Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Teacht agus Imtheacht an Ghiolla Dheacair agus Tóruigheacht Chonáin agus A Chuideachtan.

Title
Teacht agus Imtheacht an Ghiolla Dheacair agus Tóruigheacht Chonáin agus A Chuideachtan.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 557


TEACHT AGUS IMTHEACHT AN GHIOLLA
DHEACAIR AGUS TÓRUIGHEACHT CHONÁIN AGUS
A CHUIDEACHTAN.



Níor chian dóibh ar na hiomráidhtibh
sin an tan do chonncadar an
buin-ghiolla turais agus an t-arr-
thalach slighe i n-a réim ro-
reatha d'á n-ionnsaighe. Táinig
do láthair agus tug umhla do'n rígh
agus fiafruigheann an rí sgéala de. “Sgéalta
mór olca uathbhásacha agam duit, a rí agus a
thighearna,” ar sé, “nó go n-airmhighthear
féar faithche, gaineamh mara, duille feadha
agus reanna neimhe, ní h' áirmheóchthar a bhfuil do
longaibh agus do luath-bhárcaibh ag gabháil cuain agus
caladh-phuirt i n-imeal na críche seo agat-sa,
agus do leigeadar sgeimhealta agus sgainnear-
bhuaidheartha sár-luaithe fá imeal agus fá oir-
thear na críche-se; do rinneadar creacha agus
airgthe agus do loisgeadar dúnta agus deagh-
bhailte agus do mharbhsad brughaidhthe agus biataigh,
féinneadha agus fear-óglaigh, agus deirid cách
gurab é rí an domhain atá ann iar ngabháil
ríghe an domhain, agus dob' áil leis an chríoch-sa
do chur fá ghoin gaoi agus claidhmhe, agus a neart
agus a chumas do bheith uirri mar gach tír eile
dár ghabh sé.” Féachann rí na Sorcha ar Fionn,
agus thuig Fionn gurab ag iarraidh conganta
air féin do bhí sé agus is é adubhairt, “Na bíodh
eagla ná uamhan ort, óir do bhéarfad-sa agus
an mhéid atá im' fhochair annso neart ár lámh
riot, agus do-bheirim mo bhriathar fhíor-laochda
dhuit, dá mbeidís Fiann Éireann uile ar
iarraidh, mar atá Conán agus na ceithre fir
déag atá maille ris de'n bhFéinn, nach d'á
dtóruigheacht rachainn acht fanamhaint ag
congnamh riot-sa, an feadh do bheith sluagh
eachrann id' thír.” Budh faoilteach lúth-
gháireach rí an Sorcha trés na briathraibh sin,
agus iar sain do chuir sé tionól agus tiomsughadh
ar a mhuintir as gach áird agus as gach ionad i
rabhadar agus gluaiseann féin agus Fionn go
maithibh a mhuinntire mar aon riú d'ionnsaighe
ríogh an domhain go n-a mhuinntir, agus tugadar
ruathar ádhbhal-mhór orra agus beanaid a n-airgne
agus n-éadála dhíobh agus cuirid i raon madhma agus
mór-theithmhe iad d'ionnsaighe a loingis, agus as a
haithle sin do rónadh foslongphort meanmnach
masgalach daoineach donn-sgiathach le maithibh
agus le mór-uaislibh na Sorcha agus le Fionn agus an
Fhéinn ós imeal-bhórdaibh an aigéin ós ciumhais
an chuain ag fair agus ag forchoimheád na sluagh


L. 558


n-eachtrann sain, agus d'á dteasargain féin ar
theacht i dtír ná teacht ag déanamh díthe ná
dochair do'n chrích. Budh mhachtnughadh mean-
man agus budh hiongnadh ádhbhal-mhór le rígh an
domhain agus le n-a mhuinntir cathughadh ná comhrag
do dhéanamh riú féin i n-aon inis san domhan
óir do ghabh sé a n-urmhór go nuige an chríoch
sin, agus budh mheasa leis ná gach iongantas
eile an longphort sin do thóg agus do rinne
Fionn agus a shluagh mar aon re rígh na Sorcha
ar a chomhair agus é féin agus sluagh an domhain ar
tí a ndochair agus a ndíoghbhála do dhéanamh, agus
adubhairt nach cuala féin luadh ná iomrádh
fear n-Éireann fá ghoil ná fá ghaisgeadh, agus
go ndíoghalfadh féin ar Éirinn teacht Fhinn
mhic Chumhaill ar a cheart-aghaidh ag cathughadh
ris, agus go gcuirfeadh ar chionnn ionnmhusa agus
éadála í ionnus ná háiteaóchadh éinneach do
shliocht Ghaedhil ghlais mhic Niuil mhic Féniusa
Farsaidh í go bráth. Iar rádh na mbriathar
sin do'n rígh, d'éirigh mac uaibhreach allta
díomsach do bhí ag rígh Frannc ar an mór-
shluagh sin i bhfiadhnaise an ríogh agus cháich go
coitcheann, agus is é adubhairt ris an rígh, “Dein
brígh bheag de sin, óir rachad-sa agus líon mo
theaghlaigh, agus is é a líon trí chaogad laoch, agus
do bhéarfad ceann Finn agus na gceithre bhfear
ndéag atá i n-a fhochair liom dod' láthair agus
dícheannfad rí na Sorcha agus cuirfead ár a
mhuinntire.” Do ghluais mac ríogh Frannc go
líon a theaghlaigh, agus is é pobal Ghuill mhic
Mhórna agus Osgair mhic Oisín fá neasa dhó iar
ndul i dtír dhó, agus adubhradar an dá bheithir
bheódha agus an dá onchoin éachtacha agus an dá leomh-
an lúthmhara agus an dá arsaidh ainiarmharthacha
áigh agus iorghaile, ó's iad féin fá neasa dhóibh,
nach láimheochadh aon duine d'Fhiannaibh
Éireann ná de shluagh na Sorcha fuiliughadh
ná foirdheargadh do dhéan orra acht a
ndéanfadaois féin; agus adubhairt Osgar le
Goll, “O's tusa is mionca do fromhadh
agus do féachadh i gcomhrag agus is mó a chuir
dod' fhala i gcathaibh agus dod' árd-oirdhearc-
as i gcomhlannaibh, leig domh-sa comhrac
le mac ríogh Frannc agus dein-se, a Ghuill, a
mhuintir do dhiongbháil. Aontuigheas Goll
sin dó, géir leisg leis é. Dála Osgair, iar
sin ionnsaigheann féin agus mac ríogh Frainnce
a chéile, agus dob' é sin an sidhe dian dána agus
tugadar sáthadh athgharbh ainiarmharthach d'á
n-armaibh i gcompraibh agus i gcneasaibh a chéile
gur choimhriseadar a gcraoiseacha crann-
reamhra cró-fhairsinge do'n chéad ghleó sain agus
do chuadar i muinighin a gclaidheamh gclais-
leathan gcolg-fhaobhrach gcúil-reamhar, agus ro
ghabhsad ag leónadh, agus tolladh agus ag múchadh
a chéile gan caomhnadh gan coigilt gan taise
gan truaighmhéile re seal fada aimsire
ionnus go mbudh samhalta re heasaibh na
sruith-linne fola foir-dheirge do bhí ag sileadh
as a gcréachtaibh agus as a gcneasaibh. Cidh
trácht, níor mhian agus níor mhaiseach le hOsgar
neach san domhan do chongbháil leis féin do
láthair chatha ná chomhlainne agus budh hadhnáire
leis díombuaidh chatha bheith aige agus fir an
domhain ar gach leith dhe d'á fhaicsin, agus leis sin
d'éirigh bríoghmhaireacht agus bárr-aigeantacht,
mire agus meanmain, déine agus dásachta, uabhar agus
ainmhian san gcaithmhíleadh, agus do ghabh do
bhéimeannach borb-neartmhara báis ar mac
ríogh Frainnce gur bhain a cheann da gheal-
bhrághaid i bhfiadhnaise na sluaighe.



Is annsin do thógbhadar trom-ghártha gáibh-
theacha in gach longphort, eadhón, gáir chosgair
agus comhmhaoidhte i longphort fhear n-Éireann,
agus gáir chaointe agus chumha i longphort ríogh an
domhain, agus gér bhé Goll budh dhéidheanaighe
ag déanamh a fheadhma féin fá trom-ghleó


L. 559


tréan-anfadhach agus fá sidhe seabhaic agus fa mire
mathghamhna agus fá ruathar curadh mar do bhí
Goll ag dul fá mhuintir mhic ríogh Frainnce
agus do ghabh d'á leónadh, d'á leadradh agus d'á
ndian-bhásughadh gur fhágaibh i n-a gcorpaibh
taimhnighthe agus i n-a gcosair chró iad in gach
áit i n-a ngabhadaois. Do chuidigh mac
áthasach éachtach iol-ghoineach Oisín mhic Fhinn
le Goll san méid do fuair gan dícheannadh
aige do theaghlach agus do mhuintir mhic ríogh
Frannc, agus ní dheachaidh fear inniste sgéil
ná maoidhte mór-ghníomha as díobh gan dí-
cheannadh ó bhuilleadhaibh diachracha dásachtacha
colg-fhaobhracha gaoth-namhaideacha na díse
deagh-laoch sain. Fá dubhach dubrónach do
bhíodar i longphort ríogh an domhain do chumha
a gcarad agus a gcompánach, a dtriath agus a
dtighearna; agus fá subhach soi-mheanmnach do
bhádar i longphort Fhinn mhic Chumhaill agus ríogh
na Sorcha an tan sin.



Mar sin dóibh gur éirigh an ghrian ghlan-
ruithneach ar n-a bhárach gurab annsin
d'fhiafuigh rí an domhain cia do mhaithibh ríogh
nó ro-fhlaith do bhí i n-a fhochair do rachadh do
dhíoghalt mhic ríogh na bhFrannc agus a mhuintire ar
Fhionn mac Cumhaill agus ar Fhiannaibh Éireann
agus adubhairt gur mhór an náire dhóibh a léigean
le ceithre feara déag díth agus díoghbháil, éirleach
agus easbhadha móra a thabhairt orra. Is ann sin
d'éirigh an macaomh mór mac ríogh na hAfraice
i bhfiadhnaise ríogh an domhain agus adubhairt
go rachadh féin go líon a theaghlaigh agus mhuin-
tire do dhíoghail mhic rígh Frannc agus a
mhuintire ar Fhiannaibh Éireann, agus ro budh hé
líon a theaghlaigh agus a mhuintire an tan sin trí
chaogaid féinnidhe fíor-chalma do bhíodh ar
tuilleamh agus ar thuarastal aige féin do ghnáth,
agus leis sin do chuaidh i dtír go n-a mhuintir,
agus is é pobal cloinne ríogh na hIndia .i.
Feardhach agus Foiltleabhair fá neasa dhó, agus
dubhradar sin go bhfreagróchadaois féin
comhrac mhic ríogh Afraice. Adubhairt Fionn
nár bh'fhiú, fhaid do bhádar maille ris féin,
comhrag ná cathughadh d'iarraidh orra agus nach
rachadaois chum an chomhraig sin. Adubhra-
dar sain, muna léigfidhe iad féin chum comh-
raig an lae sin nach beidís ar tuilleamh ná
ar tuarastal aige níos faide, agus a léigean
dóibh a gcliú agus a n-oirdhearcas do chur. Do
léig Fionn dóibh dul chum an chomhraig iar
n-a rádh dóibh go n-imtheóchadaois muna
léigfidhe. Dála mhac ríogh na hIndia agus
mhic ríogh Afraice, d'ionnsaigheadar a chéile
go feargach fíor-eascáirdeamhail ain-tréan
agus go fraochda foirniata fearamhail ainmhín agus
budh diachrach dúir-chréachtach do-ionghabhála
an deabhaidh sin; agus fá hardhachta oll-bhorb
ainiarmharthach an urlaidhe sin, agus iar rochtain
d'Fheardhach mac ríogh na hIndia agus do'n
mhacaomh mór chum a chéile do ghabhadar ag
treasgradh agus ag tréan-tuargain a chéile
gur chlos i n-imigéin uatha ar gach taobh i n-a
dtimcheall coigeadal na gclaidheamh d'á
gcomhmbualadh agus siansán na sleagh d'á
sáthadh agus scamall sgiath dá sgoltadh agus is comh-
luaith do theasgadaois a chéile d'á lámhaibh
deasa agus clí, agus budh hiongnadh, iommorra, sians-
sgártha searbh-ghlóracha na mbadhbh gcíocrach
gcainteach ós cionn na bhféinneadh agus na
bhfear-óglach ag iarraidh fola agus feólmhaigh
orra de thoradh borb-bhéimeann na gcuradh
gur dícheannadh mac ríogh na hAfraice do
bhraith-bhéimeannaibh borb-neartmhara mhic
ríogh na hIndia. Níor théarnaidh éalaightheach
beó do mhuintir ríogh na hAfraice nachar
dícheannadh leis an dara mac sain ríogh na
hIndia, an feadh do bhí Feardhach ag déanamh
an chomhraig sin. Do thóg Feardhach an ceann
leis d'ionnsaighe Fhinn agus na Féinne agus budh
subhach solásach do bhádar i longphort Finn agus
ríogh na Sorcha an oidhche sin, agus fá meirtneach
mí-mheanmnach dubhach dubrónach do bhádar i


L. 560


longphort ríogh an domhain ar mhéid an áir agus
na heasbhadha ó Fhionn agus ó n-a mhuintir.



Tugadar an oidhche sin go héirghe gréine
ar n-a bhárach, gurab annsain d'érigh rí
an domhain agus do labhair ré n-a mhuintir do
ghuth árd mhór sholus-ghlan agus is é adubhairt,
“Nach nár díbh a bhfuiltí de chlannaibh ríogh agus
ro-thighearnaí an domhain im' fhochair agus im'
fharradh annso agus ceithre feara déag a hiarthar
na hEórpa ag cur bhar n-áir agus bhar n-eas-
bhadha go laetheamhail, ag díothláithriughadh bhar
ndaoine, ag marbhadh agus ag ciorrbhadh bhar
míleadh, agus mac ríogh Frannc agus mac ríogh
Afraice do thuitim riú, agus nach léigid do
shluaightibh na críche cathughadh ná comhrag do
dhéanamh acht iad féin ag déanamh na n-éacht
agus na n-athacht sin oraibh-se, agus créad do bheir
oraibh-se gan dul d'á n-ionnsaighe agus díorma
dána deagh-shluaigh agus buidhne troma toirt-
eamhla do bhreith libh agus biadh baidhbh agus brain-
eoin do dhéanamh dhíobh.” A haithle an ghríosta
agus an imdheargtha sain tug an rí for maithibh
a mhuintire, d'éirigh a mhac mór-mheanmnach
féin agus adubhairt go rachadh féin do chomhrag
leó an lá sain, agus nach béarfadh leis acht an
oiread do chlannaibh ríogh agus ro-fhlaith agus do bhí
de'n bhFéinn ann agus go dtabharfadaois a
gcinn leó chum an ríogh.



Imthúsa mhic ríogh an domhain, do chuaidh
i dtír agus do bhuaileadar a sgiatha go lonn
loirgnach agus d'iarradar comhrag ar Fhionn agus ar
a mhuintir. D'iarr rí na Sorcha é féin do
léigean chum an chomhraig sin. “Ní léig-
fead,” ar Fionn, “óir is fám' thuairimse ann-
so d'Fhiannaibh Éireann a thángadar sain, agus i
cuibhe cóimh-cheart ár gcomhlann, óir is
amhlaidh atámaoid gan iomarca ná easbhaidh
ar cheachtar againn.” Is amhlaidh do bhí rí
an domhain an tan sin agus inghean álainn aon-
tumhadh aige ar an mór-shluagh sain, agus is í
dob' fhearr dealbh agus déanamh, inneall agus éa-
gcosg de mhnáibh na cruinne ceathardha i n-a
comhaimsir, agus is é dob' ainm di Taise taoibh-
gheal inghean ríogh an domhain, agus do thug sí
sruth sár-ádhbhal seirce agus tuile trom-ghrádha
d'Fhionn mhac Cumhaill ar a áille agus ar a
uirsgéalaibh, agus do ghuidh sí a hathair fá chead
do thabhairt di dul d'fhéachain chomraig an
lae sin, agus gur dhóchaide buaidh an chatha do
bheith ag á mhuintir féin ar an druing
allmhurdha an-aithnid sin .i. Fiann Éireann, a
beith ós a gcomhair agus d'fhiadhnaise orra.
Ceaduigheann an rí sain di. Dála Fhinn agus a
mhuintire do chuadar i n-a n-armaibh agus i n-a
n-éideaibh agus d'ionnsaigheadar mac ríogh an
domhain go n-a mhacaibh ríogh gur an áit i
rabhadar, agus ar rochtain a chéile dhóibh do
rinneadar comhrac colgach céadfadhach croidh-
eamhail cómh-chródha, agus do chomhraig mac ríogh
an domhain agus an Rí Féinne le chéile agus dob'
é sin an comhrag créachtach crith-eaglach agus an
comhthach cosgrach céad-ghoineach agus an deabhaidh
dian díoghbhálach agus an ionnsaighe naimhdeach
neamh-charthannach agus an treas taidhbhreach
trom-ghoineach. Cidh trácht, dob' é crích agus
foircheann an comhraig sin gur dícheannadh
mac ríogh an domhain agus amhuintir go hiomlán
le Fionn mac Cumhaill agus le n-a mhuintir, agus
thugadar na cinn leó d'á gcomhmhaoidheamh,
agus do léigeadh gáir chaointe i longphort ríogh
an domhain, iar dtuitim a mhic agus na mac ríogh
eile do bhí maille ris. Iomthúsa Fhinn,
d'aithin d'á mhuintir feart fairsing fód-
bhuidhe do thochladh do mhac ríogh an domhain,
do mhac ríogh Frannc agus do mhac ríogh na
hAfraice agus do na macaibh ríogh agus ró-thighearnaí
eile do thuit leis sin agus le n-a mhuintir na
laethe roimhe sin, agus do tógbhadh a lia ós a
leacht agus do sgríobhadh a n-anmanna i n-ogham
agus do fearadh a gcuiche caointe.



(Ní críoch.)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services