Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgéalaidheacht. Fathach Mór an Reibhleáin.

Title
Sgéalaidheacht. Fathach Mór an Reibhleáin.
Author(s)
Féach aithriseoir,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Contributor
Ó Corragáin, Tomás, Carraig Mhachaire Ro
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 561


FATHACH MÓR AN REIBHLEÁIN.



Bhí rí aon uair amháin. Bhí
nighean aige. Pósadh í. Thainic
aon lá amháin 's cha rabh a
fear 'sa' mbaile.
Thainic Fathach Mór
an Reibhleáin 's thug
se leis í.



Bliadhain o'n lá sin
d'éirigh a fear:



“Bliadhain 's an lá indiú 'sé d'imthigh mo
bhean, 's racha(idh) me d'á cuartughadh indiú.”



D'imthigh leis gur chas páirc mhór chaorach
air. Chas an buachaill bó air.



“Gá leis na caoirigh seo?” ars' eisean.



“Le Fathach Mór an Reibhleáin íochtar
uachtar Éireann, breacóg bhréagh, nighean
ríogh i n-Éirinn, 'bhfuil reimhre do mhéir i
sileadh gach deoir le n-a malaidh ghléigil, ag
caoineadh a fir, ag caoineadh a fuir, ag
caoineadh a triúir dearbhráthar, gur mheasa
léithe giolla beag na dtrí gceathramha no'n
(= 'ná an) ceathrar fear d'fhág sí i n-Éirinn
thall.”



D'imthigh leis gur chas fear air 'na sheasamh
ionn i ngeata.



“Leig thart me,” ars' eisean.



“Cha leigim thart thú,” arsa fear an gheata,
“go ndíolfaidh tú custom.”



Chuir sé lámh i n-a phóca is shín se an
t-airgead dó.



Char stad se go rabh se aige tigh Fathaigh
Mhóir an Reibhleáin. Chonnaic an bhean ag
teacht e.



“Mo thruaighe!” adeir sí, “nár fhan tú
'sa' mbaile. Nuair a thiocfas an fear seo
a bhaile anocht, muirbhfidh se thú.”



Bhí lá spóirt acú go dtainic an oidhche.



“Tá se gómh maith agad a dhul i bhfolach
anois,” adeir sí, “sol a bhfeicfidh an fear
seo thú.”



Chuir sí siar faoi leabaidh e.



Char bh'fhada go dtainic Fathach Mór an
Reibhleáin, fiadh mór trasna a ghualainne
leis. Tharraing se thríd an teinidh e, thríd
an luaithridh, 's d'fhág thuas i n-a bhéal e.



“Frú, frá, féasóg!” adeir se, “mothuighim
boladh an Éireannaigh bhréagaigh bhradaigh ag
teacht fá mo chúirt is fá mo chathair anocht.”



“A rúin 's a ghrádh!” ars' an bhean, “Nach
mbéidh sin ann, fad is bheas mise ann?”



“Tá agus thuilleadh ionn,” arsa 'n Fathach
Mór.



“Bhí mise i mullach an tighe báirr, 's bhí
éanlaith beaga na hÉirinne ag dul thart.
Bhí siad ag luighe orm. Sin an boladh
mhothuigheann tú.”



“Tá agus thuilleadh ann,” adeir se.



D'éirigh se is chuairtigh se síos is suas go
bhfuair se an fear faoi'n leabaidh. Tharraing
se aniar e. Thug se amach e. Fuair se
slaitin doraca draoidhechta is rinn se
cártha cloiche de.



Bliadhain o'n lá sin d'éirigh a dearbhráthair:



“Dhá bhliadhain 's an lá indiú d'imthigh a
leithid seo, is bliadhain 's an lá indiú d'imthigh
a fear d'á cuartughadh, 's imeacha(idh) me
féin indiú d'á gcuartughadh.”



D'imthigh leis. Char stad se go rabh se aige
tigh Fathaigh Mhóir an Reibhleáin. Chonnaic
an bhean ag teacht e.



“Mo thruaighe!” adeir sí, “nár fhan tú
'sa' mbaile. Nuair a thiocfas an fear so a
bhaile, muirbhfidh se thú.”



Bhí lá spóirt is ceoil acú go dtainic an
oidhche.



“Tá se gómh maith agad a dhul i bhfolach
anois; “adeir sí,” is goirid go dtiocfaidh
an fear so abhaile.”



Char bh'fhada go dtainic Fathach Mór an


L. 562


Reibhleáin isteach sean-bhéitheach bán ar
astrach a ghuailneach. Tarraing thríd an
teinidh is thríd an luaithridh e, is d'fhág thuas e.



“Frú, frá, féasóg!” adeir se, “mothuighim
boladh an Éireannaigh bhréagaigh bhradaigh ag
teacht fá mo chúirt agus fá mo chathair anocht.”



“A rúin is a ghrádh!” ars' ise, ”Nach mbéidh
sin ann, fad is tá mise ann?”



“Tá agus thuilleadh ann.”



“Bhí mise i mullach an tighe báirr, 's bhí
éanlaith beaga na hÉirinne ag luighe orm.
Sin an boladh mhothuigheann tú.”



“Tá agus thuilleadh ann.”



Chuartuigh se síos is suas go bhfuair se an
fear. Thug se amach e. Fuair se slaitin
doraca draoidheachta is rinn se cártha cloiche
de.



Bliadhain o'n lá sin d'éirigh an dearbhráthair
eile d'á cuid:



“Trí bliadhna 's an lá indiú d'imthigh a
leithid seo. Dhá bhliadhain 's an lá indiú
d'imthigh a fear d'á cuartughadh. Bliadhain
's an lá indiú d'imthigh mo dhearbhráthair, is
imeacha(idh) mé fhéin indiú.”



D'imthigh leis, 's char stad se go rabh se
aige tigh an Fhathaigh Mhóir.



“Ó! mo thruaighe!” adeir sí, “nár fhan
tú 'sa' mbaile. Nuair a thiocfas an fear
seo abhaile, muirbhfidh se thú. Tá m'fhear-sa
'na luighe amuigh annsin, 's do dhearbhráthair-
sa.”



Bhí lá spóirt is ceoil acú go dtainic an
oidhche.



“Tá se gómh maith agad a dhul i bhfolach
anois,” adeir sí, “is goirid go mbéidh an
fear so ag teacht.”



Chuir sí i bhfolach e. Char bh'fhada go dtainic
an Fathach Mór isteach, fiadh mór trasna
a ghualainne leis. Tharraing se thríd an
teinidh is thríd an luaithridh e, is d'fhág thuas
i n-a bhéal e.



“Frú, frá, féasóg!” ars' eisean, ”mo-
thuighim boladh an Éireannaigh bhréagaigh
bhradaigh ag teacht fá mo chúirt is fá mo
chathair anocht.”



“A rúin 's a ghrádh!” ars' ise, “Nach
mbéidh sin ann, fad is bheas mise ann.”



“Tá agus thuilleadh ann.”



“Bhí mise i mullach an tighe báirr. Bhí
éanlaith beaga na hÉirinne ag luighe orm.
Sin an boladh mhothuigheann tú.”



“Tá agus thuilleadh ann.”



Chuairtigh se síos is suas go bhfuair se an
fear. Thug se amach e. Fuair se slaitin
doraca draoidheachta is rinn se cártha cloiche
de.



Bliadhain o'n lá sin d'éirigh an dearbhrá-
thair eile dí:



“Ceithre bliadhna 's an lá indiú d'imthigh
a leithid seo. Trí bliadhna 's an lá indiú
d'imthigh a fear d'á cuartughadh. Dhá bhliadh-
ain 's an lá indiú d'imthigh mo dhearbhráthair
d'á gcuartughadh. Bliadhain 's an lá indiú
d'imthigh an dearbhráthair eile damh. Mo
dhonas is mo dhothairne orm mar' racha me
a chuartughadh mo chuid dearbhráthar indiú.”



D'imthigh leis. Char stad se go rabh se
aige tigh an Fhathaigh Mhóir. Chas an bhean air:



“Ó! mo thruaighe nár fhan tú 'sa' mbaile.
Nuair a thiocfas an fear seo a bhaile, muirbh-
fidh se thú. Tá do bheirt dearbhráthar 'na
luighe amuigh annsin agus m'fhear-sa, 's béidh
tusa acú anocht.”



Bhí lá spóirt is ceoil acú go dtainic an
oidhche.



“Tá se gómh maith agad,” ars' ise “a dhul
i bhfolach anois. Is goirid go mbéidh an
fear seo 'sa' mbaile.” Chuaidh se i bhfolach.



Char bh'fhada go dtainic an Fathach Mór
isteach, sean-bhéitheach mór trasna a ghual-
ainne leis. Tharraing se thríd an teinidh e,
is thríd an luaithridh, is d'fhág thuas e.


L. 563


“Frú, frá, féasóg!” ars' an Fathach,
“mothuighim boladh an Éireannaigh bhréagaigh
bhradaigh ag teacht fá mo chúirt is fá mo
chathair anocht.”



“A rúin agus a ghrádh, nach mbéidh sin ann,
fad is tá mise ann.”



“Tá agus thuilleadh ann.”



“Bhí mise i mullach an tighe báirr. Bhí
éanlaith beaga na hÉirinne ag luighe orm.
Sin an boladh mhothuigheann tú.”



“Tá agus thuilleadh ann.”



Chuairtigh se síos is suas go bhfuair se an
fear. Thug se amach e. Bhuail se le slaitin
doraca draoidheachta e, agus rinn cártha cloiche
de.



Bliadhain o'n lá sin d'éirigh giolla beag
na dtrí gceathramha:



“Is fada o d'imthigh mo mháthair;“ adeir
se, “Is fada o d'imthigh mo thriúr oncal, 's
mo dhonas is mo dhothairne orm, mar' racha
me féin d'á gcuartughadh.”



Fuair se réidh a chearc 's a bhunnóg.
D'imthigh leis gur chas buachaill na gcaorach
air.



“Gá leis na caoirigh seo?”



“Le Fathach Mór an Reibhleáin íochtar
uachtar Éireann, an bhreacóg bhréagh, nighean
ríogh i nÉirinn, 'bhfuil reimhre do mhéir i
sileadh gach deoir le n-a malaidh ghléigil,
ag caoineadh a fir, ag caoineadh a fuir, ag
caoineadh a triúir dearbhráthar, 's gur mheasa
léithe giolla beag na dtrí gceathramha no'n
(= 'ná an) ceathrar fear d'fhág sí i nÉirinn
thall.”



“Leig thart me.”



“Cha leigim,” arsa buachaill na gcaorach,
“go ndíolaidh tú custom.”



Chaith giolla beag na dtrí gceathramha an
cionn de is bhog leis. Char stad se go rabh
se aige tigh an Fhathaigh Mhóir. Chonnaic an
mháthair ag teacht e.



“Ó! a mhic mhoirnigh!” adeir sí, “Truagh
nár fhan tú 'sa' mbaile. Nuair a thiocfas
an fear so a bhaile anocht, muirbhfidh se thú.
Tá do gháid is do thriúr oncal 'na luighe
amuigh annsin.”



Múch sí le póig é, is bháidh sí le deór e;
thriomuigh sí le brat síoda agus sróil e, is chuir
sí a chodladh ar liobaidh (= leabaidh) chlumhaigh
éin (eóin) e.



Nuair a bhí an oidhche ag teacht, chuaidh sí
síos an áit i rabh giolla beag na dtrí
gceathramha.



“Ó! a mhic mhoirnigh! Ó! a mhic mhoirnigh!”
adeir sí, “a mhic mhoirnigh! Is goirid go
dtiocfaidh an fear so abhaile, is tá se gómh
maith agad a dhul i bhfolach, sol a muirbhfidh
se thú.”



Char bh'fhada go dtainic an Fathach Mór
isteach, sean-bhéitheach mór trasna a ghual-
ainne leis. Tharraing thríd an teinidh, tríd
an luaithridh, d'fhág thuas i n-a bhéal e.



“Frú, frá, féasóg! mothuighim boladh an
Éireannaigh bhréagaigh bhradaigh ag teacht fá
mo chúirt agus fá mo chathair anocht.”



“Ó, a rúin 's a ghrádh, nach mbéidh sin ann
ar fad is bheas mise ann?”



“Tá 'gus thuilleadh ann.”



“Tá agus mise ann,” arsa giolla beag na
dtrí gceathramha.



Thainic giolla beag na dtrí gceathramha
aníos.



“Gá hacú is feárr leat,” ars' an Fathach
Mór, “coraidheacht no cruadh-chomhrac?”



“Is feárr liom coraidheacht,” arsa giolla
beag na dtrí gceathramha, “'sé chleacht me
i mbailtibh beaga, i mbailtibh móra, i mbail-
tibh m'athara agus mo mháthara féin.”



Bheir siad ar a chéile isna snaidhmeannaibh
cruaidhe coraidheacht', go ndeanfadh siad
bogán de'n chreagán, creagán de'n mbogán,
tobar fíoruisge i lár na cloiche glaise; dhá


L. 564


dtiocfadh duine ó íochtar an domhain go
huachtar an domhain, is dh'amharc ar an dís
seo thiocfadh, go rabh tráthnóna is deireadh
an lae ag teacht. Thug giolla beag na
dtrí gceathramha, thug se fásgadh dó, is chuir
se go dtí n-a ghlúinibh is-talamh e, [an] dara
fásgadh go dtí ubhall a scórnaighe.



“Fód geárr glas os do chionn, a bhodaigh
shalaigh,” arsa giolla beag na dtrí gceath-
ramha.



“Ná teana thusa sin;” ars' an Fathach,
“Bheara(idh) me léath a bhfeil amuigh 's astigh
agam.”



“'S liom fhéin sin o do lá-sa amach,” arsa
giolla beag na dtrí gceathramha, ag caitheamh
a chinn de naoi n-iomaire naoi n-eitrin.



Bhí an cionn ag teacht ar an cholainn aríst.
Bhuail se bárr-chos ar an chionn.



“Char bh'fhoráil duid; “ars' an cionn, ”dhá
bhfuighinn-se ar an cholainn aríst, tusa 'ná
fir Éireann nach sgaithfeadh é.”



Thainic se isteach. Fuair se an slaitin
doraca draoidheachta. Bhuail se buille ar
a gháid, 's ar a thríur oncal. D'éirigh siad
suas 'na seasamh mar bhí siad ariamh.
Chruinnnigh siad a rabh 'shaidhbhreas amuigh 's
astigh, 's thug siad leobhtha e. Thainic se fhéin
's a mháthair 's a gháid 's a thriúr oncal, thainic
siad a bhaile, 's bhí dóigh mhaith orthú go bhfuair
siad bás.



TAGRA
Tomás O Corragáin d'innis isan Chaisleán i n-aice
Cairrge Mhachaire Rois. Reibhleáin, gen. of reibhleán,
which was supposed by the narrator to be connected
with “sean-reibhleach, an old thing hanging or tattered,”
cf. rioblach, ragged, torn, O'R. Bliaidhain 's an lá
indiu = this day twelve months (in the past), or
exactly a year ago. The opposite is bliadhain ó indiú =
this day twelve months(in the future), or exactly a
year hence. So we also have seachtmhain is lá indiú,
this day week (a week in the past), of which the opposite is
seachtmhain ó indiú, this day week (in the future). So
with cóicthigheas, mí, ráithe, &c. The Irish expressions
are distinct and have not the amphibology of the usual
English ones. Gur chas … air = gur casadh …
air … go dtáinig sé go …, go dtáinig sé a fhad
le … &c. Gá leis = Cia leis. Íochtar uachtar
Éireann, the north and the south of Ireland. In
passages quickly enunciated, as these caithréimeanna
or “runs” always are, agus is often ommited in such
phrases, like nó in others. Breacóg = little freckled
woman? Fuir is probably only a repetition of fir
with change of vowel-sound. The u is the principal
vowel, the i only serving to mark the slender r.
Shín … dó = shín … chuige of Munster. Tigh, astigh:
the t in these is always broad in the dialect. Muirbhfidh
is pronounced muiridh. Gómh = cómh. Leabaidh is
always liobaidh in the dialect. Fá, throughout, about.
Chuairtigh = chuartuigh. Cártha = cáirthe, pillar stone.
Ar astrach a ghuailneach, on the burden-bearing part(?)
of his shoulders. Cf. asdaróir, astaróir, a porter;
ossar, a back burden; ossaraidhe, ossaróir, a porter,
carrier, O'R. These, no doubt, are derivatives of
astar, aistear, which not only signifies journey,
travelling, but also labour, trouble — e.g., mór n-aistir of
Mid. Ir. The very from here, astrach = travelling,
Lu. 47a. D'á cuid for d'á cuid dearbhráthar. Do-
thairne, evil, mischief, poverty, O'R. This word is a
favourite one with the story-tellers of all the Irish
districts of Leath Chuinn. In the present dialect it
is pronounced as if spelt dóirne, in Co. Donegal
dúirne, and in Connacht dofairne. Mar' for mara =
muna. Mur = muna is only used in Ach' mur = acht
muna, but ach' mar' is also heard. Dearbhráthar, gen.
pl., was, strange to say, pronounced drearár here in
the last brother's statement, but everywhere else the
sound was dréar. Bunnóg, oaten cake. Bhog leis
he walked on. A mhic mhoirnigh (= Mhuirnigh), my beloved
son. Char bh'fhoráil duid, “it was telling for you” = it
was lucky for you. Bhí dóigh mhaith orthu, “there was a
good way on them,” i.e., they were in good circum-
stances or well off. Dóigh here = means, livelihood.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services