Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Litir
Title
Litir
Author(s)
Stúndún, Pádruig,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Litir D'fhear Eagair an Chlaidhimh, "Ní cóir eagcóir," agus is éagcóir gairm filidheachta fir do thabhairt d'fhear eile. Tá sgéal beag annsa Chlaidheamh (an chéad uimhir), eadhon. "An Séamhadh Cailín," agus gan amhras, do thug Tadhg do'n léaghthóir é mar fuair sé féin é, acht is dearbh ná fuair sé ainm an úghdair go bunadhuasach, ná an rann bheag i gceart mar an gceudna. Tá súil agam ná tógfaidh sé go h-olc orm é bhréagnughadh. Do thuit sé amach mar so: - Bhí an sagart oirbhidneach an t-Athair Peadar ó Néill, sagart paróiste Bailemachóda, do lasgadh i n-Eochaill 'san bliadhain 1798, ag baisdeadh leinbh, an cúigeadh h-inghean, a dtigh Phádruig Cundúin, an file, ar an Seanchoill, mar ar mhair sé, agus a dubhairt an sagart go magamhuil - "Ar m'fhocal, a Phádruig, má's inghean an chéad cheann eile, ní baisdfead í." An uair a thigeann an t-am, tigeann an clainn," agus do tháinig an séámhadh h-inghean. Níor dhearmad Pádruig cómhrádh an tsagart agus do sgríbh sé chuige an rann bheag so: - A shagairt an dheagh-chroidhe, is maith gníomh gné 'gus greann, Ná déan díom faillighe, acht tar faoi m'dhéin a n-am, Ag baisdeadh mo chailín, iseadh í an séamhadh ceann - Sin móirsheisear ban-tighe 's fear-tighe aonair ann, Bhí clann mhac 'na dhiaigh sin aige. Do bhuail an t-Athair Peadar agus Pádruig uime a chéile a mBailemachóda lá. Bhí bríste nuadh ar an sagart, agus do theasdaigh uaidh rann bheag do tharruing ó Phádraig. "A Phádruig," ar sé, "ní chloisim tú ag rádh, go mairir do bhríste nuadh." D'fhreagair Pádruig - "A Athair ionmhuin" - Go mairir do bhríste nuadh, Go mairir do chlódh 's do chreat; Go mairir 'sa tír seo sóghach, 'S go mairir go deó ar Neamh." Pádruig Stúndún Corcach, Márta, 1899
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services