Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An t-Éan Boch tScaithtí.
Title
An t-Éan Boch tScaithtí.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN T-ÉAN BOCHT SCAITHTÍ. Is éan bocht scaithtí mé lé fada, Ó chaill mé mo chúl báire; Ní'l teach mo charad rómham 'sna bealaigh, 'S nach truagh lé neach mé cráidhtí? Má's é éag mo charad a ruaig mise an bealach, Agus d'fhág mé ann seo lé ráithe,
A Rí atá i dTeamhair, go luaidhidh tú an tSamhain, 'S go seolaidh tú thar a' bhéal trágh' mé. Mar éan ar a' chraoibh i ndiaidh an seabhac a chlaoidh, Atá mo chroidhe gan amhras, Ná mar each lé gaoith a shiubhailfeadh an saoghal, Is bhéarfadh an chraobh as geall leis; A' pilleadh aríst ar ais 'sa tslighe, 'S a ceartughadh bríghe mo chainte, Nach truagh libh éan bocht scaithtí mar mé, Ar a' choigcrích a' déanadh ranntaí? Ar a' Ghall-bhaile thuas is buan mo chuairt, Go saoitheamhail suairc i n-a dteanntaí, 'S a Dhé, ghach a'n uair ní bhfuighinn cead suain, Ach' a' deánadh buadhartha in m'intinn; Mo chroidhe na ndual, go bhfuil 'na ghual, Ar chaoi gur cruaidh liom innse, 'S go dtí an Lá Luain, dá mbéidhinn-se thuas, Ar ais anuas ní phillfinn. Fuair mé an t-abhrán seo ó Thomás Ó Connacháin as na Gleannta, agus dubhairt sé liom gur buachaill a bhí amuigh ar aimsir aon uair amháin, a thíos i gCúig' Uladh, a rinne é. D. Ó M.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services