Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Bás Donnchadha Pléimeann.
Title
Bás Donnchadha Pléimeann.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
BÁS DONNCHADHA PLÉIMEANN. Fuair Donnchadh Pléimeann bás ina thigh féin i Sráid na Blárnan i gCorcaigh, Dia Céadaoin an t-ochtmhadh lá don mhís seo, agus cuireadh Dia hAoine. Beannacht díleas Dé lena anam. Do sgiobadh uainn é i dtús a óige agus i dtús a oibre, mar sgiobadh an tAthair Eoghan Ua Gramhna, agus Pádraig Ua Laoghaire agus Séamas Ua Cogadháin. Ní fada ó chualamar sagart dhá rádh, na daoine gur beag ortha Gaedhilg agus Gaedhilgeóirí na haimsire seo, dá mairidís naoi gcéad déag bliadhain ó shoin, nár bh' áil leó aithne do chur ar mhuinntir an tsiuinéara i Nasarret. Tá daoine galánta gan amhras i gCorcaigh indiu nár dheónuigh aithne do chur ar an Phléimeannach, siúinéir bocht óg ar nós Mhic Mhuire, a fhad agus bhí se beó 'na measg, acht is cinnte gur bh' uaisle agus gur bh' onóraighe agus gur bh' árd-intinnighe é 'ná iad go léir. Deireadh lae ar feadh na mbliadhanta, agus é tuir- seach tnáithte ó obair an lae, ba ghnáthach leis peann agus páipéar d' aimsiughadh agus cromadh ar áirneán na hoidhche ar son Éireann agus teanga na hÉireann. Do sháruigh sé an seanfhocal, mar bhí sé síor-ghnóthach agus sár-ghnóthach. Bhí aigneadh fairsing fad-radharcach aige, agus thug sé oideas maith dhó féin gan buidheachas do lucht oibre do chur, cuartuigh na páipéara so ó 1890 anuas, “Iris- leabhar na Gaedhilge,” Cork Weekly Examiner, “Fáinne an Lae”, Daily and Weekly Independent &c. Duadh agus doghraing a bhfuair sé i bhfus, agus béidh a luach saothair aige thall. — An C.S.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services