Litir
D'fhear Eagair an Chlaidhimh,
"Ní cóir eagcóir," agus is éagcóir gairm
filidheachta fir do thabhairt d'fhear eile. Tá sgéal
beag annsa Chlaidheamh (an chéad uimhir), eadhon. "An
Séamhadh Cailín," agus gan amhras, do thug Tadhg do'n
léaghthóir é mar fuair sé féin é, acht is dearbh ná fuair
sé ainm an úghdair go bunadhuasach, ná an rann bheag
i gceart mar an gceudna. Tá súil agam ná tógfaidh
sé go h-olc orm é bhréagnughadh. Do thuit sé amach
mar so: -
Bhí an sagart oirbhidneach an t-Athair Peadar ó Néill,
sagart paróiste Bailemachóda, do lasgadh i n-Eochaill
'san bliadhain 1798, ag baisdeadh leinbh, an cúigeadh
h-inghean, a dtigh Phádruig Cundúin, an file, ar an
Seanchoill, mar ar mhair sé, agus a dubhairt an sagart
go magamhuil - "Ar m'fhocal, a Phádruig, má's inghean
an chéad cheann eile, ní baisdfead í." An uair a
thigeann an t-am, tigeann an clainn," agus do tháinig
an séámhadh h-inghean. Níor dhearmad Pádruig cómhrádh
an tsagart agus do sgríbh sé chuige an rann bheag
so: -
A shagairt an dheagh-chroidhe, is maith gníomh gné 'gus
greann,
Ná déan díom faillighe, acht tar faoi m'dhéin a n-am,
Ag baisdeadh mo chailín, iseadh í an séamhadh ceann -
Sin móirsheisear ban-tighe 's fear-tighe aonair ann,
Bhí clann mhac 'na dhiaigh sin aige.
Do bhuail an t-Athair Peadar agus Pádruig uime
a chéile a mBailemachóda lá. Bhí bríste nuadh ar an
sagart, agus do theasdaigh uaidh rann bheag do
tharruing ó Phádraig. "A Phádruig," ar sé, "ní
chloisim tú ag rádh, go mairir do bhríste nuadh."
D'fhreagair Pádruig - "A Athair ionmhuin" -
Go mairir do bhríste nuadh,
Go mairir do chlódh 's do chreat;
Go mairir 'sa tír seo sóghach,
'S go mairir go deó ar Neamh."
Pádruig Stúndún
Corcach, Márta, 1899