AN T-ÉAN BOCHT SCAITHTÍ.
Is éan bocht scaithtí mé lé fada,
Ó chaill mé mo chúl báire;
Ní'l teach mo charad rómham 'sna bealaigh,
'S nach truagh lé neach mé cráidhtí?
Má's é éag mo charad a ruaig mise an
bealach,
Agus d'fhág mé ann seo lé ráithe,
A Rí atá i dTeamhair, go luaidhidh tú an
tSamhain,
'S go seolaidh tú thar a' bhéal trágh' mé.
Mar éan ar a' chraoibh i ndiaidh an seabhac a
chlaoidh,
Atá mo chroidhe gan amhras,
Ná mar each lé gaoith a shiubhailfeadh an
saoghal,
Is bhéarfadh an chraobh as geall leis;
A' pilleadh aríst ar ais 'sa tslighe,
'S a ceartughadh bríghe mo chainte,
Nach truagh libh éan bocht scaithtí mar mé,
Ar a' choigcrích a' déanadh ranntaí?
Ar a' Ghall-bhaile thuas is buan mo chuairt,
Go saoitheamhail suairc i n-a dteanntaí,
'S a Dhé, ghach a'n uair ní bhfuighinn cead
suain,
Ach' a' deánadh buadhartha in m'intinn;
Mo chroidhe na ndual, go bhfuil 'na ghual,
Ar chaoi gur cruaidh liom innse,
'S go dtí an Lá Luain, dá mbéidhinn-se
thuas,
Ar ais anuas ní phillfinn.
Fuair mé an t-abhrán seo ó Thomás Ó
Connacháin as na Gleannta, agus dubhairt
sé liom gur buachaill a bhí amuigh ar aimsir
aon uair amháin, a thíos i gCúig' Uladh, a
rinne é.
D. Ó M.