Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Teacht agus Imtheacht an Ghiolla Dheacair agus Tóruigheacht Chonáin agus A Chuideachtan.

Title
Teacht agus Imtheacht an Ghiolla Dheacair agus Tóruigheacht Chonáin agus A Chuideachtan.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 574


TEACHT AGUS IMTHEACHT AN GHIOLLA
DHEACAIR AGUS TÓRUIGHEACHT CHONÁIN AGUS
A CHUIDEACHTAN.



Dála Taise taoibh-ghile, inghine
ríogh an domhain annso, gér
mhór a searc agus a grádh
d'Fhionn roimhe sin, budh mhó
go mór é, iar n-a fhaicsin di agus ar fhaicsin
a ghníomhartha goile agus glan-ghaisgidh, agus do
chuir sí a bean coimhdeachta chuige le sgéala
go dtiocfadh sí féin d'á ionnsaighe mar
mhnaoi agus mar bhain-chéile dá mbadh áil leis é.
Do tháinig an bhean choimhdeachta do láthair
Fhinn, agus do ghabh ag adhmholadh inghine ríogh
an domhain go hádhbhal-mhór iongantach.
“Maiseadh,” ar Fionn, “tabhair do theist go
fírinneach uirthi.” Is ann sin adubhairt an
bhean choimhdeachta, “Inneósad féin dealabh agus
déanamh, sgéimh agus maise na hinghnine dhuit mar
is fearr fhéadfad, gidheadh tá sé ós cionn
tuigsiona dhuine ar domhan a teist do
thabhairt ná a hion-chruth d'innsint, óir tá sí
mín méineamhail maordha mall-triallach
géag-leabhair gruadh-aoireach grásamhail; agus
craobh-fholt claonach coimh-fhleasgach cuach-
bhuidhe ómbardha uirri, agus caol-mhalaidhe ciartha
ciar-dhonna, a gorm-dhearca glan glinn-
eamhla, agus a srón breaghdha caol-phollach, agus a
bog-bhéal bórd-dhearg binn-bhriathrach buadh-
fhocalach agus a dlúith-dhéad dath-gheal deagh-
chumtha, agus a muinéal maiseach mín-ghéiseach,
agus a liath-ucht míngheal slim-ghlan lilidheach agus
a cruaidh-chíocha cruinn cumtha cailce, agus a
géaga leabhair lán-álainn geal-bhunradhach,
agus a slait-mhéaracha beag bog bán beag-
altach, agus a séimh-chorp sleamhain seang
sneachta na sneachtaige agus a troighthe tana
taobhmhuighthe atá aici.



Iar gclos an teastais sin d'Fhionn, ní raibh
alt 'ná orda i n-a chorp nár líon do sheirc agus
do shíor-ghrádh na hinghine agus adubhairt go
mb'fhearr leis 'ná maitheas na cruinne go
mbeadh sí mar mhnaoi aige. Imthúsa na
mná coimhdeachta, téid tar a hais iar sain
mar a raibh an inghean agus d'innis di nach raibh
'san domhan bean budh hannsa le Fionn 'ná í.
Téid an inghean mar a raibh a hathair, óir ní
fhuilngeadh a beith aon oidhche i n-a héagmais,
do bhrígh nach raibh neach fir ná mná 'san
domhan budh hannsa leis 'ná í, agus níor shámh
leis ól na aoibhneach 'ná úrghárdughadh mean-
man gan a bheith i bhfochair a inghine. Dála
Taise taoibh-ghile, níor mhiadh agus níor mhaiseach
léi suan na sámh-chodladh, proinn na tomhal-
tus, ceól 'ná oirfid 'ná ealadha 'ná nídh dá
fheabhas gan a bheith i bhfochair Fhinn, agus do
sgrúd i n-a hinntinn agus i n-a haigneadh
cionnus do rachadh d'á ionsaighe gan fhios
d'á hathair, agus is é gaois agus gliocas do rinne
sí, an uair do chuaidh an rí chun suain, í
féin agus a bhean choimhdeachta do dhul go folaigh-
theach d'ionnsaighe an longphuirt i n-a raibh
Fionn. Agus iar rochtain na hinghine go
Fionn, do thoirbhir póga do dil agus go díochra
dhi agus tugadar snadhmanna agus cuir cheangail
d'á chéile, agus tug Fionn leithead a haighthe do
fhleasg óir órloisgthe thíre na hAráibe mar
choibhche dhi, agus do chaitheadar leath ar leath an
oidhche sin 'san dá longphort, agus ag éirghe
gréine gnúis-tsoillsighe ar n-a bhárach, ro
éirigh rí an domhain agus fuair easbhaidh na
hinghine air, agus d'aithin gur d'ionnsaighe Fhinn
do chuaidh, agus gér bh'olc leis oidheadh agus úirbhear-
nadh d'fhagháil d'á mhac agus díothláithriughadh agus
dícheannadh a mhuintire, is mó 'ná sin do
chuaidh air a inghean do dhul ar éalódh chum
Fhinn uí Bhaoisgne, agus d'fhiafraigh de mhaithibh a
mhuintire créad dheanfadaois nó cionnus
do dhíoghalfadaois a mhac féin agus ar thuit de
mhacaibh ríogh i na fhocair le Fionn agus le


L. 575


Fiannaibh Éireann agus do bhéarfadaois amach
a inghean. Adubhradar-san do ghuth aoin-fhir
gur thuiteadar roighne agus togha a gcuradh agus a
gcaith-mhíleadh i bhfaithche goile, a laoich chródha
agus a lucht cathuighthe dob' fhearr d'á raibh aca
le Fionn agus le Fiannaibh Éireann cheana, agus
gur measa bhádar an tan sin ion-chomhraig
'ná roimhe sin, agus nár mhaith an séan catha
dhóibh teacht do'n chrích sin agus gur iompuigh fios
agus fáistine na bhfáidh agus bhfileadh i n-a
n-aghaidh agus go mbudh í a gcomhairle féin do'n
rígh imtheacht as an gcrích sin an feadh do
bheadh Fionn agus Fiann Éireann innti, óir dá
mbeidís fir an domhain ar aon láthair acht
comhthrom comhlainne d'fhagháil go mbéar-
fadaois buaidh orra. Adubhair an rí, dá
mbeadh an inghean aige, go ndiongnadh an
chomhairle sin, agus gibé ag á mbeith de ghliocas
'ná d'ealadhain a tabhairt chuige, go dtiubh-
radh féin breath a bhéil d'ór agus d'airgead agus
d'iomhaoin dó, agus saoirse d'á chloinn go
bruinne an bhrátha agus go foircheann na beathadh,
agus teannta agus cur air féin sin do chomhall dó.
D'éirigh taoiseach do mhuintir an ríogh, agus
adubhairt, dá bhfaghadh féin na comhtha sin, go
dtiubhradh an inghean leis. Cuireann an rí
grian agus éasga, muir agus tír agus reanna nimhe agus
talmhan i gcoraibh agus i slánaibh air féin i
gcomhall dó. An tan tángadar dubh-néill
dorcha na hoidhche, teid an taoiseach sin
d'ionnsaighe na puible i raibh Fionn, d'éis
dul ar a iomdha agus ar a áird-leabaidh dhó, agus
croitheann craobh dhath-áluinn dhraoidheachta
do bhí aige, agus do bhí do bhuadhaibh aici an tan
do croithtí í, mná re naoidheannaibh, aos
aindeise agus othrais agus easláinte, agus laoich ghonta,
go gcuirfeadh i n-a dtoirchim suain agus síor-
chodlata iad, agus tuiteann Fionn agus Taise
taoibh-bheal i n-a dtoirchim suan agus sámh-
chodlata agus an Fhiann uile, an méid do bhí ar
an láthair sin díobh, le foghar fíor-bhinn sidhe
na craoibhe sin. Tógann an t-óglach an
ríoghain ar a ghualainn agus do ghluais i n-a
ghaistidhibh gáibhtheacha géar-luatha glan-reatha
agus i n-a chéimeannaibh tailc-iorrtha troigh-
éasgaidhe d'ionnsaighe puible ríogh an
domhain agus bud lúthgháireach do bhí an rí ar
n-a rochtain chuige, óir níor mhó a gháirdeachas
ó Fhionn go n-a thrí bhfear déag do thabhairt
ceangailte chuige ná fa'n inghean d'fhagháil,
agus iar sin thug sé fógra d'á mhairnéalaibh a
seólta thógbháil agus imtheacht ó'n dtír sin an
feadh do bheadh Fiann Éireann innti. Tóg-
bhaid a n-ancairí ar fhoráileamh an rígh, agus
fágbhaid an cuan agus an caladh-phort iar
ndíothláithriughadh a mhuintire gan géill gan
cáin d'fhagháil ó rígh na Sorcha, agus ní haithris-
tear sgéaluidheacht orra nó go rángadar
an Ghréig ghlan-tsoluis ghorm-shrothach. Dála
ríogh na Sorcha, do ghabh ag tabhairt adhmholta
agus buidheachas d'Fhionn, óir is air do bhí buidh-
eachas a thíre agus a thalmhan do bheith aige, agus
adubhairt an laoidh-se síos, ut dixit,



Cumhdaigh Fionn, a mhic Mhuire, fuair doilgh-
gheas 'san deabhaidh;
Iar mbreith buaidhe ar do bhiodhbhadh, iongnadh
dhuit bheith id' bheathaidh.
Sluagh an domhain i n-aoin-fheacht, is iad
d'aoin-leath id' aghaidh,
Acht dís agus trí ceathrair ní raibh do Fhiannaibh
agat.
Aon-mhac ard-ríogh an domhain, fuair foghail
id' tharmadhaibh;
Led' mhuintir as a haithle, do thuitsead
maithe a chabhlaigh.
Leat agus led' bheagán buidhne, a mhic Mhuirne
na saor-shlógh,
Díobh nach beag an phudhair, roighne curadh do
chlaochlódh.
An sluagh sin d'imtheacht uainne, lán do
thruime agus do thuirse;
A mhic Chumhaill, ní cheilim, is libh bheirim a
bhuidhe.


L. 576


Sluagh ríogh an domhain ó's uath, d'éis buaidhe
do bhreith orra,
Do cuireadh leó dibhlíonaibh, 's a gcúl re
críochaibh Sorcha.



Fionn —
D'éis a mhuintire do mharbhadh, tríd chíd adhbhar
ár n-onóir,
A áird-rí na Sorcha, fil mór-dhamhna dobróin,
Cúig fhear déag uaim dem' mhuintir, dream
do thuintibh mo theaghlaigh,
D'á n-éis is dubhach sinne, fir budh chlisde ar
gach bearnaidh.



Rí na Sorcha: Ná bí dubhach san gcás-sain,
A Fhinn, athaidh gan uamhan,
Gach áit i ngabhann tusa,
Bíodh do thuras go buadhach.



Do thugadar as an oidhche sin, agus ar n-éirghe
i moch na maidne ar n-a bhárach fuair Fionn
easbhaidh na hinghine air, agus do chonnacadar an
cuan folamh ar a gceann. Iar n-imtheacht
ríogh an domhain go n-a mhór-shluagh, agus gér
bh'olc le Fionn easbhaidh Chonáin agus a chuid-
eachtan air, agus a bhfuair sé d'olc agus d'anfhorlann
do shiubhal agus do sheachrán ar muir agus ar tír, is
mó chuaidh air inghean ríogh an domhain do
bhreith uaidh 'ná sain uile, agus adubhairt ris an
bhFéinn go sgarfadh a anam ris muna bhfaghadh
arís í, agus go mbudh dheimhin leis bás d'fhagháil
d'á cumha sul do-chífeadh amharc na hÉireann
arís. Níor chian dóibh ar na hiomráidhthibh sin
an tan do chonncadar na bratacha beann-
uainne breac-dhathacha corr-ghlasa cumhdaighthe,
agus na sgátha sgannracha sgáth-bholgacha, agus na
buidhne ceann-troma cóirighthe agus na doir-
eadha diamhaire dearg-ruadha donn-tsleagha
le n-a nguailnibh ag na gasradhaibh. “Féach
uainn,” ar Fionn, “d'á fhios cia hiad na
mór-shluaighte úd chugainn.” Téid Fearghus
Finnbhéil annsain d'ionnsaighe na sluaighe
agus d'aithin sé Diarmuid ó Duibhne i n-a n-ur-
thosach, agus fearas fíor-chaoin fáilte roimhe agus
tángadar d'ionnsaighe Fhinn iar sin, agus fá
lúthgháireach lán-mheanmnach Fionn agus Fiann
Éireann uile roimh Dhiarmuid agus d'fhiafruigh
Fionn sgéala dhé nó an bhfuair sé aon fhocal
de sgéalaibh an Ghiolla Dheacair 'ná Chonáin,
nó cá háit i n-a raibh sé an feadh do bhí sé
i n-a éagmhais féin nó cia hiad na sluagha
sain do bhí i n-a fhochair. Innseann Diarmuid
dó gach nídh d'ár imthigh air ó thús go deireadh,
agus gurab i dTír-fó-thuinn do bhí sé ag cathughadh
re rígh Thíre-fó-thuinn agus re n-a mhac agus gurab
é Ridire an ghaisgidh, dearbhráthair ríogh
Thíre-fó-thuinn do bhí i n-a fhochair ag congnamh
leis, agus nach tárla dó riamh cara dob' fhearr 'ná
é, agus gur fhoillsigh dhó, do bhrígh na healadhan
draoidheachta do bhí aige, gurab é Adhbharthach
mac Ioldathaigh do bhí i riocht an Ghiolla
Dheacair agus gurab é rug a mhuintir uaidh go
Tír trácht-mhín Tairngire. Fá luathgháireach
Fionn agus an Fhiann, iar bhfagháil an oiread sin
do sgéalaibh a muintire dóibh, agus fós d'innis
Diarmuid dóibh gurab é Ridire an Ghaisgidh
fá rí ar Thír-fó-thuinn an tan sin, iar marbhadh
a dhearbhráthar fá rí uirri roimhe sin, iar
rochtain dó féin innti, agus d'fhiafruigh dhíobh
sain créad d'éirigh dhóibh féin ó sgar sé riú.
D'innis Fearghus Finnbhéil sgéala dhó amhail
táinig rí an domhain agus gach ar thuit leó féin
d'á mhuintir agus mar d'éaluigh sé uatha, agus
adubhairt iar sin gur mhithid dóibh dul do
thóruigheacht a muintire ó fuaradar sgéala
fírinneacha cá rabhadar. Adubhairt Fionn
gur mheasa leis Taise taoibh-gheal gan tór-
uigheacht 'ná iad sain, agus go bhfuigheadh sé féin
bás d'á sgéalaibh agus d'á srónmhuine acht muna
bhfaghadh sé í. Adubhradar maithe agus mór-
uaisle na Féinne nach léigfidís féin dó bás
d'fhagháil acht go rachadh cuid díobh do thabhairt
na hinghine chuige ar ais nó ar éigin, agus go


L. 577


rachadh cuid eile aca ag lorgaireacht a
muintire. Is ann sin do chinneadar Goll
glan-bhéimeannach mac Mórna agus Osgar
gníomh-éachtach mac Oisín agus Fearghus finnbhéil
an file do dhul do thóruigheacht ríogh an
domhain agus na hinghine. Is ann sin adubhairt
Diarmuid ó Duibhne re sluagh rígh Thíre-fó-
thuinn umhla agus onóir do thabhairt d'Fhionn, agus
do rinnsead an sluagh amhail adubhairt
Diarmuid leó, agus do rinne rí na Sorcha an
nídh céadna, agus adubhradar go rachadaois le
Fionn ar gach toisg agus ar gach turas d'á
rachadh sé go hiompódh go hÉirinn tar a
n-ais.



(Ní Críoch).

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services