidhe tionól
agus tiomargadh ar sluaghaibh na Gréige uile
chugainn agus go bhfuighmís brón báis agus beag-
shaoghal d'imirt orainn.” Adubhairt Goll,
“An tan do ghabhas féin arm gaisgidh,” ar
sé, “tugas móide re ceasnaidhe gan eagla
do ghlacadh roimh biodhbha 'ná namhaid, agus is
doiligh díoghbhálach liom a dhéanadh anois, .i.
mo ghaisge a sheachnadh re heagla 'ná re
huamhan báis,” ar sé, “agus is é do dhéanfam
dul do'n dún i riocht féinneadh agus fearóglach
agus a rádh gur lucht freastail catha agus comhlainne
sinn agus gurab ag iarraidh tuillmhe agus tuaras-
tail atámaoid, agus mar is túisge racham do'n
dún, gabh-sa seilbh i n-inghin an ríogh, agus
beir gus an luing í, agus fan tamall amach
ó'n tír ar an gcuan, agus má's beó sinne ó
theaghlach an ríogh tiocfam chugat agus muna
dtiocfam ó'n gcath-iorghail sin tóg do
sheólta agus beir an inghean leat go Fionn mar
aon le sgéalaibh ár mbáis.”



Do críochuigheadh an chomhairle sin aca agus
tigid go dorus an dúna agus iarraidh osgailt.
Fiafruigheann an dóirseoir cia do bhí ann.
“Dís féinnidh sinne as críochaibh imchiana agus
tángamar ag iarraidh tuillmhe agus tuarastail
ar rígh an domhain do chionn catha agus comhlainne
do chosg de.” “Is maith an t-ionad díbh
teacht annso," ar an dóirseoir, “óir is
dearbh liom go bhfuighthí tuilleamh agus tuarastal
mór ó rígh an domhain, do bhrígh go bhfuil sé
ag soláthar gaisgidheach as gach áird de'n
chruinne chum dul ar eachtra go hoileán atá
i n-iarthar na hEórpa ar a dtugadar Éire,
óir is mian leis í chur fa ghoin gae agus claidhimh
agus tóiteán dearg-lasrach a dhéanamh dhi.”



Téid isteach iar sin, agus fá mór muirear agus
mór-theaghlach ríogh an domhain óir budh iomdha
curadh calma agus anradh iorghaile agus feadhmannach
fearamhail agus ríoghan rosg-ghlas agus freasdal-
aidhe frithir fuadrach agus ban-dálaighe bioth-
luaimneach do bhí istigh ar a gcionn. Cidh
trácht ar fhaicsin Fhearghusa fhinnbheoil do'n
inghin do rug sé aithne air, agus d'aithin gur fá
n-a tuairim féin do thángadar ó Fhionn, agus
do bhí a croidhe le n-a béal ar eagla a
dtuitime le teaghlach an ríogh. Acht cheana ar
fhaicsin na hinghine d' Fhearghus finnbhéal
imeasg na mbantracht, thug sidhe sanntach
sár-luathmhar d'á hionnsaighe agus d'iadh an dá
láimh ghasta ghléigeala fá chaol a geil-chneise
agus do thóg ar árd a ghualainn í, agus do ghluais i
n-a chéimeannaibh tiugha troigh-éasgaidhe tar
dóirse na dúna agus na cathrach amach agus do lean
Goll agus Osgar é. Ar n-a fhaicsin sin do
theaghlach an ríogh, do leanadar iad i n-a
mbuidhnibh troma taidhbhseacha agus i n-a gcathaibh
ceann-troma cóirighthe, agus tugadar frasa
diana diubhraichthe d'á sleaghaibh slinn-leathna
agus d'á gcraoiseacha cró-fhairsinge i n-éin-
fheacht orra.



Imthúsa Ghoill agus Osgair, gabhaid na frasa
sain i gceart-mheadhán a sgiath, agus téid
fa'n teaghlach agus gabhaid d'á n-oirleach agus d'á
n-athchumadh amhail faolchoin fá chaorchaibh,
ionnus gurab amhlaidh bhádar mar mhin-iasgach
mara i líon dlúith deagh-eagair idir na
féinneadhaibh feardha fíor-ardhachta sain; agus
an feadh do bhádar na hursana iorghaile sin
ag tréan-thuargain an teaghlach, do chuaidh
Fearghus finnbhéil do'n luing agus an inghean
ar árd a ghualann aige, agus do chuaidh isteach
do'n luing agus do tharraing a hancairidhe
reamhra ro-throma ar churr deiridh na luinge
agus téid féin agus an inghean ar an gcurr tosaigh
agus do bhádar mar sin ag féachain ar an
gciorradh agus ar an gcnáimh-ghearradh do


L. 591


bhádar an dís féinnidh sin a thabhairt ar mhór-
theaghlach ríogh an domhain. Cidh trácht, is í
sin uair agus aimsir do bhí rí an domhain agus a
mhór uaisle ag filleadh ó sheilg, agus iar dteacht
i gcomhfhogus do'n dún dóibh, do chualadar
an t-iombhualadh agus na gártha gáibhtheacha
gráineamhala agus do chonncadar na srúth-linnte
fola foirdheirge do bhí ag snighe ó iolghonaibh
na bhfear agus na bhféinnidh, agus do-chíd chuca na
buidhne beol-sgaoilte agus na dronga tana
trom-ghonta agus cuideachta chnáimh-ghearrtha
noch do chuaidh i raon madhma agus mór-theithmhe
ó bhuillíbh borb-neartmhara gaisgeamhla Ghuill
agus Osgair an feadh do bhí an chuid eile de'n
teaghlach d'á leónadh, d'á leadradh agus d'á
lán-mharbhadh aca. Fochtas an rí sgéala de'n
chuid fá goire dhó agus nochtaid sin dó ó thúis
go deireadh amhail tháinig an dís féinnidh ain-
iuil anaithnidh agus file fáthach focal-ghéar i
riocht tuillmhe agus tuarastail d'fhagháil uaidh
sin, agus amhail rug an file an inghean leis
uatha gus an gcuan do thoradh a reath agus do
rinn a luais, agus mar d'fhan an dís fear-óglach
ag cur áir agus easbadha na sluaighe ar an
bhfaithche. “Do bheirim-se aithne orra,” ar
rí an domhain, “gurab é Fionn mac Cumhaill
agus a bheagán buidhne tháinig do thóruigheacht
m' inghine-se, agus luighim-se fá na déithibh
adhartha nach díth liom a ndeárnadar do
bhroid agus do dhíoghbháil dom roimh-seo, agus a
bhfagháil anois fám' chosaibh ionnus go
ndéanfaidh mé míreannna beaga buan-raobtha
agus biadh badhbh agus brain-eoin agus goin ghaláin d'á
gcorpaibh, agus as a haithle sin nach maoidhfeadh
é no go rachad go hÉirinn agus go gcuirfead
dearg-ár a fear agus a ban agus a baoth-leanbh, agus
go gcuirfidh mé an chríoch fá smól donn-
ruadh dearg-lasrach ionnus nach áitreabhadh
éinneach d'fhine Gaedhil ghlais innti go
bruinne an bhrátha.



(Ní Críoch).



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services