Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Teacht agus Imtheacht an Ghiolla Dheacair agus Tóruigheacht Chonáin agus A Chuideachtan.

Title
Teacht agus Imtheacht an Ghiolla Dheacair agus Tóruigheacht Chonáin agus A Chuideachtan.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 545


TEACHT AGUS IMTHEACHT AN GHIOLLA
DHEACAIR AGUS TÓRUIGHEACHT CHONÁIN AGUS
A CHUIDEACHTAN.



Imthúsa Ríogh Thíre-fó-Thuinn, do chuir
cruinniughadh agus tiomsughadh ar a shluaightibh agus
ar shochaidíbh na críche agus tángadar uile i n-a
ndrongaibh diana dána agus i n-a gcomhrannaibh
troma taidhbhseacha go harmtha éidighthe
innillte do láthair an ríogh agus a mhic, agus gluaisid
d'aon aonta go háit na hiorghaile agus an
imreasáin. Dála Ridire an ghaisgidh go n-a
thrí chaogad gaisgidheach, gluaisid féin agus
Diarmuid O Duibhne d'ionnsaighe righ Thíre-
fó-Thuinn agus a mhic, agus iar dteacht i bhfogus dá
chéile dhóibh, adubhairt Diarmuid le Ridire
an ghaisgidh agus le n-a theaghlach fanmhaint ar
an láthair sin, agus go rachadh féin an lá sain
tar a gcionn uile. Adubhairt Ridire an
ghaisgidh nach leigfeadh féin imeasg an oiread
sain dá bhíodhbhaidh é agus gur mairg do shamhlóchadh
é féin re hiomad curadh agus caithmhíleadh i n-a
aonar. “Maiseadh,” ar Diarmuid, “luighim-
se fám' armaibh gaisgidh, dá ndeargaidh neach
agaibh-se a lann ortha súd i ndiú, ná beidh
mise ní bhus faide ar bhar muinnteardhas.”
Acht cheana aontuigheas Ridire an ghaisgidh
sin dó, gér leisg leis é. Leis sin ceanglann
Diarmuid a chorp cruth-áluinn céillidhe i n-a
chulaith chatha agus chruaidh-chomhraig, agus do ghluais
roimhe d'ionnsaighe na sluaghe agus na sochraide
agus gabhann d'á n-oirleach agus d'á n-athchumadh go
tréan trom-ardhachta do mharbh-bhuilleadhaibh
bríoghmhara borb-neartmhara buan-gháibhtheacha
lán-fhaobhracha mear-chalma d'á dheis agus d'á chlí
go ráinig tiugh an tsluaigh. Dála Ríogh
Thíre-fó-Thuinn, an tan do chonnairc an fheoil-
chosaint do-rad Diarmuid O Duibhne ar a
mhuinntir, táinig féin i n-a choinne agus i n-a
chómhdháil agus síreann comhrac aon-fhir air.
Níor mhiadh agus níor mhaiseach le Diarmuid laoch


L. 546


ar tuinn talmhan do dhiúltadh um chomhrac
aon-fhir agus do rinne féin agus mac Ríogh Thíre-fó-
Thuinn i gcoinne agus i gcómhdháil a chéile, agus do
rinneadar comhrac athgharbh ainmhín ainiar-
mharthach re chéile ionnus go dtugadar
troigh re taca agus glún le gliaidh agus aghaidh le
hiomghoin, agus do bhádar ar an amus sin athaidh
fhada agus aimsir imchian ag tolladh agus ag tréan-
thuargain a chéile gan choigilt gan fhios tláis,
time ná tarcuisne ag ceachtar díobh seach a
chéile. Acht cheana d'éirigh a bhruith agus a bhrígh
i mac Uí Dhuibhne, agus do thimcheall sé a chéile
comhraic, amhail timcheallann féithlionn
fíodhbhadh, do chruaidh-bhuilleadhaibh colg-fhíoch-
mhara gaoth-namhadacha buan-mharbhthacha go
dtug béim claidhmhe do mhac Ríogh Thíre-fó-
Thuinn gur theasg a cheann d'á cholainn, agus
comhmhaoidheann an gníomh sain ar chách, agus leis
sin téid fá'n gcuid eile do shluaightibh an
Ríogh agus gabhann d'á éirleach agus d'á n-ath-
chumadh ionnus nach ndeachaidh fear inniste
sgéil ná maoidhte mór-ghníomh as i n-a
bheathaidh de'n mhéid do ráinig Diarmuid an
lá sain de shluagh Ríogh Thíre-fó-Thuinn, agus
d'imthigh féin gan fuiliughadh gan foirdheargadh
air, agus is meanmnach mór-aigeantach mórdhá-
lach do bhí Ridire an ghaisgidh agus a theaghlach
roimh Dhiarmuid an oidhche sin, agus is dubhach
doilbh dobrónach do bhí muinntir Ríogh Thíre-
fó-Thuinn an oidhche chéanda ag caoineadh a
gcarad agus gcompánach acht go mór-mhór ag
caoineadh mic an Ríogh do thuitim san iarghail
sin mar aon re cách.



Do thugadar as an oidhche sin go maidin
ar n-a bhárach do gach leith, agus go moch do ló
do ráinig Ridire an ghaisgidh go n-a mhuinntir
mar aon re Diarmuid O Duibhne go rángadar
áit an chatha agus láthair an bhuailte, agus mar do
chonnairc Rí Thíre-fó-Thuinn fá'n dtoichim sin
iad, gabhann ag innealughadh agus ag órdughadh
a mhuinntire go módhálach agus adubhairt riú
láthair an chatha d'ionnsaighe agus beag-nídh do
dhéanamh de Ridire an ghaisgidh go n-a
mhuinntir, agus go rachadh féin mar aon riú agus go
dtiubhradaois dearg-ár Ridire an ghaisgidh
go n-a thrí chaogaid laoch ionnus nach áiteóchadh
éinneach aca ná d'á sliocht dá n-éis a ríoghacht
ná a dtighearnas féin go bruinne an bhrátha
ná go foircheann a mbeathadh. Acht cheana, do
bhrúcht-dhoirteadar na catha ceachtardha sain
i gceann a chéile, agus do ráinig Diarmuid i
dtosach na dtréan-ardhachta ag imirt a chleas
goile agus gaisgidh ar shluaightibh Ríogh Thíre-fó-
Thuinn ionnus go mbudh liosta le n-a luadh
nó le n-a fhaisnéis gach gníomhaidheacht mear-
chalma dá ndeárnadh do thabhairt chum críche
agus d'imthigh féin tré na sluaightibh go ráinig
féin agus Rí Thíre-fó-Thuinn a chéile agus ní lugha
ná céad fear do goineadh agus do cnáimh-ghear-
radh de'n ruathar sin leis le neart sainnte
ag rochtain chum an Ríogh, agus an tan rángadar
an dá nathair nimhe neamh-eaglacha agus an dá
bheithir bheodha buan-tiodhlaictheacha sain a
chéile do rónsad comhrac feardha fóirniata
athgharbh ainmhín re chéile, ionnus, dá dtigeadh
neach ó oirthear na Gréige móire go Críoch
na bhFuinneadhach ris a ráidhtear Éire iathghlas
oileánach d'fhéachain chatha nó comhraic, gurab
d'á bhféachain araon dob 'inteachta dhó. Mar
sin dóibh ag sníomh a sainnte re chéile agus an tí
nár goineadh i gcath ná i gcomhrac riamh
roimhe sin. .i. Rí Thíre-fó-Thuinn, do bhí d'á
thraochadh go mór an tan sin le marbh-bhuill-
eadhaibh tréan-lúthmhara lán-láidre Dhiar-
muda uí Dhuibhne. Acht cheana, gér bh'fhada
an dís deaghlaoch sain ag cothughadh a sainnte
re chéile, tug Diarmuid béim claidhmhe dhó
i gcomhgar na caomh-lúirighe agus a mhuinéil gur
sgoith a cheann d'á cholainn ar an láthair sin,
agus comhmhaoidheann Diarmuid an gníomh sain
go mór, nídh nár bh'iongnadh.


L. 547


Dála Ridire an ghaisgidh, an feadh do bhí
Diarmuid agus an rí ag cathughadh, do chuaidh fá
shluaightibh Ríogh Thíre-fó-Thuinn mar aon le
n-a trí chaogaid gaisgidheach agus gabhaid d'á
n-oirleach agus dá n-athchumadh agus dá dtréan-
treasgairt ionnus gur thuiteadar uile bonn
re bonn ar an láthair sin acht beagán do
chuaidh i muinighin a reatha fó ghleanntaibh
dorcha diamhaire do-eólais agus fó chnocaibh
corracha maoil-tsléibhe. Iar sin téid Ridire
an ghaisgidh agus Diarmuid go n-a mhuinntir
d'ionnsaighe an dúna agus an deágh-aruis sin
Ríogh Thíre-fó-Thuinn agus do chuireadar gach a
raibh san gcathair idir chró agus ionnmhus ar a
gcumas féin agus cuirid cruinniughadh ar an
méid do mhair de shluaightibh na críche, agus
tagaid uile go haon-láthair agus ghealladar uile
bheith umhal urramach do Ridire an ghaisgidh
agus do ríoghadar d'aon aonta é agus do chuirea-
dar a mhionn ríoghdha um cheann. Iomthúsa
Dhiarmuda, adubhairt gur mhithid leis dul
d'ionnsaighe Fhinn agus na Féinne agus gur bh'fhada
leis do bhí sé gan aon fhocal d'á sgéalaibh
d'á rochtain, agus go mbudh ró-olc leis a mhean-
main gan tuaraisg Chonáin ná a chuideachtan
mar an gcéadna do bheith aige. Is annsain
d'fhiafruigh Ridire an ghaisgidh de Dhiarmuid
cá háit ar ghabh Conán ná a chuideachta nó
cáit ar fhágaibh sé Fionn mac Cumhaill ná
Fianna glan-áilne Gaedheal; Gurab ann-
sain d'innis Diarmuid sgéala an Ghiolla
Dheacair agus a chapaill o thúis go deireadh.
“Maiseadh,” do ráidh Ridire an ghaisgidh,
“luighim-se fá m'armaibh gaisgidh do réir
mar fhoillsigheann m'intinn agus m'aigneadh agus
m'ealadhna draoidheachta dhomh-sa gurab é
Adhbharthach mac Ioldathaigh tháinig ins na
riochtaibh sin chugaibh-se agus rug bhar muinntir
leis go Tír Tairngire, oir ní fhuil san
gcruinne cheathardha duine is lia draoidheacht
agus diabhlaidheacht ná é.” Budh luinneach lúth-
gháireach Diarmuid iar gclos an sgéil
sin, agus ghabh ag gabháil a cheada ag Ridire an
ghaisgidh ag a theaghlach. “Maiseadh,” ar
Ridire an ghaisgidh, “rachad-sa agus líon mo
theaghlaigh ag tabhairt neirt ar lámh riot,
gibé áird d'áirdibh an domhain i n-a rachair.”
Budh lúthgháireach Diarmuid de'n chuideachtain
sin, agus ghluaisid rómpa d'ionnsaighe an chuain
agus an chaladh-phúirt ba neasa dhóibh, agus do
hullmhuigheadh a longa agus a luath-bharca leó, agus
téid ionnta iar sin agus do thógbhadar na seólta
il-bhreaca iol-dathach agus na bréide solasda
snaith-righne agus gluaisid ar feadh na fairrge
falcmhaire fíor-dhoimhne ag lorg agus ag
tóruigheacht a mhuinntire, agus ní haithristear
sgéalaidheacht ortha go fóill, óir, is mithid
linn filleadh ar Fhionn agus ar an druing d'fhan
i n-a fhochair ag bun na cairrge feacht eile.



Dála Fhinn, do'b iongnadh leis féin agus leis
an méid do bhí i n-a fhochair nach fuaradar
aon fhocal de sgéalaibh Dhiarmuda ó do
chuaidh sé suas uatha chum na cairrge agus
adubhradar dá mhac Ríogh na hIndia go
rachadaois féin d'iarraidh sgéal dóibh dá
mbudh toil le Fionn é. “Beiridh buaidh agus
beannacht,” ar Fionn, “agus dob' fhearr linn go
dtiocfadh díbh sinn féin do bhreith libh.” Dála
cloinne Ríogh na hIndia, gach a bhfuaradar
de cháblaidhibh cruadha righne cnáibe san luing
do cheangladar i ndiaidh a chéile iad go
daingean do-sgaoilte agus téid siad de léim
lúthmhair lán-thapaidh go héadtrom éanamhail
ar mhullach na cairrge ceann-ghairbhe cloch-
amhréidhe suas, agus rugadar ceann na téide
leó agus do tharraingeadar Fionn agus an dá fhear
déag eile sin d'Fhéinn Éireann do bhí mar aon
leis i n-aghaidh na cairrge cinn-shleamhaine
suas, agus do ghabhadar ag siubhal na críche agus do
leanadar lorg Dhiarmuda i ngach áit i n-ar
ghabh sé nó go rángadar an tobar agus do
fuaradar lorg na bhféinnidh agus na bhfearóglách


L. 548


ag comhrac ann, agus do chonncadar fuigheall
an fheolmhaigh d'fhágaibh Diarmuid, mar nár
chaith sé fuigheall bídh riamh. Níor chian dóibh an
tan do chonncadar an marcach san mhuigh anoir
gach ndíreach d'á n-ionnsaighe agus each dath-
áluinn dubh-dhonn faoi agus srian ór-bhuidhe ris
agus iallaid éagsamhail órdha air agus marcach
déid-gheal dath-áluinn dealbh-chaoin i nglac-
iallaid an eich sin. Tháinig se ar an láthair
agus do bheannuigh sé d'Fhionn agus d'Fhiannaibh
Éireann agus d'fhear fíor-chaoin fáilte roimhe
agus toirbhreann teóra póg d'Fhionn agus tug lámh
tar a bhrághaid agus síreann leis é, agus adubhairt
leis nár mhaith an t-ionad comhnuighthe an
t-ionad sain iar sgíos mara agus mór-fhairrge.
Gluaiseann Fionn leis iar sin go n-a mhuinn-
tir agus iar mbeith athaidh fhada ag siubhal dóibh
do chonncadar na píoláidí ríoghdha ró-mhóra
agus an chathair chuanna cheardamhail agus lear
curadh agus caithmhíleadh ar faithche na cathrach
isteach, agus i n-a dhiaidh sin do rinneadh foth-
ragadh dhóibh, agus iar n-a bhfothragadh, tángadar
aois ceoil, oirfide agus ealadhan chuca an feadh
do bhí a bproinn d'á ullmhughadh dhóibh, agus iar
sin tángadar lucht feadhna agus freasdail an
dúna agus do thógbhadar bóird altacha órduighthe
ós triostalaibh comhghlana cumhduighthe agus do
folaigheadh iad do sgóraidibh sgiomhdha d'an-
artaibh d'il-chineál gacha datha, agus do suidheadh
na sár-shlógha sin do réir a n-uaisle agus a
n-athardha, a ndúthchais agus a n-anmann, agus níor
cuireadh íseal i n-ionad uasail na daor i
n-ionad flaithe acht gach aon i n-a ionad
chinnte chomhchuibhe féin, agus do dáileadh deocha
diana deagh-mhaiseacha do na deagh-laochaibh,
agus biadh nua neamh-ársaidh do na féinnidhibh agus
fíonta falcmhara fíor-uaisle agus lionnta réidhe
ró-mhilse do na fíor-uaislibh agus do na hárd-
mhaithibh gur bhudh measgtha meadair-chaoin
iad, agus níor chuimhin le Fionn go bhfuair sé
riamh tigheas do dhéanamh air dob' fhearr ná
sain. Trí lá agus teóra oidhche dóibh ar an
órdughadh sin gan easbaidh bídh ná aoibhneasa
ortha, agus i gcionn na rae agus na haimsire sin
do comóradh aonach agus oireachtas le Rígh an
dúna agus le Fionn agus le sluagh na cathrach sain
agus is annsain d'fhiafruigh Fionn de cia hé
féin agus créad dob' ainm dó? “Críoch na
Sorcha an chríoch-so,” ar sé, “agus is mise is rí
uirthi, agus cáit i bhfuilid Fianna glan-áilne
Gaedheal le go bhfuilir ar uathadh sluagh agus
sochaide?” D'innis Fionn sgéala an Ghiolla
Dheacair dó ó thúis go deireadh mar do
tháinig sé agus mar a d'imthigh sé uatha, agus mar
do rug cúig fear déag ar mhuin a ghearráin
do mhaithibh na Féinne leis. “Maiseadh,” ar
Rí na Sorcha, “do-bhéar-sa do dhóithin sluaigh
agus sochaide dhuit, dá mbeith a n-easbaidh ort
agus do-bhéar féin congnamh dhuit an feadh bhus
feirrde leat, agus gibé áird d'áirdibh an
domhain i n-a rachair, rachad-sa leat.”



(Ní críoch).

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services