Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Teacht agus Imtheacht an Ghiolla Dheacair agus Tóruigheacht Chonáin agus A Chuideachtan.
Title
Teacht agus Imtheacht an Ghiolla Dheacair agus Tóruigheacht Chonáin agus A Chuideachtan.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
TEACHT AGUS IMTHEACHT AN GHIOLLA DHEACAIR AGUS TÓRUIGHEACHT CHONÁIN AGUS A CHUIDEACHTAN. Níor chian dóibh ar na hiomráidhtibh sin an tan do chonncadar an buin-ghiolla turais agus an t-arr- thalach slighe i n-a réim ro- reatha d'á n-ionnsaighe. Táinig do láthair agus tug umhla do'n rígh agus fiafruigheann an rí sgéala de. “Sgéalta mór olca uathbhásacha agam duit, a rí agus a thighearna,” ar sé, “nó go n-airmhighthear féar faithche, gaineamh mara, duille feadha agus reanna neimhe, ní h' áirmheóchthar a bhfuil do longaibh agus do luath-bhárcaibh ag gabháil cuain agus caladh-phuirt i n-imeal na críche seo agat-sa, agus do leigeadar sgeimhealta agus sgainnear- bhuaidheartha sár-luaithe fá imeal agus fá oir- thear na críche-se; do rinneadar creacha agus airgthe agus do loisgeadar dúnta agus deagh- bhailte agus do mharbhsad brughaidhthe agus biataigh, féinneadha agus fear-óglaigh, agus deirid cách gurab é rí an domhain atá ann iar ngabháil ríghe an domhain, agus dob' áil leis an chríoch-sa do chur fá ghoin gaoi agus claidhmhe, agus a neart agus a chumas do bheith uirri mar gach tír eile dár ghabh sé.” Féachann rí na Sorcha ar Fionn, agus thuig Fionn gurab ag iarraidh conganta air féin do bhí sé agus is é adubhairt, “Na bíodh eagla ná uamhan ort, óir do bhéarfad-sa agus an mhéid atá im' fhochair annso neart ár lámh riot, agus do-bheirim mo bhriathar fhíor-laochda dhuit, dá mbeidís Fiann Éireann uile ar iarraidh, mar atá Conán agus na ceithre fir déag atá maille ris de'n bhFéinn, nach d'á dtóruigheacht rachainn acht fanamhaint ag congnamh riot-sa, an feadh do bheith sluagh eachrann id' thír.” Budh faoilteach lúth- gháireach rí an Sorcha trés na briathraibh sin, agus iar sain do chuir sé tionól agus tiomsughadh ar a mhuintir as gach áird agus as gach ionad i rabhadar agus gluaiseann féin agus Fionn go maithibh a mhuinntire mar aon riú d'ionnsaighe ríogh an domhain go n-a mhuinntir, agus tugadar ruathar ádhbhal-mhór orra agus beanaid a n-airgne agus n-éadála dhíobh agus cuirid i raon madhma agus mór-theithmhe iad d'ionnsaighe a loingis, agus as a haithle sin do rónadh foslongphort meanmnach masgalach daoineach donn-sgiathach le maithibh agus le mór-uaislibh na Sorcha agus le Fionn agus an Fhéinn ós imeal-bhórdaibh an aigéin ós ciumhais an chuain ag fair agus ag forchoimheád na sluagh
n-eachtrann sain, agus d'á dteasargain féin ar theacht i dtír ná teacht ag déanamh díthe ná dochair do'n chrích. Budh mhachtnughadh mean- man agus budh hiongnadh ádhbhal-mhór le rígh an domhain agus le n-a mhuinntir cathughadh ná comhrag do dhéanamh riú féin i n-aon inis san domhan óir do ghabh sé a n-urmhór go nuige an chríoch sin, agus budh mheasa leis ná gach iongantas eile an longphort sin do thóg agus do rinne Fionn agus a shluagh mar aon re rígh na Sorcha ar a chomhair agus é féin agus sluagh an domhain ar tí a ndochair agus a ndíoghbhála do dhéanamh, agus adubhairt nach cuala féin luadh ná iomrádh fear n-Éireann fá ghoil ná fá ghaisgeadh, agus go ndíoghalfadh féin ar Éirinn teacht Fhinn mhic Chumhaill ar a cheart-aghaidh ag cathughadh ris, agus go gcuirfeadh ar chionnn ionnmhusa agus éadála í ionnus ná háiteaóchadh éinneach do shliocht Ghaedhil ghlais mhic Niuil mhic Féniusa Farsaidh í go bráth. Iar rádh na mbriathar sin do'n rígh, d'éirigh mac uaibhreach allta díomsach do bhí ag rígh Frannc ar an mór- shluagh sin i bhfiadhnaise an ríogh agus cháich go coitcheann, agus is é adubhairt ris an rígh, “Dein brígh bheag de sin, óir rachad-sa agus líon mo theaghlaigh, agus is é a líon trí chaogad laoch, agus do bhéarfad ceann Finn agus na gceithre bhfear ndéag atá i n-a fhochair liom dod' láthair agus dícheannfad rí na Sorcha agus cuirfead ár a mhuinntire.” Do ghluais mac ríogh Frannc go líon a theaghlaigh, agus is é pobal Ghuill mhic Mhórna agus Osgair mhic Oisín fá neasa dhó iar ndul i dtír dhó, agus adubhradar an dá bheithir bheódha agus an dá onchoin éachtacha agus an dá leomh- an lúthmhara agus an dá arsaidh ainiarmharthacha áigh agus iorghaile, ó's iad féin fá neasa dhóibh, nach láimheochadh aon duine d'Fhiannaibh Éireann ná de shluagh na Sorcha fuiliughadh ná foirdheargadh do dhéan orra acht a ndéanfadaois féin; agus adubhairt Osgar le Goll, “O's tusa is mionca do fromhadh agus do féachadh i gcomhrag agus is mó a chuir dod' fhala i gcathaibh agus dod' árd-oirdhearc- as i gcomhlannaibh, leig domh-sa comhrac le mac ríogh Frannc agus dein-se, a Ghuill, a mhuintir do dhiongbháil. Aontuigheas Goll sin dó, géir leisg leis é. Dála Osgair, iar sin ionnsaigheann féin agus mac ríogh Frainnce a chéile, agus dob' é sin an sidhe dian dána agus tugadar sáthadh athgharbh ainiarmharthach d'á n-armaibh i gcompraibh agus i gcneasaibh a chéile gur choimhriseadar a gcraoiseacha crann- reamhra cró-fhairsinge do'n chéad ghleó sain agus do chuadar i muinighin a gclaidheamh gclais- leathan gcolg-fhaobhrach gcúil-reamhar, agus ro ghabhsad ag leónadh, agus tolladh agus ag múchadh a chéile gan caomhnadh gan coigilt gan taise gan truaighmhéile re seal fada aimsire ionnus go mbudh samhalta re heasaibh na sruith-linne fola foir-dheirge do bhí ag sileadh as a gcréachtaibh agus as a gcneasaibh. Cidh trácht, níor mhian agus níor mhaiseach le hOsgar neach san domhan do chongbháil leis féin do láthair chatha ná chomhlainne agus budh hadhnáire leis díombuaidh chatha bheith aige agus fir an domhain ar gach leith dhe d'á fhaicsin, agus leis sin d'éirigh bríoghmhaireacht agus bárr-aigeantacht, mire agus meanmain, déine agus dásachta, uabhar agus ainmhian san gcaithmhíleadh, agus do ghabh do bhéimeannach borb-neartmhara báis ar mac ríogh Frainnce gur bhain a cheann da gheal- bhrághaid i bhfiadhnaise na sluaighe. Is annsin do thógbhadar trom-ghártha gáibh- theacha in gach longphort, eadhón, gáir chosgair agus comhmhaoidhte i longphort fhear n-Éireann, agus gáir chaointe agus chumha i longphort ríogh an domhain, agus gér bhé Goll budh dhéidheanaighe ag déanamh a fheadhma féin fá trom-ghleó
tréan-anfadhach agus fá sidhe seabhaic agus fa mire mathghamhna agus fá ruathar curadh mar do bhí Goll ag dul fá mhuintir mhic ríogh Frainnce agus do ghabh d'á leónadh, d'á leadradh agus d'á ndian-bhásughadh gur fhágaibh i n-a gcorpaibh taimhnighthe agus i n-a gcosair chró iad in gach áit i n-a ngabhadaois. Do chuidigh mac áthasach éachtach iol-ghoineach Oisín mhic Fhinn le Goll san méid do fuair gan dícheannadh aige do theaghlach agus do mhuintir mhic ríogh Frannc, agus ní dheachaidh fear inniste sgéil ná maoidhte mór-ghníomha as díobh gan dí- cheannadh ó bhuilleadhaibh diachracha dásachtacha colg-fhaobhracha gaoth-namhaideacha na díse deagh-laoch sain. Fá dubhach dubrónach do bhíodar i longphort ríogh an domhain do chumha a gcarad agus a gcompánach, a dtriath agus a dtighearna; agus fá subhach soi-mheanmnach do bhádar i longphort Fhinn mhic Chumhaill agus ríogh na Sorcha an tan sin. Mar sin dóibh gur éirigh an ghrian ghlan- ruithneach ar n-a bhárach gurab annsin d'fhiafuigh rí an domhain cia do mhaithibh ríogh nó ro-fhlaith do bhí i n-a fhochair do rachadh do dhíoghalt mhic ríogh na bhFrannc agus a mhuintire ar Fhionn mac Cumhaill agus ar Fhiannaibh Éireann agus adubhairt gur mhór an náire dhóibh a léigean le ceithre feara déag díth agus díoghbháil, éirleach agus easbhadha móra a thabhairt orra. Is ann sin d'éirigh an macaomh mór mac ríogh na hAfraice i bhfiadhnaise ríogh an domhain agus adubhairt go rachadh féin go líon a theaghlaigh agus mhuin- tire do dhíoghail mhic rígh Frannc agus a mhuintire ar Fhiannaibh Éireann, agus ro budh hé líon a theaghlaigh agus a mhuintire an tan sin trí chaogaid féinnidhe fíor-chalma do bhíodh ar tuilleamh agus ar thuarastal aige féin do ghnáth, agus leis sin do chuaidh i dtír go n-a mhuintir, agus is é pobal cloinne ríogh na hIndia .i. Feardhach agus Foiltleabhair fá neasa dhó, agus dubhradar sin go bhfreagróchadaois féin comhrac mhic ríogh Afraice. Adubhairt Fionn nár bh'fhiú, fhaid do bhádar maille ris féin, comhrag ná cathughadh d'iarraidh orra agus nach rachadaois chum an chomhraig sin. Adubhra- dar sain, muna léigfidhe iad féin chum comh- raig an lae sin nach beidís ar tuilleamh ná ar tuarastal aige níos faide, agus a léigean dóibh a gcliú agus a n-oirdhearcas do chur. Do léig Fionn dóibh dul chum an chomhraig iar n-a rádh dóibh go n-imtheóchadaois muna léigfidhe. Dála mhac ríogh na hIndia agus mhic ríogh Afraice, d'ionnsaigheadar a chéile go feargach fíor-eascáirdeamhail ain-tréan agus go fraochda foirniata fearamhail ainmhín agus budh diachrach dúir-chréachtach do-ionghabhála an deabhaidh sin; agus fá hardhachta oll-bhorb ainiarmharthach an urlaidhe sin, agus iar rochtain d'Fheardhach mac ríogh na hIndia agus do'n mhacaomh mór chum a chéile do ghabhadar ag treasgradh agus ag tréan-tuargain a chéile gur chlos i n-imigéin uatha ar gach taobh i n-a dtimcheall coigeadal na gclaidheamh d'á gcomhmbualadh agus siansán na sleagh d'á sáthadh agus scamall sgiath dá sgoltadh agus is comh- luaith do theasgadaois a chéile d'á lámhaibh deasa agus clí, agus budh hiongnadh, iommorra, sians- sgártha searbh-ghlóracha na mbadhbh gcíocrach gcainteach ós cionn na bhféinneadh agus na bhfear-óglach ag iarraidh fola agus feólmhaigh orra de thoradh borb-bhéimeann na gcuradh gur dícheannadh mac ríogh na hAfraice do bhraith-bhéimeannaibh borb-neartmhara mhic ríogh na hIndia. Níor théarnaidh éalaightheach beó do mhuintir ríogh na hAfraice nachar dícheannadh leis an dara mac sain ríogh na hIndia, an feadh do bhí Feardhach ag déanamh an chomhraig sin. Do thóg Feardhach an ceann leis d'ionnsaighe Fhinn agus na Féinne agus budh subhach solásach do bhádar i longphort Finn agus ríogh na Sorcha an oidhche sin, agus fá meirtneach mí-mheanmnach dubhach dubrónach do bhádar i
longphort ríogh an domhain ar mhéid an áir agus na heasbhadha ó Fhionn agus ó n-a mhuintir. Tugadar an oidhche sin go héirghe gréine ar n-a bhárach, gurab annsain d'érigh rí an domhain agus do labhair ré n-a mhuintir do ghuth árd mhór sholus-ghlan agus is é adubhairt, “Nach nár díbh a bhfuiltí de chlannaibh ríogh agus ro-thighearnaí an domhain im' fhochair agus im' fharradh annso agus ceithre feara déag a hiarthar na hEórpa ag cur bhar n-áir agus bhar n-eas- bhadha go laetheamhail, ag díothláithriughadh bhar ndaoine, ag marbhadh agus ag ciorrbhadh bhar míleadh, agus mac ríogh Frannc agus mac ríogh Afraice do thuitim riú, agus nach léigid do shluaightibh na críche cathughadh ná comhrag do dhéanamh acht iad féin ag déanamh na n-éacht agus na n-athacht sin oraibh-se, agus créad do bheir oraibh-se gan dul d'á n-ionnsaighe agus díorma dána deagh-shluaigh agus buidhne troma toirt- eamhla do bhreith libh agus biadh baidhbh agus brain- eoin do dhéanamh dhíobh.” A haithle an ghríosta agus an imdheargtha sain tug an rí for maithibh a mhuintire, d'éirigh a mhac mór-mheanmnach féin agus adubhairt go rachadh féin do chomhrag leó an lá sain, agus nach béarfadh leis acht an oiread do chlannaibh ríogh agus ro-fhlaith agus do bhí de'n bhFéinn ann agus go dtabharfadaois a gcinn leó chum an ríogh. Imthúsa mhic ríogh an domhain, do chuaidh i dtír agus do bhuaileadar a sgiatha go lonn loirgnach agus d'iarradar comhrag ar Fhionn agus ar a mhuintir. D'iarr rí na Sorcha é féin do léigean chum an chomhraig sin. “Ní léig- fead,” ar Fionn, “óir is fám' thuairimse ann- so d'Fhiannaibh Éireann a thángadar sain, agus i cuibhe cóimh-cheart ár gcomhlann, óir is amhlaidh atámaoid gan iomarca ná easbhaidh ar cheachtar againn.” Is amhlaidh do bhí rí an domhain an tan sin agus inghean álainn aon- tumhadh aige ar an mór-shluagh sain, agus is í dob' fhearr dealbh agus déanamh, inneall agus éa- gcosg de mhnáibh na cruinne ceathardha i n-a comhaimsir, agus is é dob' ainm di Taise taoibh- gheal inghean ríogh an domhain, agus do thug sí sruth sár-ádhbhal seirce agus tuile trom-ghrádha d'Fhionn mhac Cumhaill ar a áille agus ar a uirsgéalaibh, agus do ghuidh sí a hathair fá chead do thabhairt di dul d'fhéachain chomraig an lae sin, agus gur dhóchaide buaidh an chatha do bheith ag á mhuintir féin ar an druing allmhurdha an-aithnid sin .i. Fiann Éireann, a beith ós a gcomhair agus d'fhiadhnaise orra. Ceaduigheann an rí sain di. Dála Fhinn agus a mhuintire do chuadar i n-a n-armaibh agus i n-a n-éideaibh agus d'ionnsaigheadar mac ríogh an domhain go n-a mhacaibh ríogh gur an áit i rabhadar, agus ar rochtain a chéile dhóibh do rinneadar comhrac colgach céadfadhach croidh- eamhail cómh-chródha, agus do chomhraig mac ríogh an domhain agus an Rí Féinne le chéile agus dob' é sin an comhrag créachtach crith-eaglach agus an comhthach cosgrach céad-ghoineach agus an deabhaidh dian díoghbhálach agus an ionnsaighe naimhdeach neamh-charthannach agus an treas taidhbhreach trom-ghoineach. Cidh trácht, dob' é crích agus foircheann an comhraig sin gur dícheannadh mac ríogh an domhain agus amhuintir go hiomlán le Fionn mac Cumhaill agus le n-a mhuintir, agus thugadar na cinn leó d'á gcomhmhaoidheamh, agus do léigeadh gáir chaointe i longphort ríogh an domhain, iar dtuitim a mhic agus na mac ríogh eile do bhí maille ris. Iomthúsa Fhinn, d'aithin d'á mhuintir feart fairsing fód- bhuidhe do thochladh do mhac ríogh an domhain, do mhac ríogh Frannc agus do mhac ríogh na hAfraice agus do na macaibh ríogh agus ró-thighearnaí eile do thuit leis sin agus le n-a mhuintir na laethe roimhe sin, agus do tógbhadh a lia ós a leacht agus do sgríobhadh a n-anmanna i n-ogham agus do fearadh a gcuiche caointe. (Ní críoch.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services