Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Teacht agus Imtheacht an Ghiolla Dheacair agus Tóruigheacht Chonáin agus A Chuideachtan.
Title
Teacht agus Imtheacht an Ghiolla Dheacair agus Tóruigheacht Chonáin agus A Chuideachtan.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
TEACHT AGUS IMTHEACHT AN GHIOLLA DHEACAIR AGUS TÓRUIGHEACHT CHONÁIN AGUS A CHUIDEACHTAN. Dála Taise taoibh-ghile, inghine ríogh an domhain annso, gér mhór a searc agus a grádh d'Fhionn roimhe sin, budh mhó go mór é, iar n-a fhaicsin di agus ar fhaicsin a ghníomhartha goile agus glan-ghaisgidh, agus do chuir sí a bean coimhdeachta chuige le sgéala go dtiocfadh sí féin d'á ionnsaighe mar mhnaoi agus mar bhain-chéile dá mbadh áil leis é. Do tháinig an bhean choimhdeachta do láthair Fhinn, agus do ghabh ag adhmholadh inghine ríogh an domhain go hádhbhal-mhór iongantach. “Maiseadh,” ar Fionn, “tabhair do theist go fírinneach uirthi.” Is ann sin adubhairt an bhean choimhdeachta, “Inneósad féin dealabh agus déanamh, sgéimh agus maise na hinghnine dhuit mar is fearr fhéadfad, gidheadh tá sé ós cionn tuigsiona dhuine ar domhan a teist do thabhairt ná a hion-chruth d'innsint, óir tá sí mín méineamhail maordha mall-triallach géag-leabhair gruadh-aoireach grásamhail; agus craobh-fholt claonach coimh-fhleasgach cuach- bhuidhe ómbardha uirri, agus caol-mhalaidhe ciartha ciar-dhonna, a gorm-dhearca glan glinn- eamhla, agus a srón breaghdha caol-phollach, agus a bog-bhéal bórd-dhearg binn-bhriathrach buadh- fhocalach agus a dlúith-dhéad dath-gheal deagh- chumtha, agus a muinéal maiseach mín-ghéiseach, agus a liath-ucht míngheal slim-ghlan lilidheach agus a cruaidh-chíocha cruinn cumtha cailce, agus a géaga leabhair lán-álainn geal-bhunradhach, agus a slait-mhéaracha beag bog bán beag- altach, agus a séimh-chorp sleamhain seang sneachta na sneachtaige agus a troighthe tana taobhmhuighthe atá aici. Iar gclos an teastais sin d'Fhionn, ní raibh alt 'ná orda i n-a chorp nár líon do sheirc agus do shíor-ghrádh na hinghine agus adubhairt go mb'fhearr leis 'ná maitheas na cruinne go mbeadh sí mar mhnaoi aige. Imthúsa na mná coimhdeachta, téid tar a hais iar sain mar a raibh an inghean agus d'innis di nach raibh 'san domhan bean budh hannsa le Fionn 'ná í. Téid an inghean mar a raibh a hathair, óir ní fhuilngeadh a beith aon oidhche i n-a héagmais, do bhrígh nach raibh neach fir ná mná 'san domhan budh hannsa leis 'ná í, agus níor shámh leis ól na aoibhneach 'ná úrghárdughadh mean- man gan a bheith i bhfochair a inghine. Dála Taise taoibh-ghile, níor mhiadh agus níor mhaiseach léi suan na sámh-chodladh, proinn na tomhal- tus, ceól 'ná oirfid 'ná ealadha 'ná nídh dá fheabhas gan a bheith i bhfochair Fhinn, agus do sgrúd i n-a hinntinn agus i n-a haigneadh cionnus do rachadh d'á ionsaighe gan fhios d'á hathair, agus is é gaois agus gliocas do rinne sí, an uair do chuaidh an rí chun suain, í féin agus a bhean choimhdeachta do dhul go folaigh- theach d'ionnsaighe an longphuirt i n-a raibh Fionn. Agus iar rochtain na hinghine go Fionn, do thoirbhir póga do dil agus go díochra dhi agus tugadar snadhmanna agus cuir cheangail d'á chéile, agus tug Fionn leithead a haighthe do fhleasg óir órloisgthe thíre na hAráibe mar choibhche dhi, agus do chaitheadar leath ar leath an oidhche sin 'san dá longphort, agus ag éirghe gréine gnúis-tsoillsighe ar n-a bhárach, ro éirigh rí an domhain agus fuair easbhaidh na hinghine air, agus d'aithin gur d'ionnsaighe Fhinn do chuaidh, agus gér bh'olc leis oidheadh agus úirbhear- nadh d'fhagháil d'á mhac agus díothláithriughadh agus dícheannadh a mhuintire, is mó 'ná sin do chuaidh air a inghean do dhul ar éalódh chum Fhinn uí Bhaoisgne, agus d'fhiafraigh de mhaithibh a mhuintire créad dheanfadaois nó cionnus do dhíoghalfadaois a mhac féin agus ar thuit de mhacaibh ríogh i na fhocair le Fionn agus le
Fiannaibh Éireann agus do bhéarfadaois amach a inghean. Adubhradar-san do ghuth aoin-fhir gur thuiteadar roighne agus togha a gcuradh agus a gcaith-mhíleadh i bhfaithche goile, a laoich chródha agus a lucht cathuighthe dob' fhearr d'á raibh aca le Fionn agus le Fiannaibh Éireann cheana, agus gur measa bhádar an tan sin ion-chomhraig 'ná roimhe sin, agus nár mhaith an séan catha dhóibh teacht do'n chrích sin agus gur iompuigh fios agus fáistine na bhfáidh agus bhfileadh i n-a n-aghaidh agus go mbudh í a gcomhairle féin do'n rígh imtheacht as an gcrích sin an feadh do bheadh Fionn agus Fiann Éireann innti, óir dá mbeidís fir an domhain ar aon láthair acht comhthrom comhlainne d'fhagháil go mbéar- fadaois buaidh orra. Adubhair an rí, dá mbeadh an inghean aige, go ndiongnadh an chomhairle sin, agus gibé ag á mbeith de ghliocas 'ná d'ealadhain a tabhairt chuige, go dtiubh- radh féin breath a bhéil d'ór agus d'airgead agus d'iomhaoin dó, agus saoirse d'á chloinn go bruinne an bhrátha agus go foircheann na beathadh, agus teannta agus cur air féin sin do chomhall dó. D'éirigh taoiseach do mhuintir an ríogh, agus adubhairt, dá bhfaghadh féin na comhtha sin, go dtiubhradh an inghean leis. Cuireann an rí grian agus éasga, muir agus tír agus reanna nimhe agus talmhan i gcoraibh agus i slánaibh air féin i gcomhall dó. An tan tángadar dubh-néill dorcha na hoidhche, teid an taoiseach sin d'ionnsaighe na puible i raibh Fionn, d'éis dul ar a iomdha agus ar a áird-leabaidh dhó, agus croitheann craobh dhath-áluinn dhraoidheachta do bhí aige, agus do bhí do bhuadhaibh aici an tan do croithtí í, mná re naoidheannaibh, aos aindeise agus othrais agus easláinte, agus laoich ghonta, go gcuirfeadh i n-a dtoirchim suain agus síor- chodlata iad, agus tuiteann Fionn agus Taise taoibh-bheal i n-a dtoirchim suan agus sámh- chodlata agus an Fhiann uile, an méid do bhí ar an láthair sin díobh, le foghar fíor-bhinn sidhe na craoibhe sin. Tógann an t-óglach an ríoghain ar a ghualainn agus do ghluais i n-a ghaistidhibh gáibhtheacha géar-luatha glan-reatha agus i n-a chéimeannaibh tailc-iorrtha troigh- éasgaidhe d'ionnsaighe puible ríogh an domhain agus bud lúthgháireach do bhí an rí ar n-a rochtain chuige, óir níor mhó a gháirdeachas ó Fhionn go n-a thrí bhfear déag do thabhairt ceangailte chuige ná fa'n inghean d'fhagháil, agus iar sin thug sé fógra d'á mhairnéalaibh a seólta thógbháil agus imtheacht ó'n dtír sin an feadh do bheadh Fiann Éireann innti. Tóg- bhaid a n-ancairí ar fhoráileamh an rígh, agus fágbhaid an cuan agus an caladh-phort iar ndíothláithriughadh a mhuintire gan géill gan cáin d'fhagháil ó rígh na Sorcha, agus ní haithris- tear sgéaluidheacht orra nó go rángadar an Ghréig ghlan-tsoluis ghorm-shrothach. Dála ríogh na Sorcha, do ghabh ag tabhairt adhmholta agus buidheachas d'Fhionn, óir is air do bhí buidh- eachas a thíre agus a thalmhan do bheith aige, agus adubhairt an laoidh-se síos, ut dixit, Cumhdaigh Fionn, a mhic Mhuire, fuair doilgh- gheas 'san deabhaidh; Iar mbreith buaidhe ar do bhiodhbhadh, iongnadh dhuit bheith id' bheathaidh. Sluagh an domhain i n-aoin-fheacht, is iad d'aoin-leath id' aghaidh, Acht dís agus trí ceathrair ní raibh do Fhiannaibh agat. Aon-mhac ard-ríogh an domhain, fuair foghail id' tharmadhaibh; Led' mhuintir as a haithle, do thuitsead maithe a chabhlaigh. Leat agus led' bheagán buidhne, a mhic Mhuirne na saor-shlógh, Díobh nach beag an phudhair, roighne curadh do chlaochlódh. An sluagh sin d'imtheacht uainne, lán do thruime agus do thuirse; A mhic Chumhaill, ní cheilim, is libh bheirim a bhuidhe.
Sluagh ríogh an domhain ó's uath, d'éis buaidhe do bhreith orra, Do cuireadh leó dibhlíonaibh, 's a gcúl re críochaibh Sorcha. Fionn — D'éis a mhuintire do mharbhadh, tríd chíd adhbhar ár n-onóir, A áird-rí na Sorcha, fil mór-dhamhna dobróin, Cúig fhear déag uaim dem' mhuintir, dream do thuintibh mo theaghlaigh, D'á n-éis is dubhach sinne, fir budh chlisde ar gach bearnaidh. Rí na Sorcha: Ná bí dubhach san gcás-sain, A Fhinn, athaidh gan uamhan, Gach áit i ngabhann tusa, Bíodh do thuras go buadhach. Do thugadar as an oidhche sin, agus ar n-éirghe i moch na maidne ar n-a bhárach fuair Fionn easbhaidh na hinghine air, agus do chonnacadar an cuan folamh ar a gceann. Iar n-imtheacht ríogh an domhain go n-a mhór-shluagh, agus gér bh'olc le Fionn easbhaidh Chonáin agus a chuid- eachtan air, agus a bhfuair sé d'olc agus d'anfhorlann do shiubhal agus do sheachrán ar muir agus ar tír, is mó chuaidh air inghean ríogh an domhain do bhreith uaidh 'ná sain uile, agus adubhairt ris an bhFéinn go sgarfadh a anam ris muna bhfaghadh arís í, agus go mbudh dheimhin leis bás d'fhagháil d'á cumha sul do-chífeadh amharc na hÉireann arís. Níor chian dóibh ar na hiomráidhthibh sin an tan do chonncadar na bratacha beann- uainne breac-dhathacha corr-ghlasa cumhdaighthe, agus na sgátha sgannracha sgáth-bholgacha, agus na buidhne ceann-troma cóirighthe agus na doir- eadha diamhaire dearg-ruadha donn-tsleagha le n-a nguailnibh ag na gasradhaibh. “Féach uainn,” ar Fionn, “d'á fhios cia hiad na mór-shluaighte úd chugainn.” Téid Fearghus Finnbhéil annsain d'ionnsaighe na sluaighe agus d'aithin sé Diarmuid ó Duibhne i n-a n-ur- thosach, agus fearas fíor-chaoin fáilte roimhe agus tángadar d'ionnsaighe Fhinn iar sin, agus fá lúthgháireach lán-mheanmnach Fionn agus Fiann Éireann uile roimh Dhiarmuid agus d'fhiafruigh Fionn sgéala dhé nó an bhfuair sé aon fhocal de sgéalaibh an Ghiolla Dheacair 'ná Chonáin, nó cá háit i n-a raibh sé an feadh do bhí sé i n-a éagmhais féin nó cia hiad na sluagha sain do bhí i n-a fhochair. Innseann Diarmuid dó gach nídh d'ár imthigh air ó thús go deireadh, agus gurab i dTír-fó-thuinn do bhí sé ag cathughadh re rígh Thíre-fó-thuinn agus re n-a mhac agus gurab é Ridire an ghaisgidh, dearbhráthair ríogh Thíre-fó-thuinn do bhí i n-a fhochair ag congnamh leis, agus nach tárla dó riamh cara dob' fhearr 'ná é, agus gur fhoillsigh dhó, do bhrígh na healadhan draoidheachta do bhí aige, gurab é Adhbharthach mac Ioldathaigh do bhí i riocht an Ghiolla Dheacair agus gurab é rug a mhuintir uaidh go Tír trácht-mhín Tairngire. Fá luathgháireach Fionn agus an Fhiann, iar bhfagháil an oiread sin do sgéalaibh a muintire dóibh, agus fós d'innis Diarmuid dóibh gurab é Ridire an Ghaisgidh fá rí ar Thír-fó-thuinn an tan sin, iar marbhadh a dhearbhráthar fá rí uirri roimhe sin, iar rochtain dó féin innti, agus d'fhiafruigh dhíobh sain créad d'éirigh dhóibh féin ó sgar sé riú. D'innis Fearghus Finnbhéil sgéala dhó amhail táinig rí an domhain agus gach ar thuit leó féin d'á mhuintir agus mar d'éaluigh sé uatha, agus adubhairt iar sin gur mhithid dóibh dul do thóruigheacht a muintire ó fuaradar sgéala fírinneacha cá rabhadar. Adubhairt Fionn gur mheasa leis Taise taoibh-gheal gan tór- uigheacht 'ná iad sain, agus go bhfuigheadh sé féin bás d'á sgéalaibh agus d'á srónmhuine acht muna bhfaghadh sé í. Adubhradar maithe agus mór- uaisle na Féinne nach léigfidís féin dó bás d'fhagháil acht go rachadh cuid díobh do thabhairt na hinghine chuige ar ais nó ar éigin, agus go
rachadh cuid eile aca ag lorgaireacht a muintire. Is ann sin do chinneadar Goll glan-bhéimeannach mac Mórna agus Osgar gníomh-éachtach mac Oisín agus Fearghus finnbhéil an file do dhul do thóruigheacht ríogh an domhain agus na hinghine. Is ann sin adubhairt Diarmuid ó Duibhne re sluagh rígh Thíre-fó- thuinn umhla agus onóir do thabhairt d'Fhionn, agus do rinnsead an sluagh amhail adubhairt Diarmuid leó, agus do rinne rí na Sorcha an nídh céadna, agus adubhradar go rachadaois le Fionn ar gach toisg agus ar gach turas d'á rachadh sé go hiompódh go hÉirinn tar a n-ais. (Ní Críoch).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services