Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Teacht agus Imtheacht an Ghiolla Dheacair agus Tóruigheacht Chonáin agus A Chuideachtan.
Title
Teacht agus Imtheacht an Ghiolla Dheacair agus Tóruigheacht Chonáin agus A Chuideachtan.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
TEACHT AGUS IMTHEACHT AN GHIOLLA DHEACAIR AGUS TÓRUIGHEACHT CHONÁIN AGUS A CHUIDEACHTAN. Imthúsa Ríogh Thíre-fó-Thuinn, do chuir cruinniughadh agus tiomsughadh ar a shluaightibh agus ar shochaidíbh na críche agus tángadar uile i n-a ndrongaibh diana dána agus i n-a gcomhrannaibh troma taidhbhseacha go harmtha éidighthe innillte do láthair an ríogh agus a mhic, agus gluaisid d'aon aonta go háit na hiorghaile agus an imreasáin. Dála Ridire an ghaisgidh go n-a thrí chaogad gaisgidheach, gluaisid féin agus Diarmuid O Duibhne d'ionnsaighe righ Thíre- fó-Thuinn agus a mhic, agus iar dteacht i bhfogus dá chéile dhóibh, adubhairt Diarmuid le Ridire an ghaisgidh agus le n-a theaghlach fanmhaint ar an láthair sin, agus go rachadh féin an lá sain tar a gcionn uile. Adubhairt Ridire an ghaisgidh nach leigfeadh féin imeasg an oiread sain dá bhíodhbhaidh é agus gur mairg do shamhlóchadh é féin re hiomad curadh agus caithmhíleadh i n-a aonar. “Maiseadh,” ar Diarmuid, “luighim- se fám' armaibh gaisgidh, dá ndeargaidh neach agaibh-se a lann ortha súd i ndiú, ná beidh mise ní bhus faide ar bhar muinnteardhas.” Acht cheana aontuigheas Ridire an ghaisgidh sin dó, gér leisg leis é. Leis sin ceanglann Diarmuid a chorp cruth-áluinn céillidhe i n-a chulaith chatha agus chruaidh-chomhraig, agus do ghluais roimhe d'ionnsaighe na sluaghe agus na sochraide agus gabhann d'á n-oirleach agus d'á n-athchumadh go tréan trom-ardhachta do mharbh-bhuilleadhaibh bríoghmhara borb-neartmhara buan-gháibhtheacha lán-fhaobhracha mear-chalma d'á dheis agus d'á chlí go ráinig tiugh an tsluaigh. Dála Ríogh Thíre-fó-Thuinn, an tan do chonnairc an fheoil- chosaint do-rad Diarmuid O Duibhne ar a mhuinntir, táinig féin i n-a choinne agus i n-a chómhdháil agus síreann comhrac aon-fhir air. Níor mhiadh agus níor mhaiseach le Diarmuid laoch
ar tuinn talmhan do dhiúltadh um chomhrac aon-fhir agus do rinne féin agus mac Ríogh Thíre-fó- Thuinn i gcoinne agus i gcómhdháil a chéile, agus do rinneadar comhrac athgharbh ainmhín ainiar- mharthach re chéile ionnus go dtugadar troigh re taca agus glún le gliaidh agus aghaidh le hiomghoin, agus do bhádar ar an amus sin athaidh fhada agus aimsir imchian ag tolladh agus ag tréan- thuargain a chéile gan choigilt gan fhios tláis, time ná tarcuisne ag ceachtar díobh seach a chéile. Acht cheana d'éirigh a bhruith agus a bhrígh i mac Uí Dhuibhne, agus do thimcheall sé a chéile comhraic, amhail timcheallann féithlionn fíodhbhadh, do chruaidh-bhuilleadhaibh colg-fhíoch- mhara gaoth-namhadacha buan-mharbhthacha go dtug béim claidhmhe do mhac Ríogh Thíre-fó- Thuinn gur theasg a cheann d'á cholainn, agus comhmhaoidheann an gníomh sain ar chách, agus leis sin téid fá'n gcuid eile do shluaightibh an Ríogh agus gabhann d'á éirleach agus d'á n-ath- chumadh ionnus nach ndeachaidh fear inniste sgéil ná maoidhte mór-ghníomh as i n-a bheathaidh de'n mhéid do ráinig Diarmuid an lá sain de shluagh Ríogh Thíre-fó-Thuinn, agus d'imthigh féin gan fuiliughadh gan foirdheargadh air, agus is meanmnach mór-aigeantach mórdhá- lach do bhí Ridire an ghaisgidh agus a theaghlach roimh Dhiarmuid an oidhche sin, agus is dubhach doilbh dobrónach do bhí muinntir Ríogh Thíre- fó-Thuinn an oidhche chéanda ag caoineadh a gcarad agus gcompánach acht go mór-mhór ag caoineadh mic an Ríogh do thuitim san iarghail sin mar aon re cách. Do thugadar as an oidhche sin go maidin ar n-a bhárach do gach leith, agus go moch do ló do ráinig Ridire an ghaisgidh go n-a mhuinntir mar aon re Diarmuid O Duibhne go rángadar áit an chatha agus láthair an bhuailte, agus mar do chonnairc Rí Thíre-fó-Thuinn fá'n dtoichim sin iad, gabhann ag innealughadh agus ag órdughadh a mhuinntire go módhálach agus adubhairt riú láthair an chatha d'ionnsaighe agus beag-nídh do dhéanamh de Ridire an ghaisgidh go n-a mhuinntir, agus go rachadh féin mar aon riú agus go dtiubhradaois dearg-ár Ridire an ghaisgidh go n-a thrí chaogaid laoch ionnus nach áiteóchadh éinneach aca ná d'á sliocht dá n-éis a ríoghacht ná a dtighearnas féin go bruinne an bhrátha ná go foircheann a mbeathadh. Acht cheana, do bhrúcht-dhoirteadar na catha ceachtardha sain i gceann a chéile, agus do ráinig Diarmuid i dtosach na dtréan-ardhachta ag imirt a chleas goile agus gaisgidh ar shluaightibh Ríogh Thíre-fó- Thuinn ionnus go mbudh liosta le n-a luadh nó le n-a fhaisnéis gach gníomhaidheacht mear- chalma dá ndeárnadh do thabhairt chum críche agus d'imthigh féin tré na sluaightibh go ráinig féin agus Rí Thíre-fó-Thuinn a chéile agus ní lugha ná céad fear do goineadh agus do cnáimh-ghear- radh de'n ruathar sin leis le neart sainnte ag rochtain chum an Ríogh, agus an tan rángadar an dá nathair nimhe neamh-eaglacha agus an dá bheithir bheodha buan-tiodhlaictheacha sain a chéile do rónsad comhrac feardha fóirniata athgharbh ainmhín re chéile, ionnus, dá dtigeadh neach ó oirthear na Gréige móire go Críoch na bhFuinneadhach ris a ráidhtear Éire iathghlas oileánach d'fhéachain chatha nó comhraic, gurab d'á bhféachain araon dob 'inteachta dhó. Mar sin dóibh ag sníomh a sainnte re chéile agus an tí nár goineadh i gcath ná i gcomhrac riamh roimhe sin. .i. Rí Thíre-fó-Thuinn, do bhí d'á thraochadh go mór an tan sin le marbh-bhuill- eadhaibh tréan-lúthmhara lán-láidre Dhiar- muda uí Dhuibhne. Acht cheana, gér bh'fhada an dís deaghlaoch sain ag cothughadh a sainnte re chéile, tug Diarmuid béim claidhmhe dhó i gcomhgar na caomh-lúirighe agus a mhuinéil gur sgoith a cheann d'á cholainn ar an láthair sin, agus comhmhaoidheann Diarmuid an gníomh sain go mór, nídh nár bh'iongnadh.
Dála Ridire an ghaisgidh, an feadh do bhí Diarmuid agus an rí ag cathughadh, do chuaidh fá shluaightibh Ríogh Thíre-fó-Thuinn mar aon le n-a trí chaogaid gaisgidheach agus gabhaid d'á n-oirleach agus dá n-athchumadh agus dá dtréan- treasgairt ionnus gur thuiteadar uile bonn re bonn ar an láthair sin acht beagán do chuaidh i muinighin a reatha fó ghleanntaibh dorcha diamhaire do-eólais agus fó chnocaibh corracha maoil-tsléibhe. Iar sin téid Ridire an ghaisgidh agus Diarmuid go n-a mhuinntir d'ionnsaighe an dúna agus an deágh-aruis sin Ríogh Thíre-fó-Thuinn agus do chuireadar gach a raibh san gcathair idir chró agus ionnmhus ar a gcumas féin agus cuirid cruinniughadh ar an méid do mhair de shluaightibh na críche, agus tagaid uile go haon-láthair agus ghealladar uile bheith umhal urramach do Ridire an ghaisgidh agus do ríoghadar d'aon aonta é agus do chuirea- dar a mhionn ríoghdha um cheann. Iomthúsa Dhiarmuda, adubhairt gur mhithid leis dul d'ionnsaighe Fhinn agus na Féinne agus gur bh'fhada leis do bhí sé gan aon fhocal d'á sgéalaibh d'á rochtain, agus go mbudh ró-olc leis a mhean- main gan tuaraisg Chonáin ná a chuideachtan mar an gcéadna do bheith aige. Is annsain d'fhiafruigh Ridire an ghaisgidh de Dhiarmuid cá háit ar ghabh Conán ná a chuideachta nó cáit ar fhágaibh sé Fionn mac Cumhaill ná Fianna glan-áilne Gaedheal; Gurab ann- sain d'innis Diarmuid sgéala an Ghiolla Dheacair agus a chapaill o thúis go deireadh. “Maiseadh,” do ráidh Ridire an ghaisgidh, “luighim-se fá m'armaibh gaisgidh do réir mar fhoillsigheann m'intinn agus m'aigneadh agus m'ealadhna draoidheachta dhomh-sa gurab é Adhbharthach mac Ioldathaigh tháinig ins na riochtaibh sin chugaibh-se agus rug bhar muinntir leis go Tír Tairngire, oir ní fhuil san gcruinne cheathardha duine is lia draoidheacht agus diabhlaidheacht ná é.” Budh luinneach lúth- gháireach Diarmuid iar gclos an sgéil sin, agus ghabh ag gabháil a cheada ag Ridire an ghaisgidh ag a theaghlach. “Maiseadh,” ar Ridire an ghaisgidh, “rachad-sa agus líon mo theaghlaigh ag tabhairt neirt ar lámh riot, gibé áird d'áirdibh an domhain i n-a rachair.” Budh lúthgháireach Diarmuid de'n chuideachtain sin, agus ghluaisid rómpa d'ionnsaighe an chuain agus an chaladh-phúirt ba neasa dhóibh, agus do hullmhuigheadh a longa agus a luath-bharca leó, agus téid ionnta iar sin agus do thógbhadar na seólta il-bhreaca iol-dathach agus na bréide solasda snaith-righne agus gluaisid ar feadh na fairrge falcmhaire fíor-dhoimhne ag lorg agus ag tóruigheacht a mhuinntire, agus ní haithristear sgéalaidheacht ortha go fóill, óir, is mithid linn filleadh ar Fhionn agus ar an druing d'fhan i n-a fhochair ag bun na cairrge feacht eile. Dála Fhinn, do'b iongnadh leis féin agus leis an méid do bhí i n-a fhochair nach fuaradar aon fhocal de sgéalaibh Dhiarmuda ó do chuaidh sé suas uatha chum na cairrge agus adubhradar dá mhac Ríogh na hIndia go rachadaois féin d'iarraidh sgéal dóibh dá mbudh toil le Fionn é. “Beiridh buaidh agus beannacht,” ar Fionn, “agus dob' fhearr linn go dtiocfadh díbh sinn féin do bhreith libh.” Dála cloinne Ríogh na hIndia, gach a bhfuaradar de cháblaidhibh cruadha righne cnáibe san luing do cheangladar i ndiaidh a chéile iad go daingean do-sgaoilte agus téid siad de léim lúthmhair lán-thapaidh go héadtrom éanamhail ar mhullach na cairrge ceann-ghairbhe cloch- amhréidhe suas, agus rugadar ceann na téide leó agus do tharraingeadar Fionn agus an dá fhear déag eile sin d'Fhéinn Éireann do bhí mar aon leis i n-aghaidh na cairrge cinn-shleamhaine suas, agus do ghabhadar ag siubhal na críche agus do leanadar lorg Dhiarmuda i ngach áit i n-ar ghabh sé nó go rángadar an tobar agus do fuaradar lorg na bhféinnidh agus na bhfearóglách
ag comhrac ann, agus do chonncadar fuigheall an fheolmhaigh d'fhágaibh Diarmuid, mar nár chaith sé fuigheall bídh riamh. Níor chian dóibh an tan do chonncadar an marcach san mhuigh anoir gach ndíreach d'á n-ionnsaighe agus each dath- áluinn dubh-dhonn faoi agus srian ór-bhuidhe ris agus iallaid éagsamhail órdha air agus marcach déid-gheal dath-áluinn dealbh-chaoin i nglac- iallaid an eich sin. Tháinig se ar an láthair agus do bheannuigh sé d'Fhionn agus d'Fhiannaibh Éireann agus d'fhear fíor-chaoin fáilte roimhe agus toirbhreann teóra póg d'Fhionn agus tug lámh tar a bhrághaid agus síreann leis é, agus adubhairt leis nár mhaith an t-ionad comhnuighthe an t-ionad sain iar sgíos mara agus mór-fhairrge. Gluaiseann Fionn leis iar sin go n-a mhuinn- tir agus iar mbeith athaidh fhada ag siubhal dóibh do chonncadar na píoláidí ríoghdha ró-mhóra agus an chathair chuanna cheardamhail agus lear curadh agus caithmhíleadh ar faithche na cathrach isteach, agus i n-a dhiaidh sin do rinneadh foth- ragadh dhóibh, agus iar n-a bhfothragadh, tángadar aois ceoil, oirfide agus ealadhan chuca an feadh do bhí a bproinn d'á ullmhughadh dhóibh, agus iar sin tángadar lucht feadhna agus freasdail an dúna agus do thógbhadar bóird altacha órduighthe ós triostalaibh comhghlana cumhduighthe agus do folaigheadh iad do sgóraidibh sgiomhdha d'an- artaibh d'il-chineál gacha datha, agus do suidheadh na sár-shlógha sin do réir a n-uaisle agus a n-athardha, a ndúthchais agus a n-anmann, agus níor cuireadh íseal i n-ionad uasail na daor i n-ionad flaithe acht gach aon i n-a ionad chinnte chomhchuibhe féin, agus do dáileadh deocha diana deagh-mhaiseacha do na deagh-laochaibh, agus biadh nua neamh-ársaidh do na féinnidhibh agus fíonta falcmhara fíor-uaisle agus lionnta réidhe ró-mhilse do na fíor-uaislibh agus do na hárd- mhaithibh gur bhudh measgtha meadair-chaoin iad, agus níor chuimhin le Fionn go bhfuair sé riamh tigheas do dhéanamh air dob' fhearr ná sain. Trí lá agus teóra oidhche dóibh ar an órdughadh sin gan easbaidh bídh ná aoibhneasa ortha, agus i gcionn na rae agus na haimsire sin do comóradh aonach agus oireachtas le Rígh an dúna agus le Fionn agus le sluagh na cathrach sain agus is annsain d'fhiafruigh Fionn de cia hé féin agus créad dob' ainm dó? “Críoch na Sorcha an chríoch-so,” ar sé, “agus is mise is rí uirthi, agus cáit i bhfuilid Fianna glan-áilne Gaedheal le go bhfuilir ar uathadh sluagh agus sochaide?” D'innis Fionn sgéala an Ghiolla Dheacair dó ó thúis go deireadh mar do tháinig sé agus mar a d'imthigh sé uatha, agus mar do rug cúig fear déag ar mhuin a ghearráin do mhaithibh na Féinne leis. “Maiseadh,” ar Rí na Sorcha, “do-bhéar-sa do dhóithin sluaigh agus sochaide dhuit, dá mbeith a n-easbaidh ort agus do-bhéar féin congnamh dhuit an feadh bhus feirrde leat, agus gibé áird d'áirdibh an domhain i n-a rachair, rachad-sa leat.” (Ní críoch).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services