Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgéalaidheacht. Fathach Mór an Reibhleáin.
Title
Sgéalaidheacht. Fathach Mór an Reibhleáin.
Author(s)
Féach aithriseoir,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Contributor
Ó Corragáin, Tomás, Carraig Mhachaire Ro
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
FATHACH MÓR AN REIBHLEÁIN. Bhí rí aon uair amháin. Bhí nighean aige. Pósadh í. Thainic aon lá amháin 's cha rabh a fear 'sa' mbaile. Thainic Fathach Mór an Reibhleáin 's thug se leis í. Bliadhain o'n lá sin d'éirigh a fear: “Bliadhain 's an lá indiú 'sé d'imthigh mo bhean, 's racha(idh) me d'á cuartughadh indiú.” D'imthigh leis gur chas páirc mhór chaorach air. Chas an buachaill bó air. “Gá leis na caoirigh seo?” ars' eisean. “Le Fathach Mór an Reibhleáin íochtar uachtar Éireann, breacóg bhréagh, nighean ríogh i n-Éirinn, 'bhfuil reimhre do mhéir i sileadh gach deoir le n-a malaidh ghléigil, ag caoineadh a fir, ag caoineadh a fuir, ag caoineadh a triúir dearbhráthar, gur mheasa léithe giolla beag na dtrí gceathramha no'n (= 'ná an) ceathrar fear d'fhág sí i n-Éirinn thall.” D'imthigh leis gur chas fear air 'na sheasamh ionn i ngeata. “Leig thart me,” ars' eisean. “Cha leigim thart thú,” arsa fear an gheata, “go ndíolfaidh tú custom.” Chuir sé lámh i n-a phóca is shín se an t-airgead dó. Char stad se go rabh se aige tigh Fathaigh Mhóir an Reibhleáin. Chonnaic an bhean ag teacht e. “Mo thruaighe!” adeir sí, “nár fhan tú 'sa' mbaile. Nuair a thiocfas an fear seo a bhaile anocht, muirbhfidh se thú.” Bhí lá spóirt acú go dtainic an oidhche. “Tá se gómh maith agad a dhul i bhfolach anois,” adeir sí, “sol a bhfeicfidh an fear seo thú.” Chuir sí siar faoi leabaidh e. Char bh'fhada go dtainic Fathach Mór an Reibhleáin, fiadh mór trasna a ghualainne leis. Tharraing se thríd an teinidh e, thríd an luaithridh, 's d'fhág thuas i n-a bhéal e. “Frú, frá, féasóg!” adeir se, “mothuighim boladh an Éireannaigh bhréagaigh bhradaigh ag teacht fá mo chúirt is fá mo chathair anocht.” “A rúin 's a ghrádh!” ars' an bhean, “Nach mbéidh sin ann, fad is bheas mise ann?” “Tá agus thuilleadh ionn,” arsa 'n Fathach Mór. “Bhí mise i mullach an tighe báirr, 's bhí éanlaith beaga na hÉirinne ag dul thart. Bhí siad ag luighe orm. Sin an boladh mhothuigheann tú.” “Tá agus thuilleadh ann,” adeir se. D'éirigh se is chuairtigh se síos is suas go bhfuair se an fear faoi'n leabaidh. Tharraing se aniar e. Thug se amach e. Fuair se slaitin doraca draoidhechta is rinn se cártha cloiche de. Bliadhain o'n lá sin d'éirigh a dearbhráthair: “Dhá bhliadhain 's an lá indiú d'imthigh a leithid seo, is bliadhain 's an lá indiú d'imthigh a fear d'á cuartughadh, 's imeacha(idh) me féin indiú d'á gcuartughadh.” D'imthigh leis. Char stad se go rabh se aige tigh Fathaigh Mhóir an Reibhleáin. Chonnaic an bhean ag teacht e. “Mo thruaighe!” adeir sí, “nár fhan tú 'sa' mbaile. Nuair a thiocfas an fear so a bhaile, muirbhfidh se thú.” Bhí lá spóirt is ceoil acú go dtainic an oidhche. “Tá se gómh maith agad a dhul i bhfolach anois; “adeir sí,” is goirid go dtiocfaidh an fear so abhaile.” Char bh'fhada go dtainic Fathach Mór an
Reibhleáin isteach sean-bhéitheach bán ar astrach a ghuailneach. Tarraing thríd an teinidh is thríd an luaithridh e, is d'fhág thuas e. “Frú, frá, féasóg!” adeir se, “mothuighim boladh an Éireannaigh bhréagaigh bhradaigh ag teacht fá mo chúirt agus fá mo chathair anocht.” “A rúin is a ghrádh!” ars' ise, ”Nach mbéidh sin ann, fad is tá mise ann?” “Tá agus thuilleadh ann.” “Bhí mise i mullach an tighe báirr, 's bhí éanlaith beaga na hÉirinne ag luighe orm. Sin an boladh mhothuigheann tú.” “Tá agus thuilleadh ann.” Chuartuigh se síos is suas go bhfuair se an fear. Thug se amach e. Fuair se slaitin doraca draoidheachta is rinn se cártha cloiche de. Bliadhain o'n lá sin d'éirigh an dearbhráthair eile d'á cuid: “Trí bliadhna 's an lá indiú d'imthigh a leithid seo. Dhá bhliadhain 's an lá indiú d'imthigh a fear d'á cuartughadh. Bliadhain 's an lá indiú d'imthigh mo dhearbhráthair, is imeacha(idh) mé fhéin indiú.” D'imthigh leis, 's char stad se go rabh se aige tigh an Fhathaigh Mhóir. “Ó! mo thruaighe!” adeir sí, “nár fhan tú 'sa' mbaile. Nuair a thiocfas an fear seo abhaile, muirbhfidh se thú. Tá m'fhear-sa 'na luighe amuigh annsin, 's do dhearbhráthair- sa.” Bhí lá spóirt is ceoil acú go dtainic an oidhche. “Tá se gómh maith agad a dhul i bhfolach anois,” adeir sí, “is goirid go mbéidh an fear so ag teacht.” Chuir sí i bhfolach e. Char bh'fhada go dtainic an Fathach Mór isteach, fiadh mór trasna a ghualainne leis. Tharraing se thríd an teinidh is thríd an luaithridh e, is d'fhág thuas i n-a bhéal e. “Frú, frá, féasóg!” ars' eisean, ”mo- thuighim boladh an Éireannaigh bhréagaigh bhradaigh ag teacht fá mo chúirt is fá mo chathair anocht.” “A rúin 's a ghrádh!” ars' ise, “Nach mbéidh sin ann, fad is bheas mise ann.” “Tá agus thuilleadh ann.” “Bhí mise i mullach an tighe báirr. Bhí éanlaith beaga na hÉirinne ag luighe orm. Sin an boladh mhothuigheann tú.” “Tá agus thuilleadh ann.” Chuairtigh se síos is suas go bhfuair se an fear. Thug se amach e. Fuair se slaitin doraca draoidheachta is rinn se cártha cloiche de. Bliadhain o'n lá sin d'éirigh an dearbhrá- thair eile dí: “Ceithre bliadhna 's an lá indiú d'imthigh a leithid seo. Trí bliadhna 's an lá indiú d'imthigh a fear d'á cuartughadh. Dhá bhliadh- ain 's an lá indiú d'imthigh mo dhearbhráthair d'á gcuartughadh. Bliadhain 's an lá indiú d'imthigh an dearbhráthair eile damh. Mo dhonas is mo dhothairne orm mar' racha me a chuartughadh mo chuid dearbhráthar indiú.” D'imthigh leis. Char stad se go rabh se aige tigh an Fhathaigh Mhóir. Chas an bhean air: “Ó! mo thruaighe nár fhan tú 'sa' mbaile. Nuair a thiocfas an fear seo a bhaile, muirbh- fidh se thú. Tá do bheirt dearbhráthar 'na luighe amuigh annsin agus m'fhear-sa, 's béidh tusa acú anocht.” Bhí lá spóirt is ceoil acú go dtainic an oidhche. “Tá se gómh maith agad,” ars' ise “a dhul i bhfolach anois. Is goirid go mbéidh an fear seo 'sa' mbaile.” Chuaidh se i bhfolach. Char bh'fhada go dtainic an Fathach Mór isteach, sean-bhéitheach mór trasna a ghual- ainne leis. Tharraing se thríd an teinidh e, is thríd an luaithridh, is d'fhág thuas e.
“Frú, frá, féasóg!” ars' an Fathach, “mothuighim boladh an Éireannaigh bhréagaigh bhradaigh ag teacht fá mo chúirt is fá mo chathair anocht.” “A rúin agus a ghrádh, nach mbéidh sin ann, fad is tá mise ann.” “Tá agus thuilleadh ann.” “Bhí mise i mullach an tighe báirr. Bhí éanlaith beaga na hÉirinne ag luighe orm. Sin an boladh mhothuigheann tú.” “Tá agus thuilleadh ann.” Chuairtigh se síos is suas go bhfuair se an fear. Thug se amach e. Bhuail se le slaitin doraca draoidheachta e, agus rinn cártha cloiche de. Bliadhain o'n lá sin d'éirigh giolla beag na dtrí gceathramha: “Is fada o d'imthigh mo mháthair;“ adeir se, “Is fada o d'imthigh mo thriúr oncal, 's mo dhonas is mo dhothairne orm, mar' racha me féin d'á gcuartughadh.” Fuair se réidh a chearc 's a bhunnóg. D'imthigh leis gur chas buachaill na gcaorach air. “Gá leis na caoirigh seo?” “Le Fathach Mór an Reibhleáin íochtar uachtar Éireann, an bhreacóg bhréagh, nighean ríogh i nÉirinn, 'bhfuil reimhre do mhéir i sileadh gach deoir le n-a malaidh ghléigil, ag caoineadh a fir, ag caoineadh a fuir, ag caoineadh a triúir dearbhráthar, 's gur mheasa léithe giolla beag na dtrí gceathramha no'n (= 'ná an) ceathrar fear d'fhág sí i nÉirinn thall.” “Leig thart me.” “Cha leigim,” arsa buachaill na gcaorach, “go ndíolaidh tú custom.” Chaith giolla beag na dtrí gceathramha an cionn de is bhog leis. Char stad se go rabh se aige tigh an Fhathaigh Mhóir. Chonnaic an mháthair ag teacht e. “Ó! a mhic mhoirnigh!” adeir sí, “Truagh nár fhan tú 'sa' mbaile. Nuair a thiocfas an fear so a bhaile anocht, muirbhfidh se thú. Tá do gháid is do thriúr oncal 'na luighe amuigh annsin.” Múch sí le póig é, is bháidh sí le deór e; thriomuigh sí le brat síoda agus sróil e, is chuir sí a chodladh ar liobaidh (= leabaidh) chlumhaigh éin (eóin) e. Nuair a bhí an oidhche ag teacht, chuaidh sí síos an áit i rabh giolla beag na dtrí gceathramha. “Ó! a mhic mhoirnigh! Ó! a mhic mhoirnigh!” adeir sí, “a mhic mhoirnigh! Is goirid go dtiocfaidh an fear so abhaile, is tá se gómh maith agad a dhul i bhfolach, sol a muirbhfidh se thú.” Char bh'fhada go dtainic an Fathach Mór isteach, sean-bhéitheach mór trasna a ghual- ainne leis. Tharraing thríd an teinidh, tríd an luaithridh, d'fhág thuas i n-a bhéal e. “Frú, frá, féasóg! mothuighim boladh an Éireannaigh bhréagaigh bhradaigh ag teacht fá mo chúirt agus fá mo chathair anocht.” “Ó, a rúin 's a ghrádh, nach mbéidh sin ann ar fad is bheas mise ann?” “Tá 'gus thuilleadh ann.” “Tá agus mise ann,” arsa giolla beag na dtrí gceathramha. Thainic giolla beag na dtrí gceathramha aníos. “Gá hacú is feárr leat,” ars' an Fathach Mór, “coraidheacht no cruadh-chomhrac?” “Is feárr liom coraidheacht,” arsa giolla beag na dtrí gceathramha, “'sé chleacht me i mbailtibh beaga, i mbailtibh móra, i mbail- tibh m'athara agus mo mháthara féin.” Bheir siad ar a chéile isna snaidhmeannaibh cruaidhe coraidheacht', go ndeanfadh siad bogán de'n chreagán, creagán de'n mbogán, tobar fíoruisge i lár na cloiche glaise; dhá
dtiocfadh duine ó íochtar an domhain go huachtar an domhain, is dh'amharc ar an dís seo thiocfadh, go rabh tráthnóna is deireadh an lae ag teacht. Thug giolla beag na dtrí gceathramha, thug se fásgadh dó, is chuir se go dtí n-a ghlúinibh is-talamh e, [an] dara fásgadh go dtí ubhall a scórnaighe. “Fód geárr glas os do chionn, a bhodaigh shalaigh,” arsa giolla beag na dtrí gceath- ramha. “Ná teana thusa sin;” ars' an Fathach, “Bheara(idh) me léath a bhfeil amuigh 's astigh agam.” “'S liom fhéin sin o do lá-sa amach,” arsa giolla beag na dtrí gceathramha, ag caitheamh a chinn de naoi n-iomaire naoi n-eitrin. Bhí an cionn ag teacht ar an cholainn aríst. Bhuail se bárr-chos ar an chionn. “Char bh'fhoráil duid; “ars' an cionn, ”dhá bhfuighinn-se ar an cholainn aríst, tusa 'ná fir Éireann nach sgaithfeadh é.” Thainic se isteach. Fuair se an slaitin doraca draoidheachta. Bhuail se buille ar a gháid, 's ar a thríur oncal. D'éirigh siad suas 'na seasamh mar bhí siad ariamh. Chruinnnigh siad a rabh 'shaidhbhreas amuigh 's astigh, 's thug siad leobhtha e. Thainic se fhéin 's a mháthair 's a gháid 's a thriúr oncal, thainic siad a bhaile, 's bhí dóigh mhaith orthú go bhfuair siad bás. TAGRA Tomás O Corragáin d'innis isan Chaisleán i n-aice Cairrge Mhachaire Rois. Reibhleáin, gen. of reibhleán, which was supposed by the narrator to be connected with “sean-reibhleach, an old thing hanging or tattered,” cf. rioblach, ragged, torn, O'R. Bliaidhain 's an lá indiu = this day twelve months (in the past), or exactly a year ago. The opposite is bliadhain ó indiú = this day twelve months(in the future), or exactly a year hence. So we also have seachtmhain is lá indiú, this day week (a week in the past), of which the opposite is seachtmhain ó indiú, this day week (in the future). So with cóicthigheas, mí, ráithe, &c. The Irish expressions are distinct and have not the amphibology of the usual English ones. Gur chas … air = gur casadh … air … go dtáinig sé go …, go dtáinig sé a fhad le … &c. Gá leis = Cia leis. Íochtar uachtar Éireann, the north and the south of Ireland. In passages quickly enunciated, as these caithréimeanna or “runs” always are, agus is often ommited in such phrases, like nó in others. Breacóg = little freckled woman? Fuir is probably only a repetition of fir with change of vowel-sound. The u is the principal vowel, the i only serving to mark the slender r. Shín … dó = shín … chuige of Munster. Tigh, astigh: the t in these is always broad in the dialect. Muirbhfidh is pronounced muiridh. Gómh = cómh. Leabaidh is always liobaidh in the dialect. Fá, throughout, about. Chuairtigh = chuartuigh. Cártha = cáirthe, pillar stone. Ar astrach a ghuailneach, on the burden-bearing part(?) of his shoulders. Cf. asdaróir, astaróir, a porter; ossar, a back burden; ossaraidhe, ossaróir, a porter, carrier, O'R. These, no doubt, are derivatives of astar, aistear, which not only signifies journey, travelling, but also labour, trouble — e.g., mór n-aistir of Mid. Ir. The very from here, astrach = travelling, Lu. 47a. D'á cuid for d'á cuid dearbhráthar. Do- thairne, evil, mischief, poverty, O'R. This word is a favourite one with the story-tellers of all the Irish districts of Leath Chuinn. In the present dialect it is pronounced as if spelt dóirne, in Co. Donegal dúirne, and in Connacht dofairne. Mar' for mara = muna. Mur = muna is only used in Ach' mur = acht muna, but ach' mar' is also heard. Dearbhráthar, gen. pl., was, strange to say, pronounced drearár here in the last brother's statement, but everywhere else the sound was dréar. Bunnóg, oaten cake. Bhog leis he walked on. A mhic mhoirnigh (= Mhuirnigh), my beloved son. Char bh'fhoráil duid, “it was telling for you” = it was lucky for you. Bhí dóigh mhaith orthu, “there was a good way on them,” i.e., they were in good circum- stances or well off. Dóigh here = means, livelihood.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services