BÁS DONNCHADHA PLÉIMEANN.
Fuair Donnchadh Pléimeann bás ina thigh féin i Sráid
na Blárnan i gCorcaigh, Dia Céadaoin an t-ochtmhadh
lá don mhís seo, agus cuireadh Dia hAoine. Beannacht
díleas Dé lena anam. Do sgiobadh uainn é i dtús a
óige agus i dtús a oibre, mar sgiobadh an tAthair Eoghan
Ua Gramhna, agus Pádraig Ua Laoghaire agus Séamas Ua
Cogadháin. Ní fada ó chualamar sagart dhá rádh, na
daoine gur beag ortha Gaedhilg agus Gaedhilgeóirí na
haimsire seo, dá mairidís naoi gcéad déag bliadhain
ó shoin, nár bh' áil leó aithne do chur ar mhuinntir an
tsiuinéara i Nasarret. Tá daoine galánta gan amhras
i gCorcaigh indiu nár dheónuigh aithne do chur ar an
Phléimeannach, siúinéir bocht óg ar nós Mhic Mhuire, a
fhad agus bhí se beó 'na measg, acht is cinnte gur bh' uaisle
agus gur bh' onóraighe agus gur bh' árd-intinnighe é 'ná iad go
léir. Deireadh lae ar feadh na mbliadhanta, agus é tuir-
seach tnáithte ó obair an lae, ba ghnáthach leis peann agus
páipéar d' aimsiughadh agus cromadh ar áirneán na hoidhche
ar son Éireann agus teanga na hÉireann. Do sháruigh sé
an seanfhocal, mar bhí sé síor-ghnóthach agus sár-ghnóthach.
Bhí aigneadh fairsing fad-radharcach aige, agus thug sé
oideas maith dhó féin gan buidheachas do lucht oibre
do chur, cuartuigh na páipéara so ó 1890 anuas, “Iris-
leabhar na Gaedhilge,” Cork Weekly Examiner, “Fáinne
an Lae”, Daily and Weekly Independent &c. Duadh agus
doghraing a bhfuair sé i bhfus, agus béidh a luach saothair
aige thall. — An C.S.